European Economic
and Social Committee
Aon bhliain amháin ó thosaigh CESE an téarma oifige nua: an chéad deis chun breithniú a dhéanamh
Aon bhliain amháin ó thosaigh CESE an téarma oifige nua: an chéad deis chun breithniú a dhéanamh
Is cuimhin linn ar fad an lá a sheolamar an téarma nua: ba é an 28 Deireadh Fómhair 2020 a bhí ann. Bhí an phaindéim faoi lán seoil agus bhí an seisiún iomlánach le reáchtáil ar líne. Ba thréimhse fhíorait í; bhí cuma éiginnte ar an todhchaí; ní raibh fhios ag duine ar bith cén uair nó cén chaoi a gcuirfí vacsaín ar fáil, ach d’éirigh linn tús a chur lenár gcuid oibre.
Bhí géarchéim dhomhanda sláinte ann de dheasca na paindéime, cailleadh na milliúin daoine, agus tháinig géarchéim dhomhanda eacnamaíoch chun cinn a bhfuilimid fós ag iarraidh í a shárú. Ag an bpointe criticiúil seo, bhí neart agus diongbháilteacht ag an Aontas Eorpach chun bearta nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe a ghlacadh go pras. Ó thaobh na sláinte de, thacaigh soláthar soláthairtí leighis agus trealaimh cosanta agus na bearta a rinneadh maidir le vacsaíní lenár seirbhísí sláinte náisiúnta. Ó thaobh an gheilleagair agus an airgeadais de, tá bearta éigeandála agus maoiniú nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe curtha i bhfeidhm ag an Aontas, lena n-áirítear SURE chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú, NextGenerationEU agus an Plean Téarnaimh don Eoraip.
Anuas air sin, tá borradh tagtha ar eachtraí a bhaineann leis an athrú aeráide le bliain anuas: tinte sa Fhrainc, san Iodáil agus sa Ghréig, tuilte sa Bheilg, san Ísiltír agus sa Ghearmáin, agus leá oighearshruthanna sa Ghraonlainn. Cosúil le corp an duine, tá comharthaí soiléire faoi staid a shláinte á gcur amach ag an gcomhshaol. Tá an tsochaí dírithe anois ar na saincheisteanna sin agus tá daoine níos feasaí ná riamh. Is príomhghníomhaithe iad daoine óga sna cathanna sin, leis an ngluaiseacht ‘an Aoine don Todhchaí’ lena n-iarrtar ar pholaiteoirí bearta inláimhsithe agus tráthúla a dhéanamh chun todhchaí an phlainéid a chinntiú. Tá an Coimisiún Eorpach tar éis spreagadh nua a thabhairt dá bheartas comhshaoil leis an gComhaontú Glas: táimid ar an mbóthar ceart.
Le roinnt míonna anuas, rinneadh an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa a sheoladh: is deis iontach é seo do shaoránaigh a dtuairimí a nochtadh maidir le múnlú an Aontais Eorpaigh.
Bhí dlúthbhaint ag CESE leis an dá shaincheist sin. Rinneadh tuairimí agus ráitis maidir leis an Aontas Sláinte, NextGenerationEU, an Comhaontú Glas agus maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a tharraingt suas agus a chur chuig na hinstitiúidí. Tá guth ag saoránaigh, oibrithe, fiontraithe agus an tsochaí shibhialta eagraithe ina n-iomláine, agus ní mór éisteacht leo.
I mí Mheán Fómhair, thug an tUachtarán von der Leyen cuireadh do churadh Para-Oilimpeach na hIodáile, Bebe Vio teacht chuig a haitheasc ar Staid an Aontais: bean óg a throid i gcoinne, agus a sháraigh, gach cineál deacrachta ó bhí sí óg. Ba cheart dúinn ar fad, na glúnta óga go háirithe, spreagadh a fháil ón méid a bhí le rá aici, agus Aontas Eorpach á fhorbairt againn a mbeidh an dlúthpháirtíocht agus an éagsúlacht lárnach ann: ‘Más cosúil nach féidir é a dhéanamh, is amhlaidh is féidir é a dhéanamh.’
Giulia Barbucci, Leas-Uachtarán CESE