An 1 Iúil, ghlac an Ghearmáin seilbh ón gCróit ar Uachtaránacht Chomhairle AE, tréimhse ar dócha a bheidh ar an tréimhse uachtaránachta is dúshlánaí go dtí seo, agus an ghéarchéim eacnamaíoch, shóisialta agus sláinte is mó riamh i stair nua-aimseartha na hEorpa ag bagairt orainn.

D’fhógair an Ghearmáin, a mbeidh an uachtaránacht ina seilbh don 13ú huair ó síníodh Conarthaí na Róimhe in 1957, go mbeidh clár na huachtaránachta dírithe ar theacht slán as paindéim COVID-19, ar théarnamh eacnamaíoch an Aontais a mhúnlú agus ar chomhtháthú sóisialta na hEorpa a neartú.

Chuir Peter Altmaier, Aire Cónaidhme Gnóthaí Eacnamaíocha agus Fuinnimh na Gearmáine, tosaíochtaí na huachtaránachta – arb é an mana atá aici “I gcomhar le chéile ar mhaithe le téarnamh na hEorpa” – i láthair ag an seisiún iomlánach a reáchtáil CESE.

Dúirt an tAire agus é ag labhairt le linn an tseisiúin iomlánaigh: "Tuigimid go léir nach féidir linn dul i ngleic go héifeachtach leis an bpaindéim seo gan aghaidh a thabhairt uirthi i dteannta a chéile. Ní bheidh aon rath orainn ach amháin má oibríonn an tAontas agus na Ballstáit i gcomhar le chéile, má léirímid dlúthpháirtíocht leis na daoine is laige atá ann, agus má thograímid gan bheith scoilte ó chéile. Sin é an fáth gur príomhthosaíocht dúinn is ea aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim seo. Is mian linn a chinntiú go léireofar fíor-dhlúthpháirtíocht lenár saoránaigh agus gur léir dóibh sin freisin agus go mbeidh a rian sin le tabhairt faoi deara acu ar a saol féin.”

Anuas air sin, dúirt Peter Altamaier gur céim thosaigh sa treo sin a bheadh ann dá nglacfaí gan mhoill leis an leagan athchóirithe uaillmhianach den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) agus le Plean Téarnaimh an Aontais (“Next Generation EU”), a mhol an Coimisiún chun freagairt d’iarmhairtí sóisialta agus eacnamaíocha na paindéime.

Taobh amuigh den chaibidlíocht faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil, tá súil ag Uachtaránacht na Gearmáine díriú i gceart ar shaincheisteanna práinneacha eile freisin amhail cosaint na haeráide agus an Comhaontú Glas don Eoraip, an t-aistriú go geilleagar digiteach, an smacht reachta agus ról na hEorpa sa domhan. Ba cheart go mbeadh tionchar freisin ag téarma oifige na Gearmáine ar an gcaidreamh a bheidh ann amach anseo idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe.

Tá CESE réidh chun cur le hobair Uachtaránacht na Gearmáine agus chun a chinntiú go n-éistfear le glór shochaí shibhialta na hEorpa le linn na tréimhse corraí agus tábhachtaí seo san Eoraip agus don tréimhse amach romhainn.

“Tá CESE ullamh dul i mbun comhair chun plean téarnaimh “Next Generation EU” a mhúnlú agus a chur chun feidhme le go bhféadfar teacht as an ngéarchéim thubaisteach seo agus tionscadal na hEorpa a neartú ag an am céanna. Táimid tiomanta d’obair Uachtaránacht na Gearmáine, uachtaránacht a stiúrfaidh Eoraip a bheidh in ann leigheas agus cosaint a thabhairt agus a athsheolfaidh Eoraip na dlúthpháirtíochta, na fiontraíochta agus na hinbhuanaitheachta mar chuid den rEUnaissance nua atá uainn” arsa Uachtarán CESE, Luca Jahier.

D’iarr an uachtaránacht nua ar CESE cheana féin tuairimí a ullmhú maidir le hábhair éagsúla, e.g. geilleagar na n-ardán ar líne, slabhraí soláthair inbhuanaithe, obair chuibhiúil sa trádáil idirnáisiúnta, fiontair shóisialta neamhbhrabúis agus an acmhainneacht atá iontu Eoraip atá cothrom go sóisialta a chruthú, an digiteáil agus an inbhuanaitheacht, agus a lán lán eile.

Chuir CESE in iúl gur díol sásaimh dó gur ceann de thosaíochtaí Uachtaránacht na Gearmáine é teacht ar chomhaontú maidir leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, a bhfuil súil ag CESE ról straitéiseach ríthábhachtach a bheith aige inti.

Is féidir tuilleadh eolais faoin gcomhar idir CESE agus Uachtaránacht na Gearmáine a fháil sa bhróisiúr seo a foilsíodh le déanaí.