Le Pietro Barbieri

Is sa tréimhse i ndiaidh an chogaidh a tháinig an spórt do dhaoine faoi mhíchumas chun cinn mar chuid den leigheas athshlánaithe. Ba chaoi a bhí ann leis an bhfisiteiripe a dhéanamh níos suimiúla agus níos taitneamhaí. Chabhraigh an súgradh agus an spraoi le daoine eolas a chur arís ar aoibhneas an tsaoil, agus bail mhaith orthu arís i gcás ina raibh tráma i gceist, nó iad sa chorp a fuair siad ó bhroinn.

Tá dhá aidhm ar leith i gceist: neamhspleachás an duine a neartú agus cabhrú leis an féiniúlacht fhírinneach mhaith a fháil ar ais. D’fhéadfaí a rá inniu gur athraigh an bhéim ón spraoi a bhí dírithe ar an athshlánú go cumhachtú an duine, is é sin le rá, cumhacht a thabhairt dóibh siúd a bhraith nach raibh aon chumhacht acu nó go raibh a lúth agus a láthar caillte acu – cumhacht a bheith acu orthu féin agus lena gcinntí féin a dhéanamh. Is é sin bun agus barr chearta an duine.

An bealach nádúrtha chun é sin a dhéanamh ná trí íomhá shóisialta daoine – an íomhá a fheiceann daoine eile. Téann bealach an fhéin-téarnaimh díreach isteach sa phobal ina gcónaíonn daoine. Páirt a ghlacadh sa spórt, is caoi é chun cearta bunúsacha agus dínit an duine féin a éileamh.

Turas fada sa dorchadas a bhí ann; bhí ceannródaithe na 1960í ina laochra roimh am. Mar sin féin, ba laochra iad sa turas fada idir an tréimhse sin agus an t-am i láthair. Ba streachailt a bhí ann aitheantas a bhaint amach do chumas lúthchleasaíochta na lúthchleasaithe parailimpeacha.

Ní dhéanfar dearmad go deo ar Chluichí Oilimpeacha Shúl in 1988. Ba é sin an buaicphointe sa troid chun aitheantas a bhaint amach i saol an spóirt, earnáil ina raibh an stiogma a bhain le hidéil an choirp, na gcéadfaí agus na meabhrach chomh seanbhunaithe sin gur chonstaic níos mó a bhí ann ná fiú cuimsiú daoine faoi mhíchumas i saol na hoibre, earnáil ina raibh réamhclaonadh a bhain le neamhtháirgiúlacht i réim. Bhí tábhacht stairiúil leis na Cluichí Oilimpeacha sin toisc go raibh Coiste Idirnáisiúnta na gCluichí Oilimpeacha ag iarraidh comórtais a thabhairt isteach do lúthchleasaithe faoi mhíchumas agus go mbeadh na comórtais sin ar siúl ar a seal agus i gcomhthráth le comórtais na ndaoine nach raibh faoi mhíchumas. Ba thurgnamh é nár tharla ach an aon uair amháin, toisc go raibh sé deacair an cur chuige sin a ghlacadh de thoradh fadhbanna eagraíochtúla – go háirithe fadhbanna a bhain leis an inrochtaineacht. Cé gur smaoineamh conspóideach a bhí ann, d’fhág an iarracht sin go bhfuil na Cluichí Parailimpeacha ann inniu, rud a thugann aitheantas ceart d’iarrachtaí lúthchleasaíochta gach lúthchleasaí parailimpeach. Faoi dheireadh, bhí saol cuimsitheach spóirt ann inar féidir le gach duine spórt a chleachtadh, ar mhaithe le cách. Ré úrnua.

Ón uair sin ar aghaidh, ba ghá an spórt parailimpeach a dhéanamh níos tarraingtí don líon mór daoine a lean an spórt ar an láthair nó ar an teilifís. In 1988 in Súl, bhí na tráchtairí teilifíse chomh haineolach sin nach raibh a fhios acu fiú cé na lúthchleasaithe ab fhearr sna comórtais éagsúla. Mar is féidir a shamhlú, ba thubaisteach an toradh a bhí ar an turgnamh. Le himeacht aimsire, chuir na hiriseoirí spóirt eolas ar ghníomhaíochtaí na lúthchleasaithe faoi mhíchumas. Ba chéim thábhachtach a bhí ann maidir leis an scéal a athrú.

Blianta ina dhiaidh sin eagraíodh cluichí tábhachtacha eile le linn Chluichí Oilimpeacha Londan in 2012. Rinneadh eagrú den scoth ar na cluichí, agus bhí feachtas láidir teilifíse sa Ríocht Aontaithe go háirithe. D’fhág sin go raibh na staideanna lán go béal i ngach réimse spóirt. Ba é sin an tráth freisin a bhain lúthchleasaithe áirithe cáil amach – a bhuí leis an insint nua ag iriseoirí ar an scéal, díreach ar nós a gcomhghleacaithe sna Cluichí Oilimpeacha.

Tá an domhan athraithe go mór ó bhí na 1950idí ann. Is buntáiste coiteann de chuid shaol an mhíchumais é an bhraistint nach bhfuil daoine faoi mhíchumas ceilte a thuilleadh. Tríd an scéal seo tá súil againn gur féidir an rud céanna a bhaint amach i ngach réimse de shaol an duine, díreach mar atá luaite i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas: ‘teastaíonn athrú ó bhonn’. In ainneoin gach rud, is cinnte gur tharla athrú dá leithéid.