European Economic
and Social Committee
Súil ghéar ar Chomhaontú Tionsclaíoch Glan an Aontais:
Le Michal Pintér, toscaire de chuid an Choimisiúin Chomhairligh um Athruithe Tionsclaíocha (CCMI) in CESE
Aithnítear sa Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan (CID) a foilsíodh le déanaí an tábhacht straitéiseach atá le tionscail dianfhuinnimh do gheilleagar an Aontais, agus sainaithnítear i gceart ann na príomhdhúshláin atá rompu. Cé go bhfuil smaointe suaitheanta ann – margaí luaidhe glasa, tacaíocht don gheilleagar ciorclach agus cistiú le haghaidh dícharbónú – níl an phráinn agus an dánaíocht is gá sna bearta chun stop a chur leis an meath ar thionscail dianfhuinnimh na hEorpa.
Sa tuairim a glacadh le déanaí Todhchaí thionscail dianfhuinnimh an Aontais i bhfianaise praghsanna arda fuinnimh agus costais arda an aistrithe, d’aithin Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa bearna mhór iomaíochais idir EIInna san Aontas agus tionscail iomaitheoirí domhanda. Bhí an ceart ag an gCoimisiún an milleán a chur ar phraghsanna fuinnimh ós iad is cúis leis sin. Mar sin féin, ní mholtar sa Chomhaontú ná sa Phlean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne aon athchóiriú ar dhearadh an mhargaidh leictreachais. Bhí toradh fónta go leor ar an bpraghsáil imeallach fad a bhí an tAontas ag baint tairbhe as gás na bpíobán ar phraghas réasúnta íseal agus réasúnta cobhsaí ón Rúis. Ar an drochuair, tá athrú tagtha ar an saol, mar táimid faoi anáil na soláthairtí GNL feasta, rud atá luaineach costasach. Is baol gur mar sin a bheidh an scéal go ceann tamall de bhlianta. Ainneoin méadú ar an sciar den leictreachas atá saor ar iontaise ar chostas íseal i meascán fuinnimh an Aontais, tá praghsanna breoslaí iontaise fós ag imirt tionchair nach beag ar mhúnlú phraghsanna an leictreachais.
Is díol sásaimh na hiarrachtaí beartais chun foinsí fuinnimh in-athnuaite a mhéadú, ach ní laghdaíonn siad na billí leictreachais mar gheall ar dhearadh an mhargaidh i láthair na huaire. Tá gá le bearta láithreach bonn chun tairbhí costais an leictreachais in-athnuaite a aistriú chuig tionscail agus chun measúnú a dhéanamh ar na roghanna maolaithe praghsanna uile, rud lena n-áirítear díchúpláil praghsanna leictreachais.
Aithnítear sa Chomhaontú freisin bealaí éalaithe sa Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (gan réiteach ar an onnmhairiú, ná ar atheagrú agus ar imchéimniú na n-acmhainní) agus ionstraimí cosanta trádála. Mar sin féin, is beag leargas a thugann sin dúinn, ar an drochuair, faoin gcaoi a gcosnófar margadh an Aontais, rud a fhágann nach bhfuil EIInna cinnte faoi chogadh trádála domhanda.
Tá CESE ag tathant ar institiúidí an Aontais bearta cinntitheacha a chur chun feidhme i bpleananna gníomhaíochta earnáilsonracha, d’fhonn tuilleadh díthionsclaithe a chosc agus acmhainneacht an Aontais maidir le claochlú tionsclaíoch a choinneáil ar bun.