Freagraí ardleibhéil ar an litir ó Ghrúpa na bhFostóirí maidir le buiséad téarnaimh an Aontais

Le Grúpa na bhFostóirí in CESE

Fuair Grúpa na bhFostóirí in CESE freagraí ón leibhéal polaitiúil is airde i ndiaidh dó iarraidh go ndéanfaí comhaontú go gasta maidir le buiséad téarnaimh uaillmhianach. I mí an Mheithimh 2020, chuir Grúpa na bhFostóirí litir faoin ábhar seo chuig comhaltaí na Comhairle Eorpaí agus chuig Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Charles Michel, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen agus Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, David Sassoli.

Is é ceann de na príomhtheachtairechtaí ó Ghrúpa na bhFostóirí go bhfuil gnólachtaí rathúla athléimneacha ríthábhachtach chun téarnamh gheilleagar iomlán an Aontais a chinntiú. Dá bhrí sin, is gá díriú go diongbháilte ar dhálaí gnó agus muid ag ullmhú don tréimhse i ndiaidh na géarchéime. Sa fhreagra a thug sé an 3 Iúil, chuir Frédéric Bernard, ceann oifig Charles Michel, i bhfáth go mbeadh an creat airgeadais ilbhliantúil atá ar na bacáin ríthábhachtach chun téarnamh cobhsaí a chinntiú agus go dtacódh sé le “margadh aonair lánfheidhmiúil nuachóirithe”.

Ar an gcaoi chéanna, thug David Sassoli dá aire sa fhreagra uaidh chuig Grúpa na bhFostóirí an 17 Iúil go bhfuil “gá le bearta eacnamaíocha urghnácha nach bhfacthas a leithéidí riamh agus fíoraontacht neamhchoinníollach san Eoraip”. Ba dhíol sásaimh dó an chomhthuiscint le Grúpa na bhFostóirí maidir leis an ngá atá le freagairt aontaithe ó leibhéal an Aontais. Má táthar chun cuidiú le saoránaigh agus gnólachtaí Eorpacha teacht slán as an ngéarchéim, tá creat airgeadais ilbhliantúil uaillmhianach de dhíth.

Chuir Ursula von der Leyen a buíochas in iúl freisin as an litir agus as an bpáipéar seasaimh dar teideal Tá na gnólachtaí ríthábhachtach má tá an tAontas Eorpach chun téarnamh ó ghéarchéim an choróinvíris. Cuireadh an dá dhoiciméad chuig Maroš Šefčovič, Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh um Chaidreamh Idirinstitiúideach agus um Fhadbhreathnaitheacht. Thar ceann an Uachtaráin Macron, dheimhnigh a cheann foirne, Patrick Strzoda, a thábhachtaí atá sé an geilleagar a athsheoladh go gasta. Seoladh an litir freisin chuig Bruno le Maire, Aire Geilleagair agus Airgeadais na Fraince, agus chuig Clément Beaune, Aire Stáit na Fraince do Ghnóthaí Eorpacha.