European Economic
and Social Committee
Comhghairdeas as comhpháirtíocht chuimsitheach a bhunú idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe
Dearbhú Comhpháirteach ó Christa Schweng, Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE), agus ó Jack O’Connor, Cathaoirleach ar Ghrúpa Faireacháin Brexit in CESE
Comhghairdeas le hidirbheartaithe an Aontais Eorpaigh agus na Ríochta Aontaithe ar éirigh leo caibidlíocht an-chasta agus an-deacair a thabhairt i gcrích d’fhonn comhaontú trádála a shroicheadh eatarthu. Is ríthábhachtach é an comhaontú sin do mhuintir na Ríochta Aontaithe agus do mhuintir uile na hEorpa araon.
Anois, tá CESE réidh le gach nasc is féidir a dhéanamh leis an tsochaí shibhialta sa Ríocht Aontaithe a thógáil.
Ar an gcéad dul síos, ba mhór an faoiseamh dúinn uile é a fheiceáil gur éirigh leis an Aontas agus rialtas na Ríochta Aontaithe, tar éis caibidlíocht an-fhadálach agus an-chasta, teacht ar chomhaontú comhpháirtíochta ag an nóiméad deireanach.
Tar éis chinneadh na Ríochta Aontaithe chun an tAontas a fhágáil an 31 Eanáir 2020, i ndiaidh na 47 mbliana atá caite aici ina Ballstát, bhí sé thar a bheith tábhachtach go leagfaí síos cén chaoi a ndéanfaí an caidreamh idir an dá chomhpháirtí a rialú amach anseo.
Is é an comhaontú comhpháirtíochta seo an bhunchloch ar a mbeidh caidreamh an Aontais leis an Ríocht Aontaithe amach anseo bunaithe.
Ba mhaith linn, thar ceann CESE, comhghairdeas ó chroí a dhéanamh leis an Uas. Michel Barnier, Príomh-Idirbheartaí an Aontais, agus lena fhoireann as an ngairmiúlacht, an miotal agus an taithí a léirigh siad, tríd is tríd, agus iad ag obair gan stad gan staonadh d’fhonn réiteach uile-Eorpach a aimsiú.
Agus, dar ndóigh, ba mhaith linn comhghairdeas a dhéanamh le toscaireacht na Ríochta Aontaithe a rinne an-obair chun go mbainfidís an comhaontú sin amach. Tá a fhios againn go maith nárbh éacht gan dua é sin.
Ón 1 Eanáir 2021, beidh lucht gnó, oibrithe agus saoránaigh ar an dá thaobh de Mhuir nlocht in ann iad féin a eagrú a bhuí leis an gcomhaontú sin. Tagann deimhneacht leis an gcomhaontú sin chomh maith, deimhneacht atá ríthábhachtach chun go mbeidh cuideachtaí in ann a gcuid infheistíochtaí a phleanáil, oibrithe in ann a shocrú cá háit dul ag obair agus saoránaigh in ann cinneadh a dhéanamh maidir le cá háit ar mhaith leo socrú síos.
Laistigh de CESE, leanamar an chaibidlíocht maidir le Brexit go han-dlúth agus chuamar chomh fada le meitheal ad hoc a chur ar bun chun súil a choinneáil ar chúrsaí.
Féachfaidh CESE anois le barrfheabhas a chur ar an gcomhar leis na hinstitiúidí Eorpacha eile agus leis na príomhpháirtithe leasmhara agus féachfaimid freisin le gach nasc is féidir a dhéanamh leis an tsochaí shibhialta sa Ríocht Aontaithe a thógáil. Is é a chreidimid, níos mó anois ná riamh, gurb é sin misean CESE sna blianta amach romhainn agus gur air sin nach mór dúinn díriú.
Christa Schweng
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE)
Jack O'Connor
Cathaoirleach ar Ghrúpa Faireacháin Brexit in CESE