European Economic
and Social Committee
Áitíonn CESE ar an Aontas gníomh níos láidre a dhéanamh ar son an smachta reachta agus leagann sé béim ar ardán na sochaí sibhialta, ardán a bhfuiltear ag súil leis le fada
Ó ainmníodh Coimisinéir Eorpach nua um an Daonlathas, an Ceartas agus an Smacht Reachta a ainmniú, iarrann Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) ar an Aontas gníomh níos láidre a dhéanamh ar son an smachta reachta agus na gceart bunúsach.
Ag an seisiún iomlánach a bhí aige i mí Mheán Fómhair, reáchtáil CESE díospóireacht maidir leis an daonlathas. Lena linn sin, cuireadh smaointe chun cinn maidir le freagairt níos láidre ón Aontas ar sháruithe ar an smacht reachta agus ar an gcreimeadh daonlathach. Luadh mar shampla ardán na sochaí sibhialta a bhfuiltear ag súil leis le fada, ardán a d’fhógair Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen.
Tá ardán den sórt sin á mholadh ag CESE ó 2016 i leith. Meastar go dtabharfaidh an t-ardán sin guth níos láidre don tsochaí shibhialta agus beartais ón Aontas á múnlú. Cuirfidh an t-ardán spás ar fáil d’eagraíochtaí – spás atá ag teastáil go géar – chun dul i mbun plé le hinstitiúidí an Aontais. Anuas air sin, beidh sé ina chabhair chun cinntí a threorú maidir le príomh-shaincheisteanna amhail neamhspleáchas na mbreithiúna agus saoirsí daonlathacha.
Chuir Joachim Herrmann, ón Ard-Stiúrthóireacht um Cheartas sa Choimisiún Eorpach, an Tuarascáil is déanaí maidir leis an Smacht Reachta i láthair. Leag sé béim ar leathnú an smachta reachta chuig tíortha aontachais an Aontais agus ar an tionchar atá aige ar an margadh aonair.
Mhol Kevin Casas-Zamora, ón Institiúid Idirnáisiúnta um Dhaonlathas agus Cúnamh Toghchánach, iarrachtaí an Aontais ach thug sé rabhadh a bheith cúramach faoin gcúlú daonlathach. D’iarr sé go mbeadh an tsochaí shibhialta níos rannpháirtí agus go ndéanfaí tuarascálacha níos mionsonraithe ar an smacht reachta. D’áitigh Alexandrina Najmowicz, ó Fhóram Eorpach na Saoránach, go ndéanfaí moltaí níos soiléire agus go bhforbrófaí córas luathrabhaidh chun tuilleadh creimthe daonlathaigh a chosc.
Le linn na díospóireachta, thug na rannpháirtithe rabhadh gan bheith bogásach. Leag siad béim freisin ar an ngá atá le haghaidh a thabhairt ar an údarásaíochas, ar bhagairtí ar neamhspleáchas na mbreithiúna agus ar an spás sibhialta atá ag crapadh, trí rud atá ag cothú imní do dhaoine mó sa mhó. Thug Jerzy Pomianowski, ceann na Dearlaice Eorpaí i gcomhair Daonlathais, rabhadh gan an daonlathas a chur ar an méar fhada le díriú ar shaincheisteanna níos práinní amhail an imirce agus an tslándáil. Dar leis gur plean é sin a d’fhéadfaí dul in abar. Ar deireadh, d’iarr sé go ndéanfaí 5 % den chabhair um fhorbairt a dháileadh ar chláir dhaonlathacha.
Thar ní ar bith eile, leagadh béim i ndíospóireacht CESE ar ról fíor-riachtanach na sochaí sibhialta maidir leis an smacht reachta a chosaint agus iarradh go dtabharfaí ról níos mó di fós i gceapadh beartas an Aontais. Tá an-tábhacht go deo le hardán na sochaí sibhialta a sheoladh agus le tiomantas athnuaite do chearta bunúsacha chun go mairfidh an daonlathas i bhfad san Aontas Eorpach. (gb)