Aurélie Vauthrin-Ledent: Tá an cultúr riachtanach thar gach ní eile!

Ó rugadh mé 40 bliana ó shin, an 28 Márta 1981, níor nascadh riamh an focal “riachtanach” leis an bhfocal “cultúr” chomh minic céanna agus a rinneadh le linn thréimhse na géarchéime sláinte seo, agus na géarchéime eacnamaíche a tháinig ina diaidh. Is léir go dtiocfaidh athrú ó bhonn ar an dearcadh atá againn ar an saol. Tá dúshláin mhóra romhainn anois agus beidh fós amach anseo i ngach réimse den tsochaí.

Is ar an ábhar sin a tháinig an focal “riachtanach” chun suntais mar bhíomar, á rangú ar dtús, muidne, na daoine a bhíonn ag plé leis an gcultúr, mar dhaoine “neamhriachtanacha”. D’fhág an catagóiriú sin a rinneadh orainn mar dhaoine “neamhriachtanacha” gur thosaigh gluaiseacht, nach féidir stop a chur leis, agus a bhfuil borradh fúithi, i dtreo múscailt feasachta ghéar agus fhadréimseach.

Agus, ainneoin na hainneoin, seo chugainn anois réimse na healaíne agus an chultúir, a bhí in áit na leathphingine, á chur chun tosaigh, rud a bhfuil cuma aisteach air, fiú a chuireann samhnas orainn.

Is bean chultúrtha mé. Is lón anama dom an cultúr agus cothaíonn sé féith na cruthaitheachta ionam. Is aisteoir, amhránaí, stiúrthóir, údar, múinteoir drámaíochta agus Fraincise mé, eagarthóir amharclannaíochta Fraincise sa Bheilg agus pleanálaí féile. Tá an-dúil agam sna healaíona plaisteacha, sa radharcagrafaíocht agus in ealaíon na gluaiseachta agus an damhsa. Agus níl eagla orm mo chosa a chur i bhfeac agus dul i mbun oibre, go fiú an chorrfhostaíocht nuair is gá. Sin iad na poist a ndéantar beag is fiú díobh go minic leis an dearcadh comhchoiteann atá againn in ár sochaithe. Níl aon eagla orm roimh obair chrua. Is í an obair a mhúnlaigh mé. Tá an obair ar an luach is tábhachtaí a thug mo thuismitheoirí ar aghaidh chugam. Ach is é an cultúr atá mar thríú tuismitheoir agam. Is é an cultúr a chuir bailchríoch ar mhúnlú mo charachtair, a dhaingnigh mé ar nós stroighne. Chuidigh sé le mórathruithe a chuir cor i mo shaol: forbairtí agus claochluithe inmheánacha agus athruithe. D’oscail an cultúr m’intinn agus thar gach rud eile, d’oscail sé mo chroí. Ba iad na heispéarais is áille de mo shaol na móimintí ina rabhas ag seinm na dordveidhle, ar maos i mo mhothúcháin féin, nó ag féachaint ar shaothar de chuid Shakespeare ag dul i bhfeidhm ar lucht féachana, nó ag féachaint ar shraith shíoraí de phictiúirí dothuigthe ar bhalla, nó an t-am a chaith mé in iarsmalann. Agus céard faoi dhomhan iontach na hamharclainne, a bhfuil i bhfad níos mó i gceist léi ná treorú stáitse nó léiriú téacs - domhan atá ilghnéitheach agus casta, ó phuipéad go tobchumadóireacht, ó ealaín na hóráide go gluaiseacht coirp ar stáitse. Ar nós an leighis tá an iliomad disciplíní agus fosheánraí in ealaíon na hamharclainne.

Ar ndóigh, táimid neamhghníomhach le bliain anuas. Tá ár gcomhghleacaithe ag fulaingt go huafásach. Ar an gcéad dul síos, tá an fhulaingt mhorálta ann, ansin tá an fhulaingt eacnamaíoch mar gheall ar neamhghníomhaíocht na dtaibhealaíona, a bhfuil deacrachtaí móra airgeadais acu. Táthar ar bheagán eolais faoi na gairmeacha siamsaíochta, ach tá an réimse an-leathan. Údair, stiúrthóirí, aisteoirí, dearthóirí feistis, drámadóirí, teicneoirí soilse agus fuaime, tógálaithe seiteanna, dearthóirí radhairc, ealaíontóirí smididh, cúntóirí gan trácht ar na ceardanna réamhléiriúcháin agus iarléiriúcháin, craoltóireacht, cumarsáid, fógraíocht, baill foirne fáilteachais, áirithintí, agus tuilleadh nach iad.

B’fhéidir go bhfuil sé níos tábhachtaí fós fulaingt an lucht féachana a lua - fulaingt na ngnáthdhaoine. Agus an pobal teoranta do Netflix nó na leabhair anois, is róthapa a roghnaíonn siad spreagthach amhairc an íomhá, an ghné éasca uathúil sin dár gcultúr. Is é an t-aon rogha atá ag an bpobal faoi láthair ná an leithlisiú, seachas teacht le chéile, comhroinnt agus oscailteacht le sealanna gáire, seachas a bheith ag brionglóideach faoi thurasanna go háiteanna i bhfad i gcéin, inár suí go sómasach i gcathaoireacha uilline veilbhite deirge.

Agus ansin tá an fhulaingt a bhaineann le heaspa foghlama ann, mar is ón gcultúr a fhaighimid na ceachtanna is fearr maidir leis an saol!

Tá sé an-spéisiúil, go bhfuil an focal “riachtanach” i mbéal an phobail i ngach áit anois agus dlúthbhaint aige leis na gairmeacha cultúrtha, toisc gur chuir ár gceannairí an lipéad diúltach “neamhriachtanach” orainn i dtús báire agus gan bunús ar bith leis. Cé nach bhfuilim ceannairceach ar chor ar bith inniu, tá dóchas docheansaithe (bíonn an dóchas docheansaithe i gcónaí) agus daingean agam don am atá le teacht. Tá súil agam go dtuigfidh na gnáthdhaoine gan mhoill, faoi dheireadh is faoi dheoidh, agus an téarma “cultúr” á úsáid acu, go bhfuil sé fite fuaite leis an bhfocal “riachtanach”.

Mar sin cé gur theastaigh uathu sinn a chur faoin bhfód, is amhlaidh gur chuir siad borradh fúinn. Táimid i mbun an cultúr a fhorbairt le go mbeidh sé faoi bhláth níos fearr ná riamh. Creidim go daingean go dtiocfaidh an tuar faoin tairngreacht. Táim suite de. Nuair a bheidh deireadh leis an ngéarchéim seo, ní dhéanfar beag is fiú de ghné ar bith den chultúr go seo arís.

Aurélie Vauthrin-Ledent