Grúpa Comhairleach Baile an Aontais Eorpaigh faoin gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe

Faoin gcreat institiúideach, foráiltear in Airteagal 13 den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe go mbunóidh gach páirtí Grúpa Comhairleach Baile a bheidh comhdhéanta d’ionadaithe ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta.

Is é an príomhchuspóir atá ag Grúpa Comhairleach Baile an Aontais comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir le cur chun feidhme iomlán an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair (féach thíos). Is é an chéad Ghrúpa Comhairleach Baile de chuid an Aontais é a bhfuil raon feidhme gníomhaíochta chomh leathan sin aige agus díríonn sé ar shaincheisteanna eile seachas an trádáil agus an fhorbairt inbhuanaithe.

I bhfianaise an raon feidhme mór sin nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe, bhí Ghrúpa Comhairleach Baile de chuid an Aontais níos mó ag teastáil chun leas a bhaint as saineolas ó raon leathan geallsealbhóirí agus, san am céanna, chun a áirithiú gur féidir leis an nGrúpa Comhairleach Baile feidhmiú go tapa. Dá bhrí sin, tá 30 suíochán ar an iomlán i nGrúpa Comhairleach Baile an Aontais Eorpaigh faoin gComhaontú Trádála agus Comhair, 24 shuíochán ón líonra leathan d’eagraíochtaí Eorpacha na sochaí sibhialta agus sé shuíochán ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE). Áirithítear leis an gcomhdhéanamh sin go ndéanfar ionadaíocht chothrom ar gheallsealbhóirí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil.

Grúpa Comhairleach Baile an Aontais Eorpaigh faoin gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe

An Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe

Sa Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe concluded between the EU and the UK sets out preferential arrangements in areas such as trade in goods and in services, digital trade, intellectual property, public procurement, aviation and road transport, energy, fisheries, social security coordination, law enforcement and judicial cooperation in criminal matters, thematic cooperation and participation in Union programmes. It is underpinned by provisions ensuring a level playing field and respect for fundamental rights.

Cé nach mbeidh an Comhaontú Trádála agus Comhair cothrom, ar bhealach ar bith, leis dan leibhéal comhtháthaithe eacnamaíoch a bhí ann nuair a bhí an Ríocht Aontaithe ina Ballstát den Aontas Eorpach, tá níos mó i gceist leis ná comhaontuithe saorthrádála traidisiúnta agus cuirtear bonn daingean ar fáil leis chun an cairdeas agus an comhar atá ann le fada an lá a chaomhnú.

Síníodh an Comhaontú an 30 Nollaig 2020, cuireadh i bhfeidhm go sealadach é an 1Eanáir 2021 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2021.

Tá tuilleadh faisnéise agus treorach ar fáil ar leathanach gréasáin an Choimisiúin.

Downloads

EU DAG under EU-UK TCA