European Economic
and Social Committee
CESE ag seasamh leis an Úcráin – an tsochaí shibhialta eagraithe ag seasamh leis an Úcráin agus i mbun beart di
Cáineann comhaltaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ionradh Rialtas na Rúise ar an Úcráin, ionradh atá gan údar agus gan chúis. Tá na comhaltaí ag seasamh i ndlúthpháirtíocht le muintir na hÚcráine agus ag éileamh bearta diongbháilte ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta de mheon na haontachta sa tréimhse shuntasach seo.
Ag an seisiún iomlánach a bhí aige an 24 Márta, ghlac CESE rún dar teideal ‘An cogadh san Úcráin agus an tionchar eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil a bheidh aige’.