Straitéis cheart de dhíth ar an Aontas Eorpach maidir le comhtháthú na hearnála fuinnimh

Tá CESE ag tacú leis an nglao ón gCoimisiún Eorpach an earnáil fuinnimh a chomhtháthú. Ba chóir do na córais leictreachais, iompair agus teasa a bheith fite fuaite le chéile sa todhchaí, agus é mar sprioc an éifeachtúlacht a fheabhsú agus geilleagar atá aeráidneodrach a bhaint amach.

I dtuairim a d'ullmhaigh Lutz Ribbe agus a glacadh ag an seisiún iomlánach i mí Eanáir, thug CESE le fios go bhféadfadh straitéis mar sin rannchuidiú leis an soláthar fuinnimh a áirithiú, allmhairí fuinnimh a laghdú agus praghsanna réasúnta a chur ar fáil do thomhaltóirí na hEorpa.

Dar leis an gCoiste, áfach, ní mhíníonn an Coimisiún Eorpach na bealaí inar féidir leis an Aontas Eorpach slándáil an tsoláthair a áirithiú trí fhoinsí fuinnimh ísealcharbóin nó saor ó charbón a úsáid.

“Ní bheidh rath ar an aistriú fuinnimh ach amháin má théitear i ngleic leis na fadhbanna uile,” a dúirt an tUasal Ribbe ar imeall an tseisiúin iomlánaigh.

“Tá sé ráite ag an gCoimisiún go gcaithfear 84% den éileamh leictreachais a shásamh le foinsí inathnuaite, ach theip air eolas mionsonraithe a thabhairt faoi na foinsí as a dtiocfaidh an chuid eile den leictreachas. Is léir nach bhfuil sé sin inghlactha. Tá cinnteacht an tsoláthair thar a bheith tábhachtach do gheilleagar agus do thomhaltóirí na hEorpa, go háirithe toisc go bhfuiltear ag súil leis go gcuirfidh leictriú an tsoláthair téimh agus na hearnála iompair leis an éileamh leictreachais, in ainneoin an dul chun cinn maidir le héifeachtúlacht.”

Aontaíonn an Coiste leis an gCoimisiún gur fadhb mhór do chomhtháthú na hearnála fuinnimh í an easpa nó neamhdhóthanacht praghsála ó thaobh astaíochtaí CO2 sna hearnálacha téimh agus iompair.

Anuas air sin, is minic a bhíonn an lámh in uachtar ag breoslaí iontaise ar fhoinsí inathnuaite fuinnimh. I roinnt mhaith Ballstát, cruthaítear saobhadh margaidh de thoradh cánachas trom ar leictreachas agus muirir iomarcacha ghréasáin. Sna cásanna sin, níl úsáid an bharrachais leictreachais chun teas a tháirgeadh – mar atá, an fhoirm is simplí de chomhtháthú na hearnála – inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de.

Dá bhrí sin, áitíonn an Coiste ar an gCoimisiún tograí nithiúla a mholadh chun teacht ar réitigh, seachas díreach cur síos a dhéanamh ar an bhfadhb agus a bheith beagán drogallach agus doiléir. (mp)