European Economic
and Social Committee
Amhras ar fhostóirí na hEorpa faoi ghnéithe praiticiúla den phacáiste 'Oiriúnach do 55'
Le Arnold Puech d’Alissac, Grúpa na bhFostóirí in CESE
Tá cúpla seachtain caite anois ó cuireadh i láthair na tograí reachtacha maidir leis an bpacáiste 'Oiriúnach do 55'. Pacáiste beart atá ann a bhaineann leis an gCiste Téarnaimh, ciste a bhfuil sé molta ag an gCoimisiún Eorpach leas a bhaint as chun an sprioc maidir le hastaíochtaí CO2 a bhaint amach. Is é sin astaíochtaí CO2 a laghdú 55 % faoi 2030. Tá fostóirí na hEorpa go mór i bhfabhar bhunaidhm na hiarrachta seo. Mar sin féin, tá anailís á déanamh acu faoi láthair ar na bearta a fógraíodh agus tá siad in amhras faoi roinnt mhaith de na gnéithe praiticiúla a bhaineann leo.
Tá tionscail na hEorpa ar thús cadhnaíochta cheana féin a mhéid a bhaineann le hinfheistíochtaí san éifeachtúlacht fuinnimh, san fhuinneamh inathnuaite, sa hidrigin agus i ngabháil agus stóráil CO2. Mar gheall air sin, tá sé ríthábhachtach cur chuige idé-eolaíoch a sheachaint ar ais nó ar éigean. Is minic an idé-eolaíocht a bheith i réim, ar gach taobh den scéal, sa phlé ar shaincheisteanna aeráide agus fuinnimh a bhaineann leis an gComhaontú Glas don Eoraip. Fágann a leithéid de chur chuige go bhfuil baol ann go ndéanfaí damáiste do-athraithe do na hearnálacha táirgeachta ina n-iomláine, go gcuirfí an fhostaíocht agus an tsochaí i gcontúirt agus go mbainfí an bonn ón téarnamh eacnamaíoch.
Thar aon rud eile, ba cheart a thabhairt faoi deara go léirítear i roinnt meastachán go bhfhéadfadh infheistíochtaí ar fiú níos mó ná EUR 3.5 trilliún iad a bheith ag teastáil faoi 2030 chun an sprioc a bhaint amach maidir le laghdú 55 %. Ní fiú ach EUR 1 trilliún na hacmhainní poiblí atá ar fáil faoi láthair – níos lú ná aon trian den mhéid airgid is gá.
Tá sé tábhachtach a thuiscint nach constaic atá in earnáil tionsclaíochta na hEorpa. Is í an réiteach atá ag teastáil chun na spriocanna dícharbónaithe a bhaint amach í, toisc go gcuireann sí nuálaíocht theicneolaíoch chun cinn i dtáirgí agus i bpróisis táirgeachta. Níl go leor cistí ann do chlaochlú glas na hearnála tionsclaíche sna cláir athchóirithe náisiúnta.
Mar sin, tá sé ríthábhachtach gníomhaíocht a dhéanamh trí chreat rialála comhchuibhithe agus solúbtha a leagan amach chun margadh fuinnimh fíor-chomhtháite a bhaint amach. Chuige sin, caithfear cothrom na Féinne a áirithiú maidir le tíortha nach bhfuil na spriocanna aeráide céanna acu agus atá ag an gCoimisiún, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na hearnálacha atá dian ar astaíochtaí. Caithfear beartais infheistíochta agus nuálaíochta a chur chun feidhme freisin, lena ndéanfaí éiceachórais thionsclaíocha na hEorpa níos athléimní agus níos dinimiciúla ó thaobh na teicneolaíochta de.
Is féidir an t-alt iomlán a léamh ag an nasc seo a leanas: europa.eu/!QC7Fpd