DUAIS NA DLÚTHPHÁIRTÍOCHTA SIBHIALTA – Duais dóibh siúd is fearr inár measc

A léitheoirí dile,

Tá an t-am sin den bhliain buailte linn arís nuair is gnách linn duais shuaitheanta CESE – Duais na Sochaí Sibhialta – a sheoladh chun aitheantas a thabhairt do thionscadail den scoth de chuid na sochaí sibhialta agus daoine aonair inar cuireadh ár gcomhluachanna Eorpacha chun cinn agus trínar neartaíodh an fhéiniúlacht Eorpach. Gach bliain, roghnaímid téama tábhachtach don duais agus ceiliúraimid an méid atá bainte amach ag an tsochaí shibhialta sa réimse áirithe sin dá cuid oibre. In 2019, b’iad siúd a throid ar son chumhachtú na mban agus an chomhionannais inscne a bhuaigh an 11ú heagrán de chomórtas Dhuais na Sochaí Sibhialta.

Ach ní gnáthbhliain í 2020 agus tá an cinneadh déanta againn go bhfuil gá le duais as cuimse i mbliana. Óir ní dhéanfar dearmad ar an mbliain seo de bharr go raibh sí ar cheann de na tréimhsí is crua le roinnt blianta anuas. Nuair a bhuail COVID-19 an Eoraip, tháinig sé aniar aduaidh orainn agus rinneadh slad ar go leor bealaí éagsúla dá bharr. Fuair na mílte bás mar gheall air, nó rinneadh an-dochar dá sláinte, agus tá na córais sláinte ar tí titim as a chéile dá bharr. Chuir an tAontas iachall ar thíortha ordú dianghlasála a chur i bhfeidhm, rud a bhí ina bhuille trom ar a gcuid geilleagar agus sochaithe. Fágadh na mílte Eorpach gan obair agus cuirfear leis an líon sin mar gheall go bhfuil díth maoine, nó bochtaineacht fiú, i ndán do go leor daoine. Bhí ar go leor gnólachtaí, go háirithe gnólachtaí beaga agus meánmhéide, dúnadh mar gheall ar na horduithe dianghlasála a cuireadh i bhfeidhm ar fud an domhain. Tá go leor eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta ag tabhairt faoi deara go bhfuil an spás ina n-oibríonn siad ag éirí níos lú arís mar gheall ar an gcoraintín agus na bearta maidir le scaradh sóisialta nó tá sé ag dul crua orthu teacht slán as seo ar fad de bharr gur laghdaíodh, nó go laghdófar, an maoiniú a fhaigheann siad.

Mar a tharlaíonn i gcás piolóidí eile chomh maith, ní hamháin gur chothaigh ráig an choróinvíris an t-olc i ndaoine ach spreag sé an maitheas atá iontu freisin. Tá go leor daoine aonair agus eagraíochtaí tar éis iad féin a spreagadh chun cabhrú leo siúd is mó atá thíos leis an ngéarchéim nó tá iarrachtaí ollmhóra déanta acu chun cabhrú leis na daoine is leochailí inár measc. Chuir cuid eile acu tús le tionscadail éagsúla arb é is aidhm dóibh ná iarmhairtí na paindéime a mhaolú. Tá sé léirithe acu ar fad go bhfuil an dlúthpháirtíocht ríthábhachtach chun an ghéarchéim atá i ndán don Eoraip a shárú, géarchéim ar scála nach bhfacthas a leithéid ó aimsir an Dara Cogadh Domhanda.

Ó thús na paindéime, dhírigh CESE a chuid gníomhaíochtaí uile ar COVID-19 agus ar bhealaí a aimsiú chun na héifeachtaí tubaisteacha a ghabhann leis a shárú. Seachas an obair atá déanta acu trínár gCoiste, thug comhaltaí CESE faoi thionscnaimh áitiúla chomh maith agus iad ag obair ina n-eagraíochtaí náisiúnta féin. D’fhonn cé chomh tiomanta agus atá siad do dhul i ngleic le géarchéim an choróinvíris a léiriú, tá mír speisialta cruthaithe againn ar ár leathanach gréasáin "An tsochaí shibhialta i gcoinne COVID-19", a bhailíonn le chéile os cionn 50 dá gcuid scéalta.

Ní haon údar iontais é, mar sin, go bhfuilimid ag tiomnú ár nduais shuaitheanta bhliantúil don chomhrac i gcoinne an choróinvíris. D'athraíomar ainm na duaise fiú chun é seo a chur in iúl agus is cúis bhróid dom a rá go bhfuilimid ag seoladh leagan speisialta uathúil i stair na duaise seo againne i mbliana – Duais na Dlúthpháirtíochta Sibhialta. Leis an duais seo, is mian linn aird a tharraingt ar an rannpháirtíocht, ar an toilteanas chun gníomhú agus ar an obair atá déanta ag sochaí shibhialta na hEorpa agus ag go leor daoine aonair chomh maith i gcoinne an choróinvíris agus na n-iarmhairtí atá aige. Is mian linn aird a tharraingt ar an dlúthpháirtíocht sin nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe a léiríodh le linn na tréimhse corraí seo. Is mian linn chomh maith aitheantas a thabhairt do mhisneach daoine agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta araon, don mhéid atá déanta acu agus don tuiscint dhochreidte atá acu ar an bhfreagracht.

Bronnfar Duais na Dlúthpháirtíochta Sibhialta ar thionscadail neamhbhrabúsacha a dhéanann daoine aonair, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus gnólachtaí san Aontas agus sa Ríocht Aontaithe. In ionad an chúigir buaiteoirí a bhíonn againn gach bliain de ghnáth, chinneamar go mbeadh 29 mbuaiteoir againn i mbliana – ceann amháin ó gach Ballstát, ceann ón Ríocht Aontaithe agus buaiteoir eile a thaispeáin fócas trasteorann nó Eorpach. In ainneoin go bhfuil an Ríocht Aontaithe ag fágáil an Aontais Eorpaigh, níor theastaigh uainn an t-iar-Bhallstát a fhágáil as ár gcomórtas. Leis an mbeart seo, is mian le CESE a léiriú nach bhfuil sé i gceist aige droim láimhe a thabhairt le sochaí shibhialta na Ríochta Aontaithe ach – os a choinne sin – nár mhaith leis an gCoiste an dlúthchaidreamh sin a chailleadh.

Measaimid go mbeimid in ann léargas breá a thabhairt ar gach rud atá bainte amach ag an tsochaí shibhialta le linn na míonna fada seo .

Óir táimid sa bhád céanna. Ní neart go cur le chéile! Seasaimis gualainn ar ghualainn le chéile agus léirímis dlúthpháirtíocht, flaithiúlacht agus freagracht. Beimid ag súil go mbeidh na trí thréith sin ag buaiteoirí na bliana seo. Sin a bheidh á lorg againn.

Isabel Cano Aguilar

Leas-Uachtarán ar CESE atá freagrach as an gCumarsáid