European Economic
and Social Committee
Ní mór an ghné shóisialta a chur san áireamh i rialacha nua maidir le táirgí inbhuanaithe
Ag an seisiún iomlánach a bhí aige i mí Iúil, d’iarr Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) ar an gCoimisiún Eorpach gnéithe sóisialta na bpríomhthograí a neartú chun rialacha an Aontais maidir le táirgí inbhuanaithe, éicidhearthóireacht agus teicstílí inbhuanaithe a ailíniú.
Ghlac CESE tuairimí maidir le treochlár an Choimisiúin i dtaca le tairgí inbhuanaithe, cuir i gcás 'Féachaint leis gur táirgí inbhuanaithe an gnás', rialachán nua maidir le héicidhearthóireacht agus straitéis um theicstílí inbhuanaithe.
Tá na tograí mar chuid de phlean nua an Aontais don gheilleagar ciorclach agus cuirfidh siad leis na hiarrachtaí chun go mbeidh an Eoraip ag brath níos lú ar acmhainní i bhfianaise na ngéarchéimeanna atá ann faoi láthair, lena n-áirítear paindéim COVID-19, cogadh na Rúise ar an Úcráin agus an t-athrú aeráide.
Sa tuairim maidir leis an treochlár um tháirgí inbhuanaithe agus leis an rialachán maidir leis an éicidhearthóireacht, chuir CESE in iúl nach mbeidh rath ar an straitéis um an ngeilleagar ciorclach ach amháin má tá idir tháirgeoirí, thomhaltóirí agus oibrithe, chomh maith leis na húdaráis, rannpháirteach ann agus ar an eolas i gceart ina thaobh.
Beidh gá le rialacha soiléire fónta comhsheasmhacha chun é a chur chun feidhme go rathúil. Tá gá leo sin chun a áirithiú go mbeidh táirgí inbhuanaithe iomaíoch agus chun go mbeidh an t-aistriú chuig geilleagar ciorclach níos cuimsithí.
Raon feidhme níos leithne do rialachán nua maidir le héicidhearthóireacht
Má tá an t-aistriú chuig an ngeilleagar ciorclach le baint amach, tá gá le ceanglais nua ó thaobh táirgí de, maidir le marthanacht, indeisitheacht, athchúrsáil, tionchar ar an gcomhshaol agus astaíochtaí CO2, mar shampla, agus le rialacha feabhsaithe maidir leis an bhfaisnéis a roinntear le pasanna táirgí digiteacha agus lipéid dhigiteacha.
Ar an drochuair, déanann an rialachán atá beartaithe neamhaird ar an ngné shóisialta den scéal. Ní móide gur leor an tagairt a dhéantar ann don togra ón gCoimisiún maidir leis an Treoir i dtaca le Dícheall Cuí maidir le hInbhuanaitheacht Chorparáideach.
Tá gá le fócas níos láidre ar chearta oibrithe agus ar shaothar leanaí
I dtuairim ar leith ó CESE maidir le teicstílí inbhuanaithe, chuir CESE i bhfios go láidir go bhfuil gá le béim níos mó a leagan ar ghnéithe sóisialta in earnáil na dteicstílí, go háirithe ar chearta oibrithe agus ar chómhargáil. Tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí bearta diana lena gcuirfí toirmeasc ar an gcaidreamh eacnamaíoch le gnólachtaí a úsáideann saothar leanaí nó nach n-áirithíonn dálaí oibre cuibhiúla.
Ina theannta sin, molann CESE gur cheart do dhaoine éadaí a cheannach agus a chaitheamh ar bhonn freagrachta
I gcomhréir leis an méid sin go léir, tá gá le hinfheistíochtaí agus cláir chun feabhas a chur ar chumas na gcomhlachtaí cigireachta agus ar chumas oibríochtúil na gcomhpháirtithe sóisialta faireachán a dhéanamh ar chomhaontuithe domhanda agus ar chearta oibrithe.
Ar deireadh, chun cothromaíocht a áirithiú idir gnólachtaí agus gníomhaithe eile de chuid na slabhraí soláthair teicstíle, molann CESE dea-chleachtais dhomhanda a chur chun cinn ó thaobh na hinbhuanaitheacht de. (ks)