Grúpa ad hoc maidir le COP

I mí Feabhra 2022, bhunaigh CESE grúpa ad hoc maidir le Comhdháil Pháirtithe Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (COP) chun rannpháirtíocht CESE a bheadh níos straitéisí, níos cuimsithí agus níos buaine a fhorbairt i bpróiseas UNFCCC.

Is é is aidhm don ghrúpa ad hoc rannpháirtíocht CESE i gcruinnithe bliantúla COP a fheabhsú, agus leanúnachas agus rannpháirtíocht straitéiseach na gcomhlachtaí ábhartha uile de chuid CESE sa phróiseas á n-áirithiú san am céanna. Is léiriú é an grúpa ad hoc sin ar ghníomhú leanúnach CESE ar son na haeráide i rith na bliana agus mar gheall air sin, is féidir bearta forlíontacha éagsúla a úsáid le dul níos faide ná próiseas UNFCCC. Dá ndéanfaí iarrachtaí CESE maidir le gníomhú ar son na haeráide a chuíchóiriú, chuirfí feabhas ar rannchuidiú CESE leis an bpróiseas idirnáisiúnta maidir le rialachas aeráide, agus ar an gcaoi sin dhéanfaí tionchair níos fónta a bhaint amach i dtaca le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais do 2050.

Tá an grúpa ad hoc comhdhéanta de chomhaltaí ó Ghrúpa na bhFostóirí, ó Ghrúpa na nOibrithe agus ó Ghrúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta, chomh maith le hionadaí óige.

Tá sainordú tugtha dó do na cúraimí seo a leanas:

  • eolas a fháil ar phróiseas UNFCCC agus a bheith cothrom le dáta maidir le gnéithe lárnacha na caibidlíochta; d’fhéadfadh sé go n-áireofaí leis sin oiliúint shonrach do Chomhaltaí an Ghrúpa ad hoc (agus do thoscaireacht CESE ag COP);
  • plean oibre bliantúil cuimsitheach a fhorbairt ina ndíreofar go príomha ar an gcéad chruinniú eile de chuid COP, lena n-áirítear príomh-gharspriocanna (tuairimí, imeachtaí, eile), ina sainaithneofar geallsealbhóirí agus comhpháirtithe, ina leagfar amach straitéis chumarsáide, agus ina sainaithneofar foinsí éagsúla faisnéise (e.g. tuarascálacha IPCC a fhoilsiú);
  • cur chuige straitéiseach trasearnála a áirithiú trí dhlúthchomhar le grúpaí agus comhlachtaí éagsúla CESE, agus cur chun feidhme ghníomhaíochtaí COP a éascú in obair chomhlachtaí CESE agus vice versa (e.g. tuairimí ábhartha CESE a nascadh le hobair leanúnach eile);
  • rannchuidiú, i gcás inarb iomchuí, le hobair ullmhúcháin thoscaireacht CESE chuig COP (ar cheart a ballraíocht bhliantúil a bheith bunaithe ar riail leanúnachais 50 % agus ar cheart toscaire breise de chuid an aosa óig a bheith san áireamh inti);
  • comhordú a dhéanamh ar an ullmhúchán don rún ó CESE maidir le COP, a bheidh i gcomhréir le tosaíochtaí an chéad chruinnithe COP eile agus le próisis chaibidlíochta UNFCCC, agus a ghlacfar ar a laghad dhá mhí roimh chruinniú COP;
  • cumarsáid rialta a choinneáil le Biúró NAT agus le comhlachtaí ábhartha CESE chun a áirithiú go mbeidh próiseas COP lárnach i gcinnteoireacht CESE;
  • tuarascáil a thabhairt do Bhiúró CESE trí huaire sa bhliain ar a laghad.

Downloads

Activity report 2022-2023 Ad-hoc group con COP