Le Thomas Kattnig

Tá an hidrigin ghlas ar cheann de bhunchlocha an aistrithe fuinnimh, rud a fhágann go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach í a leathadh amach go tapa ar mhaithe leis an gcóras fuinnimh a bheidh ann amach anseo agus le folláine eacnamaíoch agus shóisialta an Aontais.

Mar sin féin, a mhéid a bhaineann le hidrigin, is iomaí dúshlán atá ag baint leis an soláthar, an t-éileamh, an bonneagar agus an táirgeadh a chinneadh. Tá costas ard ag baint le hidrigin agus braitheann sí ar chreatchoinníollacha iomchuí. Ar thaobh amháin, ní mór díriú ar dtús ar an úsáid a bhaintear aisti in earnálacha ar deacair iad a leictriú agus mar mhodh stórála fuinnimh. Ar an taobh eile, ní mór a áirithiú go gcruthófar na dálaí is gá chun bonneagar hidrigine a leathnú go tapa agus go héifeachtúil.

I ndáil leis an méid sin, tá tábhacht ar leith ag baint le trí phointe:

  1. Ní mór an cistiú is gá don bhonneagar a áirithiú. Ós rud é go mbeidh costais shuntasacha i gceist le bonneagar iompair a thógáil, cuireann CESE i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé acmhainní a leithdháileadh ar bhealach éifeachtúil. Chuige sin, beidh gá le pleanáil chliste chomhtháite, lena n-áirítear thar theorainneacha, agus córas rialála lena gcumasófar na hinfheistíochtaí is gá sa bhonneagar agus, ag an am céanna, inbhuanaitheacht chomhshaoil an chórais fuinnimh ina iomláine a chur chun cinn agus úsáideoirí gréasáin a chosaint ar mhuirir iomarcacha ghréasáin. Ag an am céanna, is cinnte gur gá ualaí breise i bhfoirm thras-fhóirdheonú na heangaí hidrigine ag úsáideoirí eangacha gáis a sheachaint. Is tábhachtaí fós é sin ós rud é nach iad úsáideoirí reatha na heangaí gáis a bhainfidh úsáid as bonneagar na heangaí hidrigine amach anseo. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, an prionsabal ‘íoc mar a úsáidtear’ a chur i bhfeidhm a mhéid is féidir agus, ar an gcaoi sin, a áirithiú gurb iad úsáideoirí an bhonneagair sin a mhaoineoidh an bonneagar hidrigine go príomha.
  2. Chomh maith le maoiniú, is gá a chinntiú go bhfuil an lucht saothair riachtanach ar fáil chun leathnú agus táirgeadh a chur i gcrích. Mar aon le poist nua ardcháilíochta a chruthú, tá tábhacht ar leith ag baint le hath-imlonnú na n-oibrithe atá ann cheana. Ciallaíonn sé sin nach mór oiliúint, athsciliú agus uas-sciliú cuí a chur ar oibrithe atá ann cheana, agus nach mór an lucht saothair a choinneáil trí dhálaí maithe oibre a chur ar fáil. Mar shampla, ní mór d’oibreoirí gréasáin a bheith faoi cheangal ag gnáth-chomhaontuithe comhchoiteanna agus ní mór na dálaí oibre a fheabhsú chun lucht saothair oilte a mhealladh. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh go mbeadh idirphlé sóisialta éifeachtúil dochloíte ann in earnáil an gháis ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta.
  3. Ba cheart deimhniú aonfhoirmeach, inrianaithe agus éigeantach hidrigine arna riar ag comhlacht lárnach Eorpach a áirithiú. Chomh maith le critéir chomhshaoil, ní mór do na scéimeanna deimhniúcháin sin caighdeáin shóisialta a ráthú freisin. Ní mór dálaí oibre atá cóir agus sábháilte agus comhlíonadh ceart saothair, sóisialta agus ceardchumainn a bheith san áireamh sna caighdeáin sin.

Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an straitéis hidrigine. Cháin Cúirt Iniúchóirí na hEorpa an straitéis sin, agus an láncheart aici. I gcomhar leis an tsochaí shibhialta ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach, ní mór a áirithiú go ndréachtófar straitéis chuimsitheach, stráitéis lena gcuirfear deimhniú, maoiniú, ceanglais saothair, cur chun cinn agus cosaint tomhaltóirí san áireamh. Is tríd an méid sin a dhéanamh, agus sin amháin, a bheidh todhchaí a bhfuil gealladh fúithi ag tionscal hidrigine na hEorpa.