European Economic
and Social Committee
Daoine atá fuinneamhbhocht a chumhachtú
Tá an comhlachas Catalóinise Associació Catalana Enginyeria Sense Fronteres (Innealtóirí gan Teorainneacha, an Chatalóin) diongbháilte athrú a dhéanamh ar an dearcadh gur íospartaigh gan chosaint iad na daoine atá buailte ag bochtaineacht fuinnimh. Chuige sin, tá an comhlachas tar éis tionóil chomhchoiteanna a eagrú chun ardán a chur ar fáil dóibh siúd ar beag an rochtain atá acu ar fhuinneamh nó ar uisce, agus dóibh siúd atá ag streachailt na billí a íoc. Mhínigh Mònica Guiteras dúinn, thar ceann an chomhlachais, an chaoi ar chuidigh na tionóil spás sábháilte atá in aice láimhe a sholáthar do na daoine sin. Chuidigh siad leo freisin a thuiscint gur gníomhaithe agus gníomhairí don athrú san aistriú fuinnimh iad, agus nach íospartaigh iad ar chor ar bith.
CESE info: Cad ina thaobh ar chuir tú tús le do thionscadal nó tionscnamh?
Mònica Guiteras Blaya: Go dtí seo, mar thoradh ar dhul i ngleic le tionchar na bochtaineachta fuinnimh ó thaobh leasa de, ba mhinic a cuireadh lipéad na n-íospartach ar dhaoine a bhí thíos leis, nó cuireadh ina leith fiú go raibh siad ciontach as 'drochthomhaltas'. Ba léir dúinn gur ghá cur chuige trasearnála a ghlacadh agus na teaghlaigh atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh a chumhachtú ionas go mbeidís ina ngníomhaithe agus ina ngníomhairí don athrú san aistriú fuinnimh atá ann faoi láthair.
Cén glacadh a bhí le do thionscadal? An bhfuair tú aiseolas ó na daoine ar chuidigh tú leo? (Má fuair, an féidir leat sampla a thabhairt?)
Dar leis na rannpháirtithe, tá tábhacht nach beag ag baint leis an tionscnamh seo, mar is minic a bhraitheann siad nach bhfuil cumhacht acu i gcoinne na mórchuideachtaí soláthair, nó measann siad go bhfuil cur chuige an-mhaorlathach ag na húdaráis riaracháin. Cuireann tionóil chomhchoiteanna maidir le bochtaineacht fuinnimh spás sábháilte atá in aice láimhe ar fáil do na rannpháirtithe, áit nach dtugtar breith ar dhuine ar bith agus áit a bhfuil gach duine ar comhchéim ó thaobh eolais de. Ina ionad sin, cabhraíonn na spásanna sin le tuiscint níos fearr a fháil ar thaithí a chéile, ionas gur féidir leo – le tuilleadh eolais – feabhas a chur ar a gcúinsí féin agus páirt ghníomhach a ghlacadh sa tsochaí.
Conas a bhainfidh sibh úsáid as an gcistiú sonrach seo chun tuilleadh cabhrach a thabhairt don phobal? An bhfuil tionscadail eile beartaithe agaibh cheana féin?
Beidh an duais ina cabhair mhór chun cur le for-rochtain an tionscadail. Ní éiríonn linn fós teagmháil a dhéanamh le neart daoine atá ar an imeall, iad siúd nach bhfuil ar an eolas faoi na tionóil fiú. Cuideoidh sé linn freisin teagmháil a dhéanamh leis na daoine atá thíos leis ar bhealaí nuálacha agus fiúntacha. Is rud é seo go raibh orainn a fhoglaim as an nua le linn na paindéime seo: na tionóil a eagrú ar an látháir nó go cianda, nó meascán den dá rud. Ceann de na príomhspriocanna atá leagtha amach againn dúinn féin leis an aitheantas agus an maoiniú seo ná go dteastaíonn uainn díriú ar an nuálaíocht, scaipeadh faisnéise agus an chumarsáid chun níos mó daoine éagsúla a thabhairt le chéile.
Cén chomhairle a chuirfeá ar eagraíochtaí eile i dtreo is go mbeadh rath orthu agus iad i mbun gníomhaíochtaí agus cláir den chineál seo?
Bhí sé ríthábhachtach dúinne dlúth-theagmháil a choinneáil leis na heagraíochtaí poiblí lasmuigh de na gnáthreimsí ina n-oibríonn ár n-eagraíochtaí. Cé gur eagraíocht neamhrialtasach comhshaoil muid, tá comhpháirtíochtaí áitiúla tábhachtacha cruthaithe againn sa tionscadal seo le gluaiseachtaí atá tiomanta do thithíocht chuibhiúil agus le comhlachais chomharsanachta.
Cén dóchas ata agat go mbainfidh an tAontas Eorpach spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais amach?
Ní mór ceartas sóisialta a bheith ann chun na spriocanna sin a bhaint amach, ós rud é gurb é sin an t-aon ghné amháin a dhéanfaidh an t-aistriú cóir chomh maith le glas. Mar shochaí, ní mór dúinn ár seacht ndícheall a dhéanamh tionchar a imirt ar rialtais agus ar údaráis riaracháin ar leibhéil éagsúla d'fhonn na spriocanna a bhaint amach trí choimircí sóisialta a áirithiú mar aon le rannpháirtíocht agus cumhachtú na saoránach.