European Economic
and Social Committee
Tionscnamh Hannah Arendt in aois a dhá bhliana: Iriseoirí i réigiúin ghéarchéime agus ar deoraíocht a chosaint
Ar cheann de na cláir a cuireadh i láthair i seimineár ‘Connecting EU’ 2024 a bhí dírithe ar an iriseoireacht, bhí Tionscnamh Hannah Arendt. Is éard atá i gceist leis an tionscnamh líonra d’eagraíochtaí ón tsochaí shibhialta a chuireann idir thacaíocht agus chosaint ar fáil d’iriseoirí a bhíonn ag obair faoi bhrú millteanach agus atá faoi réir cinsireachta, ciapadh agus géarleanúna. Clár cosanta atá ann a mhaoiníonn Rialtas Cónaidhme na Gearmáine. Cuireann an tionscnamh tacaíocht luachmhar den uile shórt ar fáil d’iriseoirí ar fud an domhain – ón Afganastáin agus ón tSúdáin go dtí an Rúis agus an Úcráin – bídís ina dtíortha dúchais nó ar deoraíocht.
Nuair a chuirtear guthanna criticiúla ina dtost, nuair a chuirtear iriseoirí i bpríosún agus nuair a dhéantar eagraíochtaí iomlána na meán a dhúnadh síos, fágtar an pobal gan rochtain ar fhaisnéis neamhspleách. Gan fianaise den sórt sin, ní bhíonn daoine in ann tuairimí dá gcuid féin a fhorbairt ná ní bhíonn córais dhaonlathacha in ann feidhmiú.
Agus dhá bhliain imithe thart ó sheol Rialtas Cónaidhme na Gearmáine Tionscnamh Hannah Arendt, níl feabhas tagtha ar na cúrsaí sin go fóill, nó is measa fós iad fiú. Léiríonn an tInnéacs Domhanda is déanaí de Shaoirse an Phreasa a tharraing na Tuairisceoirí gan Teorainneacha (RSF) anuas go bhfuil na dálaí do ghairmithe sna meáin tar éis dul in olcas ar fud an domhain. Ní raibh a oiread céanna tíortha sa chatagóir íochtair le breis agus deich mbliana anuas agus atá anois (36 san iomlán). Déantar cur síos ar staid na dtíortha sa chatagóir úd mar bheith ‘an-tromchúiseach’. Faigheann iriseoirí ó roinnt tíortha sa chatagóir sin, ina bhfuil an Rúis, an Afganastáin agus an tSúdáin mar shampla, tacaíocht ó thionscadail le heagraíochtaí comhpháirtíochta Thionscnamh Hannah Arendt.
A bhuí le Tionscnamh Hannah Arendt – clár cosanta a mhaoiníonn Oifig Cónaidhme Gnóthaí Eachtracha na Gearmáine agus Coimisinéir Rialtas Cónaidhme na Gearmáine do Chultúr agus do na Meáin – cuirtear a lán tacaíochtaí éagsúla ar fáil do lucht oibrithe na meán, bídís ina dtír dhúchais nó ar deoraíocht. Tarlaíonn sé in amanna gur féidir lámh chúnta a thabhairt fiú nuair a ceapadh ar dtús nach bhféadfaí rud ar bith a dhéanamh. Mar shampla, tá tionscadal ann faoin tionscnamh a chuireann tacaíocht ar fáil d’iriseoirí ban san Afganastáin, cuir i gcás oiliúint sábháilteachta, scoláireachtaí agus meantóireacht teanga dúchais. Tá líon suntasach ban ann a bhí ag obair sna meáin a chaill an post a bhí acu ó tháinig an Talaban i gcumhacht in 2021. Is ar éigean atá aon bhean ag obair ar an raidió nó ar an teilifís sa lá atá inniu ann mar gheall air sin. Go deimhin, ó tharla an méid sin ar fad, tá crapadh suntasach tagtha ar an earnáil trí chéile.
Is féidir le lucht oibrithe na meán ón Rúis agus ón tSúdáin tacaíocht a fháil faoi Thionscnamh Hannah Arendt i dtíortha comharsanachta. Tá lárionaid speisialta curtha ar bun atá mar phointí teagmhála d’oibrithe na meán atá ar deoraíocht. Eagraíonn comhpháirtithe an tionscnaimh na lárionaid sin nó tacaíonn siad leo. Is spásanna sábháilte iad na moil sin d’oibrithe na meán atá ar deoraíocht chomh maith le Casa para el Periodismo Libre (.i. spás d’iriseoirí ar deoraíocht) i Meiriceá Láir ina gcuirtear comhairle shíceolaíoch agus dhlíthiúil ar fáil. Ní hamháin sin ach cuirtear oiliúint bhreise ar fáil sna moil sin agus is túsphointe maith chun líonraithe iad do lucht sin na meán a ndéantar géarleanúint orthu ina dtíortha dúchais ar chúiseanna éagsúla.
Cur chuige eile a leantar faoi Thionscnamh Hannah Arendt is ea struchtúir eagarthóireachta inbhuanaithe a atógáil agus na hoibrithe sin ar deoraíocht. An sprioc atá aige sin ar fad ná a chinntiú gur féidir le daoine i dtíortha ollsmachtacha dúchais na n-iriseoirí faisnéis neamhspleách a fháil i gcónaí.
Ní d’iriseoirí ón Afganastáin, ón Rúis agus ón tSúdáin amháin a thugtar tacaíocht. Tá an tionscnamh gníomhaíoch ar fud an domhain agus tá sé solúbtha a dhóthain le freagairt do chásanna slándála atá ag dul in olcas. Is d’oibrithe na meán ón mBealarúis, Mheiriceá Láir, Maenmar, an Afraic Thuaidh agus an Úcráin atá tacaíocht á tabhairt den chuid is mó faoi láthair. Is cás speisialta í an Úcráin mar is é sprioc obair sin an tionscadail a chinntiú go leanfar den tuairisciú ar an gcogadh leanúnach. Teastaíonn cúnamh ábhartha agus teicniúil chuige sin, i dteannta le hoiliúint agus árachas sonrach le haghaidh oibríochtaí ar an líne thosaigh.
Tá na ceithre eagraíocht seo a leanas ón tsochaí shibhialta ina gcomhpháirtithe de Thionscnamh Hannah Arendt: DW Akademie, Ciste na hEorpa d’Iriseoirí ar Deoraíocht (JX-Fund), Na Meáin i gComhar agus i mbun Aistriú (MiCT), agus an Lárionad Eorpach um Shaoirse an Phreasa agus na Meán (ECPMF) Caithfidh an clár a bheith saor ó rialú stáit. Teastaíonn neodracht stáit uaidh freisin. Is ar bhonn critéir neamhchlaonta amháin a dheonaítear maoiniú, agus is giúiréithe neamhspleácha atá saor ó thionchar an stáit a dhéanann a cinneadh maoiniú a dheonú.
Chun tuilleadh eolais a fháil, féach https://hannah-arendt-initiative.de/hannah-arendt-initiative-english/ nó is féidir scríobh chuig info@hannah-arendt-initiative.de.
Is líonra é Tionscnamh Hannah Arendt chun iriseoirí agus na meáin ar fud an domhain a chosaint. Bunaíodh é in 2022 ar thionscnamh Oifig Cónaidhme Gnóthaí Eachtracha na Gearmáine agus Coimisinéir Rialtas Cónaidhme na Gearmáine do Chultúr agus do na Meáin.