Maria Nikolopoulou: Tá cultúr comhionannais á chothú againn i gcónaí

CESE info: Toghadh thú mar uachtarán ar an nGrúpa ad hoc um an gComhionannas in CESE. Cad iad na príomhchúraimí a nglacfaidh an grúpa air féin?

Maria Nikolopoulou: Is é an misean atá ag an ngrúpa um an gcomhionannas cultúr leathan comhionannais agus neamh-idirdhealaithe a chur chun cinn i gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Dá bhrí sin, is é an chéad chéim na réimsí a shainaithint ina bhféadfadh sé go gcaithfí go míchothrom le baill mar gheall ar a mbunús, a n-inscne, a ngnéaschlaonadh nó a gcreideamh. Tá sé mar aidhm againn freisin feabhas a chur ar rannpháirtíocht na mban inár gCoiste agus cothromaíocht inscne a bhaint amach a luaithe is féidir. Tá 108 mbean ina gcomhaltaí faoi láthair (32.82 %). Ar thaobh amháin, is mian linn líon na mban atá ina gcomhaltaí a mhéadú sa mheántéarma nó san fhadtéarma agus, ar an taobh eile, is mian linn a chinntiú go gcruthóimid spás agus na dálaí riachtanacha chun go mbeidh mná níos gníomhaí. Ar cheann de na huirlisí ar mian linn feabhas a chur orthu tá bailiú sonraí maidir le rannpháirtíocht na mban, ní hamháin mar bhaill ach mar shaineolaithe agus mar chainteoirí inár ngníomhaíochtaí.

Conas a chomhoibreoidh an grúpa le hinstitiúidí eile de chuid an Aontais a théann i ngleic le saincheisteanna comhionannais?

An bhliain seo caite, chuamar i dteagmháil le Evelyn Regner, iar-Chathaoirleach Choiste na Parlaiminte Eorpaí um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne, agus le Dimitrios Papadimoulis, Leas-Uachtarán na Parlaiminte um Chomhionannas Inscne agus Éagsúlacht, d’fhonn smaointe, dea-chleachtais agus gníomhaíochtaí a roinnt. Tugadh inspioráid dúinn agus rinneamar an tionscnamh ón bParlaimint maidir le ‘Seachtain um Chomhionannas’ a mhacasamhlú. Chuireamar an smaoineamh sin in oiriúint dár gcuid oibre féin agus dár gclár ama féin agus, ag an gcruinniú a bhí againn ag deireadh na bliana, bhí díospóireachtaí téamacha againn ar ábhair a bhaineann le mná, amhail foréigean inscnebhunaithe agus ról na mban sa talmhaíocht, san iompar uisce, sa gheilleagar agus sa chaidreamh seachtrach. Tá imeacht don phobal á eagrú againn faoi láthair chomh maith, imeacht a bhfuil sé beartaithe againn é a chraoladh agus a reáchtáil ar bhonn bliantúil, d’fhonn Lá Idirnáisiúnta na mBan a chéiliúradh an 8 Márta.

An 8 Márta den bhliain seo, ba mhian linn ár ngníomhaíochtaí a dhíriú ar phobail lasmuigh den Choiste agus a n-aird a dhíriú ar staid na mban sa mhargadh saothair.

CESE info: Cén fáth a gceapann tú go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh grúpa den chineál sin sa tsochaí shibhialta?

Is cuid den tsochaí shibhialta é CESE. Éilíonn ár n-eagraíochtaí meas agus déanann siad comhionannas a chur chun cinn ar an leibhéal náisiúnta agus áitiúil, agus ní mór dúinn an rud céanna a dhéanamh ar an leibhéal Eorpach i dteach na ‘sochaí sibhialta eagraithe’. Chun bheith comhsheasmhach lenár luachanna agus lenár n-éilimh, ní mór beart a dhéanamh de réir ár mbriathair, agus a chinntiú go bhfuil cultúr comhionannais á chothú againn i gcónaí.

Maria Nikolopoulou, Comhalta de CESE, uachtarán ar an nGrúpa ad hoc um an gComhionannas in CESE