Ba cheart na bearta éigeandála a ghlacann na húdaráis phoiblí in imthosca urghnácha a bheith go hiomlán comhréireach, a bheith teoranta go soiléir ó thaobh ama de agus ba cheart dlúthfhaireachán a dhéanamh orthu. Ag labhairt dóibh ag seisiún iomlánach CESE an 23 Feabhra 2022, ghlac Christa Schweng, Uachtarán CESE agus Věra Jourová, Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh um Luachanna agus um Thrédhearcacht, seasamh daingean.

Agus tagairt á déanamh aici do ghéarchéim COVID-19 agus don staid éigeandála a d’fhógair a lán Ballstát de chuid an Aontais chun an tsláinte phoiblí a chosaint, a raibh srianta ar roinnt cearta agus saoirsí bunúsacha mar thoradh orthu, dúirt Christa Schweng an méid seo a leanas: ‘Is tástáil struis í an phaindéim dár sochaithe agus dár ndaonlathais. Ó thaobh na gceart bunúsach, an smachta reachta agus an daonlathais de, bhí CESE den tuairim go raibh sé ríthábhachtach dlúthfhaireachán a dhéanamh ar an staid. D’éist muid le gníomhaithe na sochaí sibhialta go háirithe maidir leis na hiarmhairtí, na dúshláin agus na straitéisí scoir a bhaineann leis an ngéarchéim. Ní mór don Eoraip teacht amach as géarchéim COVID-19 agus a cuid luachanna coiteanna á neartú aici.’

Chuir Věra Jourová i bhfios go láidir gur léirigh paindéim COVID-19 go tréan a thábhachtaí atá ár gcearta bunúsacha agus ár luachanna daonlathacha dár saol laethúil agus nach bhféadfaí talamh slán a dhéanamh díobh: ‘Ceacht tábhachtach a thagann ón ngéarchéim sláinte is ea nár cheart bearta atá riachtanach chun an phaindéim a chomhrac a ghlacadh má dhéanfar dochar do luachanna daonlathacha agus do chearta bunúsacha dá dheasca sin. Ní mór dúinn a bheith airdeallach agus cloí lenár gcearta bunúsacha agus lenár luachanna coiteanna, ar cheart iad a bheith lárnach inár bhfreagairt ar phaindéim COVID-19.

Leagadh amach seasamh CESE maidir le tionchar ghearchéim COVID-19 ar chearta bunúsacha, ar an smacht reatha ar fud an Aontais agus ar thodhchaí an daonlathais sa tuairim a chuir an Grúpa um Chearta Bunúsacha agus an Smacht Reachta in CESE i láthair, arna dréachtú ag José Antonio Moreno Díaz agus Cristian Pîrvulescu. Sa doiciméad a glacadh ag an seisiún iomlánach, tá sé á chur i bhfios ag an gCoiste gur cheart do na bearta speisialta chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim COVID-19 a bheith eisceachtúil agus teoranta ó thaobh ama de, agus nár cheart dóibh teacht salach ar an smacht reachta ná níor cheart dóibh an daonlathas, scaradh cumhachtaí ná cearta bunúsacha chónaitheoirí na hEorpa a chur i mbaol. (mp)