Gach mí, cuirimid aoi speisialta i láthair, duine mór le rá a roinnfidh a thuairim nó a tuairim faoi chúrsaí reatha linn: duine a thabharfaidh dearcadh úrnua dúinn ar an saol, a spreagfaidh sinn agus a chuirfidh ar an eolas sinn faoi shaol an lae inniu. In eagrán mhí an Mhárta, is cúis áthais dúinn fáilte a chur roimh Herman Van Rompuy, an chéad Uachtarán de chuid na Comhairle Eorpaí, a thabharfaidh léargas dúinn ar dhúshláin reatha na hEorpa.

Polaiteoir na Beilge agus na hEorpa agus iar-Phríomh-Aire na Beilge (2008-2009) is ea Herman Van Rompuy, Uachtarán Ionad Beartais na hEorpa. Ina cháil mar Uachtarán ar an gComhairle Eorpach (2009-2014), bhí ról lárnach aige i bhfreagairt an Aontais ar an ngéarchéim airgeadais agus i gcreat rialachas eacnamaíoch na hEorpa a neartú.

Ina cháil mar Uachtarán ar an gComhairle Eorpach, chuidigh Herman Van Rompuy leis an Aontas Eorpach a stiúradh trí thréimhse de dhúshláin mhóra: géarchéim an fhiachais cheannasaigh; bagairtí ar mharthanas an airgeadra aonair; géarchéimeanna idirnáisiúnta; agus díospóireachtaí móra faoin mbealach chun cinn maidir le lánpháirtiú na hEorpa.

Bhí sé ina Chathaoirleach ar 28 gcruinniú den Chomhairle Eorpach, 5 chruinniú neamhfhoirmiúla, agus 11 chruinniú mullaigh Euro, agus cothromaíocht bainte amach aige idir an ról a bhí aige mar idirghabhálaí agus an gá a bhí ann le hathchóirithe riachtanacha a spreagadh. Bhí ról lárnach aige maidir leis na nithe seo a leanas a chur ar bun: cláir cúnaimh airgeadais (ocht dtír) agus sásraí (an tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais agus an Sásra Cobhsaíochta Airgeadais Eorpach in 2010, an Sásra Cobhsaíochta Eorpach in 2012), an t-aontas baincéireachta (an Sásra Aonair Maoirseachta agus an Sásra Réitigh Aonair, atá ar an bhfód ó 2014), an creat rialachais eacnamaíoch (an Seimeastar Eorpach, an Sé-phaca, an Conradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas, an Dé-phaca) agus Straitéis eacnamaíoch deich mbliana an Aontais Eorpaigh (Eoraip 2020).

Tá naoi leabhar scríofa aige agus i gceann amháin díobh, Europe in the storm: promise and prejudice (2014), tugann sé cuntas ar a thaithí féin ar an Aontas Eorpach. Ina theannta sin, bronnadh an iliomad onóracha agus gradam air, lena n-áirítear Duais Charlemagne (2014). Tá líon mór haiku scríofa aige agus, a bhuíochas dá chineáltacht, beidh deis ag léitheoirí CESE Info cuid acu a léamh. (ehp)