European Economic
and Social Committee
Cuir deireadh leis an dúsháinn i gcoinne phaitinní vacsaíní COVID
Le Grúpa na nOibrithe in CESE
De réir mar a thagann muintir na hEorpa chucu féin arís i ndiaidh shos na Nollag, tá ráig COVID ag leathadh ar fud na hEorpa: tá méadú as cuimse tagtha ar líon na ndaoine ionfhabhtaithe ar fud an domhain mar thoradh ar athraitheach Omicron. Mar sin féin, a bhuí leis an imdhíonacht mhéadaithe agus a bhuí le vacsaínithe a fuarthas roimhe sin, chomh maith le héabhlóid nádúrtha an víris i dtreo athraitheacha ar lú a dtionchair mharfacha agus ionsaitheacha, tá laghdú tagtha ar líon na ndaoine a bhfuil galar tromchúiseach orthu, a rinneadh ospidéalú orthu agus a fuair bás in ainneoin líon fíorard daoine a bheith ionfhabhaithe.
Mar sin féin, tá ró-ualach ar ár gcórais sláinte arís. Agus cé go bhfuil rátaí vacsaínithe an-ard i dtíortha saibhre i gcoitinne, níl na rátaí chomh hard sin i roinnt mhaith áiteanna ar domhan, áiteanna nach bhfuil córais cúraim sláinte chomh hullmhaithe céanna acu ach oiread. Tá daoine ag fáil bháis ar fud an domhain i gcónaí de dheasca na paindéime, agus is tíortha atá i mbéal forbartha is mó atá thíos leis sin, tíortha ina bhfuil an víreas ag só ag ráta scanrúil. Uaireanta, is tréithchineálacha den víreas nach bhfuil chomh tromhchúiseach céanna a fhorbraítear amhail Omicron ach ní hamhlaidh an cás i gcónaí.
Chun deireadh a chur leis an bpaindéim seo, ní mór iarrachtaí níos fearr a dhéanamh maidir le vacsaíní. Forbraíodh na vacsaíní sin a bhuí leis an dul chun cinn suntasach atá déanta in earnáil na heolaíochta agus an leighis agus le hinfheistíochtaí poiblí ar fiú na billiúin Euro iad, agus mar sin, ní mór na vacsaíní a bheith chun leas an phobail i gcónaí agus ba cheart smacht a bheith ag na hinstitiúidí daonlathacha ar leathadh amach na vacsaíní. Ní mór paitinní ar vacsaíní COVID-19 agus ar bhonn níos leithne ar tháirgí agus teicneolaíochtaí sláinte, a tharscaoileadh go sealadach faoin gComhaontú maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil (Comhaontú TRIPS) a rinneadh ag an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT). Mhol an India agus an Afraic Theas tarscaoileadh TRIPS bliain ó shin lena chinntiú, le linn na paindéime seo, nach féidir le cearta maoine intleachtúla bac a chur ar rochtain phráinneach uilíoch inacmhainne ar tháirgí sláinte gaolmhara ná ar fhorbairt na dtáirgí sin, lena n-áirítear na vacsaíní is gá chun COVID-19 a chomhrac. Tacaíonn níos mó ná 100 tír leis an tarscaoileadh de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála ach tá an tAontas Eorpach i measc chomhaltaí EDT nach bhfuil ag tacú go fóill leis an tarscaoileadh atá beartaithe i dtaca leis na cearta maoine intleachtúla a bhaineann le COVID-19 faoi Chomhaontú TRIPS, lena n-áirítear vacsaíní COVID-19.
Mura n-aontófaí go práinneach le tarscaoileadh, d’fhéadfadh roinnt mórchuideachtaí cógaisíochta cosc a chur ar mhonaróirí eile vacsaíní COVID-19 a tháirgeadh, rud a chuirfeadh bac ar iarrachtaí an Aontais méadú a dhéanamh ar an táirgeacht sa bhaile, agus ar mhonarú vacsaíní i dtíortha atá i mbéal forbartha ar fud an domhain. Ina theannta sin, cuirfidh sé téarnamh eacnamaíoch an Aontais agus téarnamh eacnamaíoch an domhain i mbaol tríd an bpaindéim seo a fhadú. Mar a léiríodh le linn na ráige nua i rith shos na Nollag, d’fhéadfadh sé gur gearr go mbeidh an phaindéim thart, ach mar sin féin, tá bealach maith romhainn. Is faide arís a bheidh an bealach sin agus caillfear roinnt mhaith daoine eile ar fud an domhain mura bhfuil rochtain fós ag cuid mhór den phobal ar vacsaíní. (prp)