European Economic
and Social Committee
Milena Angelova, Leas-Uachtarán atá freagrach as an mBuiséid: An beart is fearr a roghnú
Tá athruithe tábhachtacha fuinniúla ag tarlú san Aontas Eorpach faoi láthair. Teastaíonn iarrachtaí comhordaithe agus sineirge na n-institiúidí uile, gach páirtí leasmhar, gach saoránach Eorpach chun an straitéis cheart a aimsiú chun aghaidh a thabhairt go rathúil ar na dúshláin uile agus feidhmiú mar ghníomhaí láidir domhanda. Tá ról tábhachtach le himirt ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa sa phróiseas seo mar ardán uathúil lena mbaileofar tuairimí fostóirí, fostaithe agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta maidir le gach gné thábhachtach a bhaineann le conas cuspóirí ár gcomhthionscadal Eorpach a bhaint amach.
Tá sé de chúram ar uachtaránacht CESE an Coiste a stiúradh agus an beart is fearr a roghnú do gach sainordú, tosaíochtaí polaitiúla coiteanna a thionscnamh agus an chaoi is fearr lena mbaint amach a shainiú. Ba mhór an onóir agus an pléisiúr a bhí ann freastal in éineacht le mo chomhghleacaithe urramacha ar feadh an dá bhliain go leith a chuaigh thart agus iarracht a dhéanamh in éineacht leo an méid sin a bhaint amach. Bhí ár gcomhiarrachtaí bunaithe ar an tuairim dhaingean go bhfuil inniúlacht, taithí agus eolas ar leith ag gach comhalta de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus go bhfeidhmíonn sé nó sí mar cheangal le gnólachtaí agus le saoránaigh ar fud na hEorpa, agus go bhfuil ceangal díreach ag an gcomhalta sin leis an toghlach baile. Dá bhrí sin, d’fhéachamar le go mbeadh an timpeallacht, na coinníollacha agus an tacaíocht is fearr ag comhaltaí uile CESE chun a n-acmhainneacht agus a gcruthaitheacht a scaoileadh, ionas go mbainfear an leas is fearr is féidir as a n-ionchuir agus go gcuirfear le chéile iad i dtuairimí gairmiúla, ionadaíocha agus cothromaithe. Bhí ár n-iarrachtaí spriocdhírithe ar infheictheacht níos mó, ar obair leantach níos struchtúrtha ar ár gcuid oibre agus a cur chun cinn ar fud na hEorpa – d’institiúidí Eorpacha agus na mBallstát, do chinnteoirí agus d’eagraíochtaí comhpháirtíochta.
Is díol mórtais agus sásaimh dom go bhfuil mórán bainte amach againn le chéile, trí dhul i gcomhar le chéile mar fhoireann dhea-fheidhmiúil chomhtháite, a bhí tiomanta do chomhionannas deiseanna agus coinníollacha do gach comhalta de CESE chun cur le rathúlacht choiteann ár gCoiste agus a mhisean á chur i gcrích againn. Agus guím gach rath ar an bhfoireann uachtaránachta nua le linn an téarma oifige nua!