Tacaíonn CESE le glasú an iompair, ach cuireann sé i dtábhacht nach mór don aistriú fuinnimh a bheith cothrom agus roghanna réadúla inmharthana a chur ar fáil lena gcuirfear gnéithe agus riachtanais shonracha eacnamaíocha agus shóisialta na réigiún uile san Eoraip san áireamh, lena n-áirítear ceantair thuaithe.

Is é sin an phríomhtheachtaireacht a chuirtear chun tosaigh sa tuairim a dhréachtaigh Pierre Jean Coulon agus Lidija Pavić-Rogošić agus a glacadh ag seisiún iomlánach CESE i mí an Mheithimh. Ghlac CESE seasamh docht sa mheasúnú uaidh ar Pháipéar Bán 2011 maidir le hIompar, arb é is aidhm dó deireadh a chur le spleáchas an chórais iompair ar ola gan dochar a dhéanamh don éifeachtúlacht ná an tsoghluaisteacht a chur i mbaol.

Ní ghlacfar le srian a chur le modhanna iompair: cómhódúlacht an aidhm ba cheart a bheith ann seachas aistriú córa iompair. Ina theannta sin, ní mór don aistriú éiceolaíoch a bheith cothrom ó thaobh na sochaí de agus iomaíochas an iompair Eorpaigh a chaomhnú, agus an Limistéar Iompair Eorpach á chur chun feidhme ina iomláine mar chuid den Mhargadh Aonair. Is trua go bhfuil moilleanna ann i ndáil leis sin.

“Ní ghlacfar ach an oiread le srian a chur leis an tsoghluaisteacht. Tacaímid le haon bheart arb é is aidhm dó an t-iompar a dhéanamh níos éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de agus astaíochtaí a laghdú,” arsa an tUasal Coulon. “Tréimhse achrannach atá ann don Eoraip faoi láthair, ach níor cheart athrú cúrsa a bheith mar thoradh air sin i ndáil le hionchais shóisialta agus chomhshaoil na dtionscnamh Eorpach éagsúil.”

Molann CESE freisin malartú barúlacha atá oscailte, leanúnach agus trédhearcach a bheith ann i dtaca le cur chun feidhme an Pháipéir Bháin. “Tarraingíonn an Coiste aird ar an tábhacht a bhaineann le tacaíocht na sochaí sibhialta agus na ngeallsealbhóirí a chinntiú, lena n-áirítear trí idirphlé rannpháirteach”, a dúirt Pavić-Rogošić. “Beidh tuiscint mhaith ar na spriocanna straitéiseacha agus glacadh ginearálta leo an-chabhrach chun dea-thorthaí a bhaint amach.” (mp)