European Economic
and Social Committee
Aontachas na Macadóine Thuaidh san Aontas Eorpach: na dúshláin, na gealltanais agus an bealach chun cinn
le Biljana Spasovska,
Líonra na mBalcán Thiar um Fhorbairt na Sochaí Sibhialta (BC SDN)
Is í uair na cinniúna í don Mhacadóin Thuaidh: tá sí ag iarraidh dul isteach san Aontas Eorpach ach is iomaí dris chosáin roimpi sa tslí agus is iomaí uair a bhí moill agus tarraingt na gcos ann de dheasca na díospóidí gan réiteach idir an dá thaobh agus de dheasca an mheatha atá tagtha ar thacaíocht an phobail. In ainneoin na gconstaicí seo, tá gealltanas an rathúnais eacnamaíoch agus gealltanas na cobhsaíochta go réigiúnach fós ag cothú dhréim na tíre chun ballraíochta san Aontas.
Léiríonn na suirbhéanna gur údar imní dúinn atá i dtuairimí an phobail, agus léiríonn siad go bhfuil an tacaíocht do bhallraíocht san Aontas ag fuarú le blianta beaga anuas. Is maith an teist an fuarú sin ar an bhfrustrachas mór atá an easpa dul chun cinn a chur ar mhuintir na tíre, agus teist dá réir ar an easpa tiomantais atá le leagan ar Bhallstáit an Aontais dar leis na daoine.
Ní bréag a rá míle constaic a bheith ar chosán na tíre chun aontachais, constaicí a théann thar theorainneacha na Macadóine Thuaidh amach. Dhá ní is dúshlán mór do phróiseas na lánpháirtíochta feasta: géarchéim an daonlathais agus an éagobhsaíocht pholaitiúil sa réigiún agus i measc Bhallstáit an Aontais, mar aon le náisiúnachas na heite deise a bheith ag teacht i dtreis. Mar sin féin, ainneoin na ndúshlán sin, ní gan dóchas atáthar agus is cinnte go bhfuil deis chun athnuachana ann, arae measann daoine go leor gur bealach é méadú an Aontais chun rathúnas agus caighdeán maireachtála níos fearr a chinntiú san am atá romhainn. Is maith an tuar freisin an tír a bheith ar aon reachtaíocht leis an Aontas i gcásanna áirithe cheana féin.
De réir a chéile feasta, ní mór don Mhacadóin Thuaidh tús áite a thabhairt don dul chun cinn áit a bhfuil leasuithe agus caibidlíocht i gceist sna réimsí seo a leanas: an smacht reachta, an ceartas, an daonlathas agus feabhsú an riaracháin phoibl. Próiseas an aontachais a bheith ag brú chun cinn go soiléir sna réimsí thuasluaite, sin rud eile a chuirfeadh biseach ar an tacaíocht phoiblí atá ann don Aontas. Nuair atá an tír ag iarraidh ceart a bhaint den seacht gcor déag i gcosán an aontachais, is rud ríthábhachtach a bheidh sa tiomantas do na nithe seo a leanas: luachanna an daonlathais, an comhar réigiúnach, cinniúint na hEorpa i bpáirt le chéile.
Chaithfeadh an tír a leiriú go bhfuil aibíocht inti ó thaobh na polaitíochta de agus chaithfeadh sí na hathchóirithe riachtanacha a thabhairt i gcrích, ach ní mór don Aontas a léiriú do mhuintir na Macadóine Thuaidh gur próiseas cothrom atá i bpróiseas an aontachais, próiseas atá bunaithe ar an bhfiúntas, próiseas nach bhfuil ar stad ná ar scor. Faoi mar a tharla dúinn i gcás na hÚcráine, is mithid a léiriú go bhfuil sé de thoil pholaitiúil againn an t-aontachas a chur chun cinn; Ní mór luaíocht a bheith sa dul chun cinn, agus ní mór bearta a dhéanamh chun acmhainneacht leordhóthanach a ráthú ar an dá thaobh chun an próiseas a bhrú chun cinn.
Focal scoir: gura soiléir ar mhaithe le cách agus ar mhaithe leis an réigiún ar fad nach bhfuil rogha eile ann ab fhearr ná an Macadóin Thuaidh a theacht isteach san Aontas. Is tír bheag í an Mhacadóin Thuaidh, ach is saibhir an oidhreacht chultúrtha atá aici, agus a bhuíochas leis an suíomh straitéiseach atá aici, sin lena cuid tiomantais do luachanna an daonlathais, don chobhsaíocht, agus do dheiseanna réigiúnacha don fhás eacnamaíoch, is cinnte gur maith a neartófaí éagsúlacht agus comhtháthú an Aontais ach í a bheith ina Ballstát.