European Economic
and Social Committee
CESE agus EIS ag obair i gcomhar le chéile chun todhchaí chothrom chuimsitheach atá dírithe ar an intleacht shaorga a mhúnlú ag comhdháil ardleibhéil
Tá saol na hoibre á athrú ó bhonn ar luas nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo de bharr na hintleachta saorga agus tá idir dheiseanna agus dhúshláin i gceist leis sin d’oibrithe, do ghnólachtaí agus don lucht ceaptha beartas. An 3 Feabhra, d’eagraigh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) agus an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS) comhdháil ardleibhéal i bpáirt le chéile dar teideal ‘An ceartas sóisialta sa ré dhigiteach: tionchar na hintleachta saorga ar an obair agus an tsochaí’.
Ag an gcomhdháil ardleibhéil, phléigh ceannairí mór le rá, roinnt airí saothair de chuid an Aontais san áireamh, straitéisí chun leas a bhaint acmhainneacht na hintleachta saorga agus aghaidh a thabhairt san am céanna ar na rioscaí a bhaineann léi do chearta oibrithe agus do mhargaí saothair. Chuir an t-imeacht sin go mór leis an gComhghuaillíocht Dhomhanda um Cheartas Sóisialta agus tarraingíodh aird ar an ngá atá le cur chuige comhordaithe maidir le rialachas na hintleachta saorga ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal domhanda araon. Is i gcomhar le chéile a d’eagraigh an Rannóg um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht (SOC) in CESE agus EIS an chomhdháil ardleibhéil.
Ní mór forbairt eiticiúil agus chuimsitheach na hintleachta saorga a chinntiú
Ba é Uachtarán CESE, Oliver Röpke, a chuir tús leis an gcomhdháil agus leag sé béim ar an ngéarghá atá ann cur chuige duinelárnach a ghlacadh i leith na hintleachta saorga. Seo an méid a bhí le rá aige: ‘Tá ár sochaithe agus ár margaí saothair á n-athmhúnlú ag an intleacht shaorga cheana féin, agus tá idir dheiseanna agus dhúshláin i gceist leis sin. Tá CESE agus a eagraíochtaí comhpháirtíochta tiomanta féachaint chuige go n-úsáidfear an intleacht shaorga chun ceartas sóisialta a chinntiú, cearta oibrithe a neartú, an cuimsiú a chur chun cinn agus neamhionannais nua a chosc. Más uainn go n-úsáidfear an intleacht shaorga ar dhóigh chothrom dhuinelárnach amach anseo, tá gá le gníomhaíocht chomhchoiteann – ó lucht ceaptha beartas go dtí na comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta – lena chinntiú go bhfreastalóidh an teicneolaíocht ar dhaoine agus nach gcuirfidh sí ina gcoinne.’
Leag Ard-Stiúrthóir EIS, Gilbert F. Houngbo, béim ar a thábhachtaí atá beartais réamhghníomhacha chun tionchar suaiteach na hintleachta saorga ar phoist agus ar ionaid oibre a mhaolú. ‘Ní mór dúinn a chinntiú go bhforbrófar an intleacht shaorga ar dhóigh a gcuireann an ceartas sóisialta chun cinn. Chuige sin, is gá roinnt gníomhaíochtaí a dhéanamh: tacaíocht a thabhairt d’oibrithe, lena n-áirítear ó thaobh scileanna agus cosaint shóisialta de; a ráthú go mbeidh rochtain ag fiontair de gach méid agus i ngach cearn den domhan ar theicneolaíocht intleachta saorga chun leas a bhaint as tairbhí táirgiúlachta; a chinntiú go gcosnófar cearta oibrithe agus an intleacht shaorga á tabhairt isteach san ionad oibre agus go gcuirfear an t-idirphlé sóisialta chun cinn san aistriú digiteach,’ a dúirt sé.
Le linn dhá phainéal, labhair cainteoirí ardleibhéil faoi na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann leis an intleacht shaorga a úsáid chun obair chuibhiúil agus margaí saothair cuimsitheacha a chur chun cinn agus chun cur leis an gcomhionannas inscne sna blianta amach romhainn. I measc na bpainéalaithe bhí airí saothair an Aontais Agnieszka Dziemianowicz-Bąk (an Pholainn), Yolanda Díaz (an Spáinn), Níki Keraméos (an Ghréig) agus Maria do Rosário Palma Ramalho (an Phortaingéil), mar aon le toscaire ó rialtas na Fraince chuig EIS agus chuig G7-G20, Anousheh Karvar (i measc daoine eile).
Tugadh chun suntais sa phlé, cé go bhfuil baol ag baint le leathadh amach na hintleachta saorga, nach gá a bheith caolaigeanta i leith na teicneolaíochta nua seo. Is ríthábhachtach, áfach, díriú ar an idirphlé sóisialta agus na hoibrithe a thabhairt isteach i gcur in úsáid na hintleachta saorga, agus aird ar leith á tabhairt ar an athsciliú agus an t-uas-sciliú. Ach an intleacht shaorga a chur i bhfeidhm i gceart agus rialáil a dhéanamh uirthi, is féidir suaití móra a sheachaint agus an teicneolaíocht a úsáid chun tascanna atriallacha a laghdú agus cailliúint post ar mhórscála a sheachaint san am céanna.(lm)