Le linn sheisiún iomlánach mhí an Mheithimh, ghlac CESE tuarascáil faisnéise ar an athbhreithniú ar an Treoir maidir le hInnealra. Ba dhíol sásaimh do chomhaltaí CESE na hiarrachtaí atá á ndéanamh faoi láthair ag an gCoimisiún chun feabhas a chur ar fheidhmiú Threoir 2006/42/CE, ionstraim an-tábhachtach agus rathúil do thionscail na hEorpa, agus thug sé le fios go mbeadh tionchar an-diúltach ag aon athruithe móra a dhéanfaí ar an Treoir agus nár mhór sin a sheachaint.

D’áitigh Aurel Laurenţiu Plosceanu, rapóirtéir na tuarascála, nár chóir cur chuige agus ailtireacht bhunúsach na Treorach sin a athrú. Dúirt sé go raibh sé molta acu freisin sa tuarascáil go dtabharfadh an Coimisiún aghaidh ar an tearclíon foirne, an tearcmhaoiniú agus an drochfheidhmíocht a bhaineann leis na cigireachtaí agus na rialuithe atá á ndéanamh ar innealra sa chuid is mó de na Ballstáit. “Iarraimid air beart a dhéanamh de réir briathair,” a dúirt sé.

Is é a bhí le rá ag an gcomhrapóirtéir, Enrico Gibellieri, go raibh tábhacht leis an Treoir sin don mhargadh aonair mar gur leis an reachtaíocht sin a chinntítear go mbíonn comhpháirteanna sábháilte: “Ní mór dúinn a chinntiú go bhfuil leasanna an tomhaltóra á gcosaint againn, agus ní mór dúinn a bheith in ann feabhas a chur ar an innealra sin go leanúnach le go gcinnteofar go mbeidh cosaint níos fearr ag oibrithe”.

Ar mhaithe leis an Treoir sin a nuashonrú, sheol an Ard-Stiúrthóireacht um an Margadh Inmheánach, Tionsclaíocht, Fiontraíocht agus FBManna comhairliúchán poiblí i mí an Mheithimh 2019. Tá sé beartaithe go nglacfar an reachtaíocht le linn na chéad ráithe de 2021. (ks)