Philip von Brockdorff: buntáistí agus míbhuntáistí an tsaoil ar líne

Is é mo thuairim féin go raibh idir an mhaith agus an t-olc i gceist leis an dianghlasáil. Ar thaobh amháin, toisc go raibh mé ag obair ón mbaile, bhí níos mó ama agam ná mar a bhí riamh le caitheamh le mo chlann. Ar an taobh eile, bhí orm socruithe a dhéanamh chun seomra i mo theach a thiontú ina oifig. Bhíodh a lán frustrachais i gceist leis uaireanta nuair a bhímis sáinnithe sa bhaile ar feadh tréimhsí fada. Is é an leigheas a bhíodh agamsa air am a chur i leataobh don chaitheamh aimsire is ansa liom: éisteacht le ceol ar mo chóras Hi-Fi.

Múinteoir ollscoile mé agus d’airigh mé uaim an teagmháil a bhíodh agam leis na mic léinn i léachtaí. Bhí teagmháil áirithe agam leo, ar ndóigh, ar Zoom agus Panopto, ach ní hí an teagmháil chéanna í agus a bhíonn agat sa seomra ranga.

Ón dearcadh acadúil, ceann de na rudaí a d’fhoghlaim mé ná an chaoi le hidirghníomhú leis na mic léinn ar líne. Cé go gcreidim gur modh teagaisc níos fearr é a bheith sa seomra ranga, is fiú glacadh leis gurb í an fhoghlaim chumaisc an modh teagaisc a bheidh againn uaidh seo amach.

Ghlac mé páirt freisin i roinnt cruinnithe ar líne, agus bhí siad chomh héifeachtach céanna ar an mórgóir le gnáthchruinnithe i seomra. D’fhéadfaí fiú leanúint de roinnt de na cruinnithe a thionól ar líne, roinnt de chruinnithe CESE san áireamh.

Amach ó mo thaithí phearsanta féin, thug an dianghlasáil fírinní áirithe chun solais – go raibh roinnt gníomhaíochtaí eacnamaíocha ann nach raibh inbhuanaithe de réir cosúlachta agus roinnt eile nach raibh an teacht aniar iontu a rabhamar ag súil leis. Dá bhrí sin, is gá athsmaoineamh a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha i gcoitinne, agus dá luaithe a dhéanfar sin is ea is fearr é. Ach is dealraitheach go mbeidh sé deacair ar a lán daoine déileáil le héifeachtaí COVID-19 agus leis an aistriú go geilleagar níos buanseasmhaí agus níos inbhuanaithe.

Caithfidh mé a admháil go raibh mé ar dhuine de na daoine sin a raibh an t-ádh orthu, sin le rá go raibh mé in ann a bheith ag teagasc ar líne agus teagmháil a bheith agam arís le mo mhic léinn taobh istigh de sheachtain nó dhó. Is dócha gur tháinig méadú ar an ualach oibre toisc nach raibh mé ag caitheamh am i mbun taistil mar a bhínn roimhe seo. Bhí mé fós in ann bualadh le comhghleacaithe de mo chuid ar líne, comhghleacaithe ón ollscoil agus ó áiteanna eile.

Ach is eol dom a lán daoine ar cuireadh isteach go mór ar a gcuid oibre nó ar cuireadh stop lena gcuid oibre. Tá a lán acu fós ag fáil tacaíocht ón stát, agus tá an tacaíocht sin ag dul i laghad de réir mar atá an dáta deiridh ag teannadh linn. Tá a bpost caillte ag a lán daoine freisin, agus beidh sé i bhfad níos deacra dóibh siúd go háirithe obair a aimsiú anois. Is dealraitheach go dtiocfaidh méadú ar an dífhostaíocht i measc an aosa óig, mic léinn san áireamh, agus go nglacfaidh sé cúpla bliain ar a laghad sula mbeidh na geilleagair ar ais mar a bhí siad in 2019.

Toisc gur duine acadúil mé, is é an chéad rud a dhéanfainn freastal arís ar chomhdhálacha, áit ar féidir liom bualadh le comhghleacaithe agus plé a dhéanamh ar ábhair eacnamaíocha ar comhspéis linn iad. Ina dhiaidh sin, thabharfainn cuairt ar roinnt cairde i Málta atá tugtha do threalamh fuaime mar atá mé féin agus roinnfimis ár dtaithí agus ár n-eolas ar chórais fuaime le chéile.