European Economic
and Social Committee
Malartú sonraí don gheilleagar digiteach agus comhoibríoch á éileamh ag CESE
Tá CESE ag iarraidh ar Bhallstáit an Aontais a gcomhordú maidir le cúrsaí cánach ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal idirnáisiúnta a neartú ar mhaithe leis an ngeilleagar digiteach agus comhoibríoch. Trí chomhordú níos dlúithe a dhéanamh ar bheartais chánach is infheidhme maidir leis an earnáil eacnamaíoch nua agus trí ionstraimí agus réitigh oibre a cheapadh, d’fhéadfaí feabhas a chur ar chomhlíonadh cánach, iomaíocht chothrom a chinntiú agus leas iomlán a bhaint as acmhainneacht na hearnála nua eacnamaíochta seo.
Cé gur díol sásaimh do CESE an comhar atá ann cheana idir an Coimisiún Eorpach, Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus ECFE/G20 maidir leis an tsaincheist sin, molann sé do na Ballstáit, i dtuairim a glacadh ag seisiún iomlánach CESE an 15 Iúil 2020, teacht ar réitigh ar leibhéal an Aontais mura mbeifear in ann teacht ar chomhaontú idirnáisiúnta mar a bhí beartaithe faoi dheireadh 2020 agus mura féidir a bheith ag súil le comhaontú idirnáisiúnta amach anseo. Mhol an Coiste ceanglais shoiléire agus chomhchuibhithe um thuairisciú a bheith ann do ghnólachtaí digiteacha agus comhoibríocha mar aon le córas feidhmiúil agus comhréireach chun sonraí a bhailiú agus a mhalartú ar leibhéal an Aontais má tá moill ann maidir le comhaontú idirnáisiúnta.
Ag seisiún iomlánach CESE, tharraing rapóirtéir na tuairime, Ester Vitale, aird ar leith ar an ngá práinneach atá le beart a dhéanamh. "Ní mór an cánachas agus na beartais chánach a chur in oiriúint do na hathruithe rialta a bhíonn ag tarlú sa gheilleagar comhoibríoch. Ní mór do na hinstitiúidí idirnáisiúnta, Eorpacha agus náisiúnta gníomhú go héifeachtach agus go tapa chun dul i ngleic leis na dúshláin a ghabhann leis na hathruithe sin. Ba chóir réiteach a fháil ar an leibhéal idirnáisiúnta, más féidir sin, nó fiú ar an leibhéal domhanda," a dúirt Ester Vitale agus luaigh sí an chaoi "nár mhór na rialacha agus samhlacha cánach reatha a chur in oiriúint don timpeallacht ghnó nua." (mp)