European Economic
and Social Committee
#DigitalServicesAct agus #DigitalMarketsAct: Is mithid ár ndaonlathas a thabhairt cothrom le dáta leis an teicneolaíocht
Leis na tionscnaimh is déanaí ón gCoimisiún Eorpach chun seirbhísí agus margaí digiteacha a rialú, cinnteofar go nglacann soláthraithe freagracht as na seirbhísí a chuireann siad ar fáil agus cinnteofar nach bhforchuireann ollchuideachtaí digiteacha a rialacha féin ar mhargaí na hEorpa, arsa Margrethe Vestager, Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, ag seisiún iomlánach CESE i mí na Nollag.
Leis an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha agus an Gníomh um Margaí Digiteacha a d’eisíodh an 15 Nollaig, sainítear cén chaoi ar chóir seirbhísí digiteacha a chur ar fail agus cén chaoi ar chóir do mhargaí digiteacha feidhmiú, rud a chabhraíonn le daonlathas na hEorpa a thabhairt cothrom le dáta leis an bhforbairt dhigiteach a chonacthas le fiche bliain anuas, a dúirt Margrethe Vestager sa díospóireacht arEoraip atá oiriúnach don Aois Dhigiteach le linn sheisiún iomlánach CESE.
Agus é anois ar cheann den dá bhunchloch, i dteannta leis an aistriú glas, ar a bhfuil téarnamh na hEorpa ó ghéarchéim COVID-19 ag brath, chuir Christa Schweng, Uachtarán CESE, i bhfáth gur tábhachtaí ná riamh an t-aistriú digiteach.
Rinne Uachtarán CESE tagairt do staidéar a rinneadh le déanaí inar measadh gurbh fhéidir leis an teicneolaíocht nua ranníocaíocht charnach arb ionann í agus EUR 2.2 trilliún sa bhreis a chur le hOlltairgeacht Intíre (OTI) an Aontais faoi 2030, ranníocaíocht arbh ionann í agus OTI na Spáinne curtha le OTI na hÍsiltíre don bhliain 2019.
Seo mar a labhair Christa Schweng: “Tá cur chuige Eorpach uainn atá dírithe ar an duine maidir leis an gclaochlú digiteach. Mura bhfuil muinín ag na saoránaigh agus ag na gnólachtaí ionann, ní bheimid in ann na deiseanna a chuirtear ar fáil leis an gclaochlú digiteach a thapú. Chuige sin, tá sé tábhachtach fíorspás Eorpach sonraí a thógáil lena gcosnófar ár gcuid sonraí agus lena gcinnteofar an phríobháideacht agus an féinchinntiúchán. Ní mór dúinn ceannasacht theicneolaíoch an Aontais a neartú freisin ar bhealach lena ndéanfar an trádáil dhigiteach dhomhanda a choinneáil ar bun chomh maith.”
Thug an tUasal Vestager cuntas de phríomhghnéithe straitéis dhigiteach an Chomisiúin agus thug sí aird ar leith don bhéim a chuirtear sa straitéis ar infheistíocht phríobháideach a ghiaráil, ar spleáchas na straitéise ar thionscnaimh shuaitheanta (maidir le scileanna digiteacha, seirbhísí poiblí digiteacha agus cibearshlándáil) agus ar thógáil agus ar chur in úsáid acmhainneachtaí digiteacha.
Leis an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha “cinnteofar go nglacann soláthraithe seirbhísí digiteacha freagracht as na seirbhísí a chuireann siad ar fáil agus go mbíonn siad cuntasach fúthu, agus cinnteofar gur féidir muinín a chothú athuair,” a dúirt an tUasal Vestager. “Is í an fhadhb atá romhainn ábhar agus táirgí neamhdhleathacha a bheith ar líne nach gcomhlíonann na rialacha atá againn maidir le táirgí fisiceacha. Ní mór an fhadhb sin a réiteach ó cheann ceann na hEorpa.”
Dúirt an tUasal Vestager freisin "go gcuirfidh an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha in iúl d’ollchuideachtaí go bhfuil fáilte rompu gnó a dhéanamh san Eoraip agus a bheith rathúil anseo ach eolas a bheith acu maidir leis an liosta rialacha nach mór dóibh cloí leo a luaithe is a bheidh siad ina maoir gheata ionas go ndéanfaí an iomaíocht chóir a chinntiú agus an tseirbhís is fearr is féidir a chur ar fáil do chustaiméirí. “I ndeireadh na dála, ba cheart don mhargadh freastal orainnse mar thomhaltóirí. Tá teicneolaíocht uainn a bhfuilimid in ann muinín a chur inti”, a dúirt sí. (dm)