Gníomhú ar son na haeráide

Nuair a glacadh Comhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide cuireadh tús le ré nua ina bhfuil an comhar domhanda i réim chun dul i ngleic le maolú ar an athrú aeráide agus leis an oiriúnú aeráide d'fhonn an t-ardú teochta domhanda a choimeád faoi bhun 2ºC. Tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an-ghníomhach maidir le saincheisteanna aeráide agus tacaíonn sé le Comhaontú Pháras trí chruinnithe a eagrú d'fhonn rannpháirtíocht ghníomhach na sochaí sibhialta a spreagadh. Eisíonn an Coiste tuairimí maidir le réimse leathan saincheisteanna amhail an ceartas aeráide, aistriú cothrom chuig geilleagar ísealcharbóin agus an gá atá le comhar il-leibhéil, il-gheallsealbhóra i réimse an rialachais aeráide. Glacann an Coiste páirt sa Chomhdháil bhliantúil de na Páirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide agus i gcruinnithe mullaigh de chuid na sochaí sibhialta atá dírithe ar an aeráid agus a thugann gníomhaithe neamhstáit le chéile.