European Economic
and Social Committee
An Comhaontú Nua maidir le hImirce: “Tá an donas dearg ar na mionsonraí”
An 27 Eanáir, thionóil Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) díospóireacht leis an gCoimisinéir Johansson ag seisiún iomlánach an Choiste díreach sular glacadh leis an tuairim maidir le Comhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann. Sa tuairim sin, chuir an Coiste in iúl go raibh amhras air an gcabhródh an Comhaontú le creat comhchoiteann Eorpach maidir le bainistiú imirce a fhorbairt, creat ar cheart é a bheith éifeachtach agus i gcomhréir le luachanna agus cuspóirí an Aontais.
Bhí an méid seo le rá ag José Antonio Moreno Díaz, rapóirtéir na tuairime: “Bhíomar ag súil go mór leis an gcomhaontú seo ach caithfidh mé a rá go bhfuil beagán díomá orainn. Tá anailís an Choimisiúin go maith, agus aontaímid leis na conclúidí, ach tá frustrachas orainn maidir leis na mionsonraí, i gcás na dtograí.”
Bhí aifeála ar an gcomhrapóirtéir, Cristian Pîrvulescu, faoin easpa dul chun cinn maidir le roinnt de na saincheisteanna ar déileáladh leo sa chomhaontú. “Is oth linn a rá gur beag dul chun cinn atá déanta, agus gur céimeanna siar atá glactha. Táimid ag moladh don Choimisiún cur chuige níos misniúla a ghlacadh maidir leis na fadhbanna seo.”
Ba é príomhghearán a bhí ag CESE ná gur dhírigh an comhaontú go príomha ar fhilleadh daoine agus ar bhainistiú teorainneacha, chun aimhleasa dóibh siúd atá ag plé le saincheisteanna eile, amhail bealaí rialta inimirce, bealaí sábháilte le haghaidh tearmainn agus lánpháirtiú imirceach. Chomh maith leis sin, dʼfhéadfadh sé nach mbeadh roinnt de na réitigh atá beartaithe indéanta sa chleachtas.
Dúirt an Coimisinéir Eorpach, Ylva Johansson, nár aontaigh sí ar chor ar bith leis an gcáineadh go raibh easpa uaillmhéine ag an gCoimisiún. “Tá an saol mar atá sé inniu an-difriúil ó 2015, nuair a bhí rabharta ollmhór dídeanaithe agus athshocrú daoine ina shaincheist mhór”, a dúirt sí, á mhíniú nach raibh formhór mór na nuatheachtaithe neamhrialta faoi láthair ina dteifigh. Dá bhrí sin, bhí sé tábhachtach cinntí gasta a dhéanamh agus daoine á gcur ar ais, ach bhí an gá le próiseas cothrom a dheimhniú do gach iarrthóir tearmainn tábhachtach freisin.
“Cuirtear fáilte roimh na daoine atá i dteideal fanacht agus ba mhaith linn go mbeadh siad páirteach inár sochaí,” a dúirt an Coimisinéir Johansson.
Le linn na díospóireachta, chuir CESE in iúl gur cúis mhór imní dó anchaoi na n-imirceach ag teorainn an Aontais leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin. (na)