European Economic
and Social Committee
An tsochaí shibhialta agus an t-athrú atá á spreagadh aici ar mhór-roinn na hAfraice
Ag an seisiún iomlánach a bhí ag CESE i mí na Nollag, rinneadh díospóireacht faoin daonlathas san Afraic le hionadaithe ó Chomhairle Eacnamaíoch, Shóisialta agus Chultúrtha an Aontais Afracaigh (ECOSOCC). Bhí an dá thaobh ar aon fhocal le chéile gur mór i gceist ról na sochaí sibhialta maidir le comhpháirtíocht bhisiúil idir an tAontas agus an Afraic, comhpháirtíocht atá bunaithe ar chomhionannas agus a chothaíonn idirphlé sibhialta agus sóisialta.
Ag an díospóireacht iomlánach glacadh an tuairim An Daonlathas san Afraic: an scéal mar atá i láthair na huaire agus na hionchais don am atá le teacht – Cén ról atá le himirt ag CESE?. Ina theannta sin, d’athdhearbhaigh CESE go bhfuil sé tiomanta an chomhpháirtíocht straitéiseach leis an Aontas Afracach a fheabhsú. Agus an scéal sin amhlaidh, tacaíonn sé leis an tionscnamh comhiarracht a dhéanamh chun roinnt luachanna – daonlathas, idirphlé cuimsitheach agus forbairt inbhuanaithe – a chur chun cinn. Shínigh CESE agus ECOSOCC an Aontais Afracaigh an Meabhrán Tuisceana roinnt míonna roimh an díospóireacht.
Seo mar a labhair Kyeretwie Osei, Ceann na gClár ag ECOSOCC an Aontais Afracaigh, sa ráiteas a thug sé thar ceann Khalid Boudali, Oifigeach Ceannais ECOSOCC: ‘Tá sé tábhachtach go dtabharfaimid faoi institiúidí a thógáil chun gur féidir dúinn an daonlathas a leabú ó cheann ceann na mór-roinne. Ar an gcaoi sin, beimid in ann dea-rialachas a chur ar bun trí dheireadh – nó srian – a chur leis an éilliú agus trí spásanna a chruthú do na saoránaigh inar féidir leo a dtuairimí a chur in iúl, i measc nithe eile. Is i gcroílár na sprice sin atá an tsochaí shibhialta’.
Rinne Oliver Röpke, Uachtarán CESE, a chur i bhfáth gur ‘ríthábhachtach an comhoibriú le ECOSOCC an Aontais Afracaigh chun ról na sochaí sibhialta a chur chun cinn san Afraic. Ba cheart don tsochaí shibhialta páirt a ghlacadh sa phróiseas cinnteoireachta agus dul i ngleic lena thuilleadh dúshlán fós, amhail an t-athrú aeráide, an fhorbairt inbhuanaithe agus an imirce’.
Pléitear na dúshláin sin sa tuairim ó CESE agus tugtar le fios inti go bhféadfadh sé, i dteannta ionadaithe aitheanta ó ardáin shochaí shibhialta na hAfraice, lámh a bheith aige i gcur chun cinn luachanna an daonlathais agus chearta an duine, agus i gcosaint na réimeas daonlathach san Afraic chomh maith.
Maidir le Carlos Trindade, comhalta de CESE agus rapóirtéir na tuairime, dúirt sé gur cheart don Eoraip cur chuige a ghlacadh atá bunaithe ar chaidreamh cothrom leis an Afraic agus obair ar siúl chun an daonlathas a fhorbairt san Afraic. Luaigh sé freisin gur cheart a chasta atá cúrsaí ar mhór-roinn na hAfraice ó thaobh na forbartha eacnamaíche, na héagsúlachta agus leasanna geopholaitiúla de a chur san áireamh sa chur chuige sin.
Labhair Sifa Chiyoge Buchekabiri, Stiúrthóir Réigiúnach agus Príomhoifigeach Feidhmiúcháin na Comhghuaillíochta Idirnáisiúnta Comhair don Afraic (ICA-an Afraic), faoina thábhachtaí atá sé na mná san Afraic a chumhachtú: ‘Tá sé thar a bheith tábhachtach cumhachtú na mban a chur chun cinn ós rud é gur orthusan a bhíonn a dteaghlaigh ag brath go minic. Ós amhlaidh atá, chabhrófaí le daoine aonair agus le pobail iomlána ach na mná a chumhachtú’.