An 17 Meitheamh, reáchtáil Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) agus an Coimisiún Comhairleach um Athrú Tionsclaíoch (CCMI) in CESE díospóireacht bhríomhar inar scrúdaíodh tuairimí na sochaí sibhialta eagraithe tar éis don Choimisiún Eorpach an nuashonrú ar an Straitéis Tionsclaíochta Nua a fhoilsiú. Sa díospóireacht sin, arb í an chéad díospóireacht í mar chuid de shraith comhghníomhaíochtaí le rannóga CESE ar an ábhar, ceistíodh an bhfuil go leor gnéithe sa straitéis nuashonraithe chun feabhas a chur ar athléimneacht agus neamhspleáchas straitéiseach thionscal an Aontais. 

An 5 Bealtaine 2021, nuashonraigh an Coimisiún Straitéis Tionsclaíochta an Aontais chun a chinntiú go gcuirfear san áireamh i bhfís na straitéise maidir le hearnáil na tionsclaíochta go bhfuil cúinsí nua ann anois i bhfianaise ghéarchéim COVID-19 agus go spreagfar an t-aistriú chun geilleagar níos inbhuanaithe, níos digití, níos athléimní, agus atá níos iomaíche ar fud an domhain, a chur ar bun.

Dúirt Pietro Francesco De Lotto, Cathaoirleach CCMI agus an cathaoirleach a bhí ar an díospóireacht freisin, go bhfuil: “dlús curtha ag paindéim COVID-19 le go leor próiseas a bhí ar siúl cheana féin. Ní fhacthas riamh an luas a raibh ar an tsochaí agus ar an tionscal próisis digitithe a ghlacadh le 16 mhí anuas agus is athruithe ceannródaíocha atá feicthe againn; ar an gcéad dul síos, na slabhraí soláthair, ansin an trealamh leighis agus, ina dhiaidh sin, na vacsaíní. ”

Chuir Alain Coheur, Cathaoirleach ar an Rannóg um an Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas (INT), a bhí ina chomhchathaoirleach ar an díospóireacht, síos ar an gcomhthéacs ina ndéantar obair an dara painéal, agus dúirt: “Thug an ghéarchéim saincheisteanna eile chun tosaigh, saincheisteanna nach raibh luaite sa chéad Teachtaireacht maidir leis an straitéis tionsclaíochta i mí an Mhárta 2020. Ní mór an ghéarchéim seo a fheiceáil mar dheis chun neamhspleáchas tionsclaíoch a thabhairt don limistéar Eorpach”.

Dúirt Anthony Whelan, comhairleoir digiteach dʼUachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula Von der Leyen, agus é ag cur uirlisí an Choimisiúin i láthair chun spleáchas an Aontais a mheas: “Inár gcleachtadh ón mbun aníos, dʼaithníomar líon an-teoranta réimsí ina bhfuil an tAontas ina iomláine i gcleithiúnas a chuireann imní orainn.”

Beidh sraith díospóireachtaí ag CESE ar an straitéis tionsclaíochta: seacht gcinn de sheimineáir ghréasáin, ag tosú leis an gceann reatha an 17 Meitheamh. Tá díospóireacht deiridh ardleibhéil beartaithe do mhí an Mhárta 2022. (ks)