European Economic
and Social Committee
An óige a chumasú: tá ról ríthábhachtach ag vótálaithe óga maidir leis an daonlathas a mhúnlú
Le Konstantina Manoli
Ní féidir a shéanadh gur uirlis chumhachtach é feidhmiú na gceart vótála chun tuairimí a chur in iúl agus tionchar a imirt ar bheartais. Go ginearálta, is éard a tharlaíonn le linn phróiseas na dtoghchán go roghnaímid ár nguth, is é sin le rá, na daoine a gceapaimid a dhéanfaidh an ionadaíocht is fearr orainn féin, ar ár gcreidimh agus ar ár luachanna. Mar sin féin, is iondúil go ndéanann formhór na ndaoine, agus go háirithe daoine óga, dearmad ar an gcumhacht a bhaineann le vóta a chaitheamh.
Dearbhaímid go diongbháilte gur mian linn an domhan a athrú, todhchaí níos fearr a chruthú dúinn go léir agus do na glúnta atá le teacht. Mar sin féin, le linn an phróisis seo, géillimid nuair a bhraithimid nach mbaineann tábhacht a thuilleadh lenár dtuairimí, ár luachanna ná ár n-idéil nó nach bhfuil aon chumhacht againn.
Mar bhean óg ón nGréig, tá taithí phearsanta agam ar an scéal seo. Tá cur amach agam ar an bhfrustrachas atá le mothú nuair nach n-éistear lenár nguthanna, nuair a sháraítear ár gcearta agus nuair a mhothaímid nach féidir rud ar bith eile a dhéanamh faoin scéal. Ainneoin ár seacht ndícheall a bheith déanta againn, tarlaíonn sé uaireanta nach dtiteann rudaí amach mar a bhí beartaithe againn. Is sna tráthanna seo, nuair nach bhfuil ag éirí lenár n-iarrachtaí, a dhéanaimid dearmad ar rud ríthábhachtach: is í ár gcumhacht ár vóta! Mar a dúirt Barack Obama tráth: ‘Déanann gach vóta difear’.
Faraor, ní dóigh liom gur liomsa amháin a bhaineann an taithí seo, agus ní dóigh liom gur leis na Gréagaigh, na daoine óga ná na mná amháin a bhaineann sí ach oiread. Is fíor go bhfuil an dearcadh céanna ag roinnt mhaith daoine, beag beann ar a n-aois, a n-eitneacht, a n-inscne, a reiligiún, nó a gcúinsí pearsanta.
Trí vóta a chaitheamh, is féidir oibriú as lámha a chéile chun an todhchaí atá uainn a mhúnlú. Trí na cúraimí seo a ghlacadh orainn féin, is féidir a bheith cinnte go mbeidh tionchar ag ár mianta agus ár luachanna ar na cinntí a mhúnlaíonn an tsochaí. Ní mór dúinn gníomhú ós rud é gur vóta ríthábhachtach é ár vóta, lena n-áirithítear go n-éistfear le guth na hóige amach anseo.
Ba cheart cuimhneamh ar fhocail chiallmhara John Lewis: ‘Mura dtabharfaidh muidne faoi, cé a dhéanfaidh amhlaidh? Mura dtabharfar faoi anois, cathain a dhéanfar amhlaidh?’