I dtuairim a d’eisigh sé le déanaí, tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí níos mó chun dul i ngleic leis na daoine agus leis na heagraíochtaí atá ag scaipeadh bréagaisnéise, agus tús áite a thabhairt do chosc seachas leigheas.

De thoradh phaindéim COVID-19 tá aird nach beag tarraingthe ar an mbagairt ón mbréagaisnéis. Ina fhianaise sin, agus ar bhonn measúnú criticiúil, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach treoir i mí na Bealtaine 2021, atá dírithe ar Chód Cleachtais an Aontais Eorpaigh maidir le bréagaisnéis a neartú chun spás níos sábháilte agus níos iontaofa ar líne a chruthú.

I dtuairim a eisíodh mar fhreagra air sin, áitíonn CESE go ndíríonn an Coimisiún an iomarca ar ábhar na bréagaisnéise agus ar mhaolú an ábhair sin agus nach ndíríonn sé an oiread céanna ar na daoine a bhfuil baint acu le scaipeadh na bréagaisnéise.

Bíonn an t-ábhar ag athrú de shíor, tagann athrú ar na hardáin a úsáidtear, ach, ar a shon sin, is iad na príomhghníomhaithe céanna, a bheag nó a mhór, a bhíonn i dtreis agus ní thagann aon athrú ar na nithe a spreagann iad chun gnímh’ a dúirt Thierry Libaert, rapóirtéir na tuairime.
 
Tugann CESE dá aire go bhfuil borradh mór faoin mbréagaisnéis agus is díol sásaimh dó go bhfuil béim á leagan ag an gCoimisiún Eorpach ar an ngá atá ann cur in éadan luach airgid a bheith á chur ar an mbréagaisnéis. Scaipeann faisnéis atá breagach sé huaire níos tapúla ná faisnéis atá fíor, is minice a chuirtear ‘is maith liom’ léi agus a roinntear í, cruthaíonn sí mó gníomhaíochta, meallann sí níos mó airde, tarraingíonn sí níos mó cuairteoirí chuici, agus, dá bhrí sin, gineann sí tuilleadh ioncaim ón bhfógraíocht.

Mar a léirigh Frances Haugen, sceithire a bhí ag obair do Facebook, le déanaí, in ionad a bheith ag dul i ngleic leis an bhfeiniméan, ba dhlúthchuid de shamhail ghnó a fostóra Facebook é.

Mar sin féin, d’fhonn an bhréagaisnéis a chomhrac san áit ina bhfuil a fréamhacha le fáil, ba cheart don Choimisiún smaoineamh ar raon d’ionstraimí eacnamaíocha, dlíthiúla nó airgeadais a bheadh ní ba cheangailtí ná gealltanais dheonacha ó fhógróirí ar líne.

Tá tuilleadh acmhainní de dhíth ar an Aontas Eorpach chun gur féidir leis cur go héifeachtach i gcoinne na bréagaisnéise, óir is cumhachtaí naimhdeacha a bhíonn ag scaipeadh na bréagaisnéise sin ar bhonn córasach, ar minic rialtais tríú tíortha áirithe iad, go háirithe an Rúis, gan dearmad a dhéanamh ach oiread ar an tSín’, a dúirt an rapóirtéir.

Dar le CESE, tá tuilleadh tacaíochta ó sheirbhísí faisnéise de dhíth ar na húdaráis náisiúnta, agus molann sé go mór go mbeadh comhar ar fud an Aontais ann maille le comhroinnt eolais. Mar sin féin, tá saoirse na meán agus córais dlí i mbaol faoi láthair i roinnt Ballstát, ní mór don Choimisiún a áirithiú nach féidir an comhrac i gcoinne na bréagaisnéise a úsáid mar leithscéal chun srian a chur le saoirsí poiblí, go háirithe an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.

Go háirithe i gcás na dtíortha sin a bhfuil teorainn acu leis an Rúis, ba cheart don Choimisiún tuilleadh gníomhaíochta maidir le hábhar i dteangacha eile seachas i mBéarla a chur chun cinn, agus ba cheart dó díriú níos mó ar ardáin ar lú an aithne atá orthu, amhail VKontakte, Rumble, Odysee, Gab agus Parler, anuas ar na hardáin mór-le-rá. Cé gur lú lucht a n-úsáide, is fusa do na hardáin bheaga sin a bheith níos neamhthrédhearcaí agus díriú ar ghrúpaí ar leith.

Toisc go mbíonn líonraí nua ag teacht chun cinn de shíor, úsáideann lucht na bréagaisnéise modhanna atá ag éirí níos sofaisticiúla (mar shampla ‘domhainbhrionnuithe’), agus toisc feidhmchláir áirithe a bheith ar scaradh gabhail idir bheith ina n-ardán agus ina seirbhís teachtaireachtaí príobháideacha (amhail Telegram), ní mór dul i mbun gnímh chomh luath agus a thugtar cineál nua riosca faoi deara. (dm)