European Economic
and Social Committee
Eagarfhocal
A léitheoirí dile,
San eagrán seo den iris, ba mhaith liom bhur n-aird a dhíriú ar Sheachtain na Sochaí Sibhialta, an t-imeacht suaitheanta a d’eagraigh agus a d’óstáil CESE i dtús mhí an Mhárta.
Gan ach beagán le cois dhá mhí le dul go mbeidh na toghcháin Eorpacha ann, thug Seachtain na Sochaí Sibhialta deis ar leith do CESE daoine as cúlraí éagsúla a thabhairt le chéile chun plé a dhéanamh ar na nithe ba thábhachtaí dar leo agus ar thodhchaí na hEorpa. Tháinig breis agus 800 ionadaí ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ó ghrúpaí óige le chéile chun tobsmaointeoireacht a dhéanamh le linn na seachtaine ar na príomhtheachtaireachtaí agus na hionchais ba mhaith leo a chur in iúl do na ceannairí nua a bheidh ar an Aontas go luath. Maidir leis an teachtaireacht atáimse tiomanta a chur in iúl, is teachtaireacht shoiléir í – is éard a theastaíonn ón bpobal tuilleadh daonlathais, rannpháirtíocht an aosa óig, laghdú ar an mbréagnuacht agus geilleagar a fhóireann do chách. Tá sé thar a bheith tábhachtach go n-éisteodh an Eoraip le guth na sochaí sibhialta, óir is í an tsochaí shibhialta fíorfhoras faire an daonlathais.
Cuirfear an léargas a fuarthas le linn Sheachtain na Sochaí Sibhialta san áireamh i Rún ó CESE maidir leis na Toghcháin Eorpacha. Tá léargas ar roinnt de na hionchais a cuireadh in iúl le linn Sheachtain na Sochaí Sibhialta le léamh ar shuíomh gréasáin CESE.
Mar chuid den ullmhúchán a dhéanaimid do na toghcháin tá an caidreamh le Parlaimint na hEorpa a neartú. An 27 Feabhra, shínigh mé féin agus Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Roberta Metsola, Meabhrán Tuisceana chun an comhar idir an dá institiúid a dhoimhniú ar mhaithe leis na toghcháin Eorpacha a chur chun cinn, an ráta vótála a mhéadú – go háirithe i measc daoine nach gcaitheann vóta de ghnáth agus daoine atá ag vótáil den chéad uair – agus an ionramháil ar fhaisnéis a chomhrac. Bainfidh CESE leas iomlán as an líonra fairsing atá aige, líonra a shíneann fud fad na hEorpa agus a dhéanann ionadaíocht ar fhostóirí, ar oibrithe agus ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ionas go mbeidh siad in ann an ról atá acu a imirt ina iomláine. Is céim ríthábhachtach é an comhar idir an dá institiúid le go rachaidh an feachtas ó neart go neart roimh na toghcháin Eorpacha.
In CESE, tá sé mar aidhm againn cur le cumhacht eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ní hamháin san Aontas Eorpach ach ar an gcoigríoch freisin. I mí Feabhra, sheolamar go hoifigiúil an tionscnamh maidir le comhaltaí as na tíortha is iarrthóirí, rud a chuir cor i gcinniúint CESE. Bhí an Leas-Uachtarán den Choimisiún Eorpach, Věra Jourová, Príomh-Aire Mhontainéagró, Milojko Spajić, agus Príomh-Aire na hAlbáine, Edi Rama, i láthair ag seoladh an tionscaimh sin agus ba chúis mhór áthais dóibh é. Is éard is aidhm dó ionadaithe as na tíortha is iarrthóirí a bheith páirteach in obair CESE. Roghnaíodh 131 chomhalta san iomlán as na tíortha is iarrthóirí le bheith páirteach sa toscaireacht de shaineolaithe ón tsochaí shibhialta agus glacfaidh siad páirt in obair an Choiste sna míonna amach romhainn. Is é an sprioc choiteann atá againn go mbogfadh gach tír is iarrthóir níos gaire don Aontas de réir a chéile agus go ndéanfaí iad a lánpháirtiú de réir a chéile mar a dhéanfar dul chun cinn sa chaibidlíocht.
Ní féidir le daonlathas dea-fheidhmiúil a bheith in éagmais sochaí shibhialta bhríomhar ná idirphlé sóisialta láidir. Céim dhearfach loighciúil chun tosaigh le haghaidh an daonlathais san Eoraip is ea fáilte a chur roimh na tíortha is iarrthóirí.
Oliver Röpke
Uachtarán CESE