Spreagadh na milliúin daoine óga ar fud an domhain chun gnímh mar thoradh ar an éigeandáil aeráide atá romhainn, éigeandáil a chuireann todhchaí go leor de na daoine óga sin i mbaol go mór. Anuas air sin, is iad na daoine óga a léirigh arís agus arís eile an fuinneamh, an chruthaitheacht agus an spreagadh atá iontu dul i gcoinne na samhlacha neamh-inbhuanaithe reatha agus an lucht ceaptha beartas a spreagadh beartais uaillmhianacha a ghlacadh. Mar sin féin, tá bearna leathan fós idir an éisteacht a thugtar don mhéid atá le rá acu agus an beart a dhéantar de réir an bhriathair sin.
Tá CESE den tuairim go bhfuil rannpháirtíocht strúchtúrtha agus foirmiúil na n-óg ríthábhachtach ag gach céim de phróiseas cinnteoireachta an Aontais. Sa tuairim seo, mar sin, tá iarracht á déanamh aige an bhearna sin a laghdú.
“Tá uaillmhian, ceannaireacht agus gníomhaíocht de dhíth ar an Eoraip, agus ar an domhan fiú. Tá ár gcórais ag tarraingt as acmhainní na todhchaí agus is mithid tosú ar infheistíocht a dhéanamh sa todhchaí chéanna sin”, a dúirt Cillian Lohan, rapóirtéir na tuairime.
Sa chomhthéacs sin, molann CESE Cruinnithe Comhchéime a chur ar bun leis an aos óg i réimse na haeráide agus i réimse na hinbhuanaitheachta. Is é CESE a thionólfadh na cruinnithe sin i gcomhar leis an gCoimisiún agus leis an bParlaimint. Molann sé freisin toscaire de chuid an aosa óig a bheith páirteach i dtoscaireacht oifigiúil an Aontais a ghlacfaidh páirt i gcruinnithe UNFCCC-COP.
Uair sna naoi n-airde a fhaightear deis mar seo míchothromaíochtaí córasacha a leigheas agus céimeanna a ghlacadh i dtreo todhchaí níos fearr. (mr)