Renewal rate per country

Ó cuireadh tús in CESE le staitisticí maidir le comhaltas an Choiste a bhailiú in 2010, taifeadadh an líon is airde comhaltaí nua agus comhaltaí ban i mbliana, is é sin don téarma oifige 2020-2025. In Éirinn, is comhaltaí nua iad 33% agus is mná iad 22.22%.

Tá céatadán na mban sa Choiste níos airde ná mar a bhí riamh: 33% an uair seo i gcomparáid le 28% in 2015 agus 24.7% in 2010. (féach graf 3)

Anuas air sin, don chéad uair le 15 bliana anuas, tá an Coiste faoi cheannas mná. Is í an tOstarach Christa Schweng, ó Ghrúpa na bhFostóirí, atá i gceannas ar an gCoiste.

Is iad an Eastóin, le 85.71%, agus an tSeicia agus an Chróit, a bhfuil ráta 66.67% acu araon, na tíortha a bhfuil an líon is airde de chomhaltaí ban acu. Ar an taobh eile den scéal, níor ceapadh bean ar bith ón bPortaingéil ná ón gCipir ina comhalta. Tá cothromaíocht iomlán idir na hinscní aimsithe ag an tSualainn. (féach graf 2)

Ar an iomlán, is airde líon na gcomhaltaí ban ná líon na gcomhaltaí fear i seacht dtír (sna tíortha sin a luadh cheana chomh maith leis an Ungáir, an Laitvia, an Liotuáin agus an Fhrainc).

Maidir leis na trí ghrúpa as a bhfuil CESE comhdhéanta, tá an líon is airde comhaltaí ban le sonrú i nGrúpa na nOibrithe (37.96%), tá an líon is ísle le sonrú i nGrúpa na bhFostóirí (28.39%) agus tá an Grúpa “Éagsúlacht Eoraip” idir eatarthu (32.17%).

Sula ndearnadh an téarma oifige a athnuachan, leagadh béim sna treoirlínte a d'ullmhaigh Comhairle an Aontais Eorpaigh ina thaobh ar an ngá atá leis an gcothromaíocht inscne a chinntiú sa Choiste. Cé gurb í an Chomhairle atá freagrach go foirmiúil as comhaltaí nua CESE a cheapadh, is iad rialtais na mBallstát a chuireann ainmneacha na gcomhaltaí chun cinn tar éis dóibh comhairle a fháil ó chomhpháirtithe sóisialta agus ó eagraíochtaí eile a bhaineann leis an tsochaí shibhialta.

137 gcomhalta nua as 329 san iomlán atá ann an babhta seo, rud a chiallaíonn gurb é seo an céatadán de chomhaltaí nua in CESE (41.64%) is airde ar na trí théarma oifige (2010, 2015 agus 2020) a thógáil le chéile. Is ardú 30% é sin ar líon na gcomhaltaí nua in 2010 agus is ardú 40.29% é i gcomparáid le 2015. (féach graf 4)

Ós rud é go bhfuil cúigear comhaltaí nua as seachtar ag an Laitvia agus ag an Eastóin araon, is iontu a fheictear an ráta athnuachana is airde ar fad. Sa tír a bhfuil an ráta athnuachana is ísle inti, an Bhulgáir, is comhaltaí nua iad beirt as dháréag. (féach graf 1)

 

Maidir le líon na gcomhaltaí atá i mbun a gcéad téarma oifige, is i nGrúpa na nOibrithe atá an líon is ísle díobh (39 as 108), is sa Ghrúpa “Éagsúlacht Eoraip” atá an líon is airde (52 as 115), agus tá Grúpa na bhFostóirí idir eatarthu (46 as 106).

Ó thaobh aoise de, tá an comhalta is óige 27 mbliana d’aois agus tá an comhalta is sine 76 bliana d’aois. Is é 55 bliana meánaois na gcomhaltaí.

I gcomparáid le Parlaimint na hEorpa agus le Coiste na Réigiún a dhéantar a athnuachan ar bhonn rialta freisin, más ar dhóigh eile é, is ísle céatadán na gcomhaltaí nua agus na gcomhaltaí ban in CESE ná sa Pharlaimint (58.5% agus 40.4% faoi seach), ach is airde iad ná i gCoiste na Réigiún (31% agus 29.1%). (dm)