European Economic
and Social Committee
Ag scéalaíocht chun éalú ón stiogma maidir le neamhoird itheacháin
Tá neamhoird itheacháin ag cur as do níos mó ná 55 mhilliún duine ar fud an domhain, arb ógánaigh cuid mhaith acu, rud a imríonn tionchar ar a sláinte fhisiciúil agus ar a meabhairshláinte. Cuireann stiogma cosc ar go leor daoine cabhair a lorg. Is é is aidhm don tionscadal Telling Stories for Good, atá á reáchtáil ag an eagraíocht Iodálach Animenta, deireadh a chur le steiréitíopaí, an luathaithint a chur chun cinn agus tacaíocht a chur ar fáil. Ó bhí 2021 ann, tá teagmháil déanta ag Animenta le níos mó ná 10 000 dalta san Iodáil. Labhraíomar le Aurora Caporossi, Uachtarán agus bunaitheoir Animenta.
Cad a spreag thú chun tús a chur le do thionscadal?
Is mar gheall ar an ngá atá ann guth a thabhairt do gach duine a bhfuil neamhord itheacháin ag cur as dóibh a tháinig Animenta ar an bhfód, ach freisin chun guth a thabhairt dóibh siúd mórthimpeall orthu. Is é is aidhm don chumann a áirithiú go mbeidh rochtain chuí ag daoine ar chóireáil le haghaidh neamhoird itheacháin, toisc gur féidir le daoine neamhord itheacháin a leigheas má thugtar an deis dóibh é sin a dhéanamh iad féin.
Cén chaoi ar glacadh leis an tionscadal? An bhfuarthas aiseolas ó na daoine ar cuidíodh leo? An bhfuil sampla agat is féidir leat a thabhairt dúinn?
‘Ba in Animenta ar cuireadh fáilte romham, thuig mé go raibh neamhord itheacháin ag cur as dom freisin cé nach raibh mé ró-éadrom.’ Seo teachtaireacht a chuir duine dár bpobal chugainn roinnt míonna ó shin a chuir ar ár súile dúinn tábhacht agus tionchar ár gcuid oibre. Fáiltíodh roimh Animenta le teann fiosrachta, ach freisin le teann dóchais go bhféadfaimis athrú a thabhairt i gcrích.
Cén leas a bhainfidh an eagraíocht as an maoiniú áirithe seo chun cúnamh breise a chur ar fáil sa phobal? An bhfuil tionscadail eile á bpleanáil agat cheana féin?
Ba mhaith linn cur de réir a chéile leis an infheistíocht a dhéanaimid inár dtionscadail sna scoileanna chun an tionchar atá againn a leathnú. Ar an gcaoi chéanna, úsáidfimid cistí chun grúpaí féinchabhrach a thosú dóibh siúd a bhfuil neamhord itheacháin ag cur as dóibh. I measc na dtionscadal atá ag Animenta, tá campaí Animenta, ar campaí sé lá iad sin sa nádúr a ligeann do dhaoine a gcaidreamh leo féin, an caidreamh idir iad féin agus a gcorp agus an caidreamh idir iad féin agus an bia a athaimsiú.
Cén chomhairle a chuirfeá ar eagraíochtaí eile i dtreo is go mbeadh rath orthu freisin agus iad i mbun na gcineálacha gníomhaíochtaí agus clár seo?
Tosaigh le scéalta chun foghlaim faoi na rudaí atá ag cur as don phobal a bhfuil tú ag plé leis. Iarr aiseolas, agus tabhair amach ceistneoirí chun tuiscint a fháil ar a bhfuil de dhíth orthu. Ach thar aon ní eile gabh amach sa phobal chun scéal do streachailte a insint agus focal a scaipeadh faoin athrú is mian leatsa a thabhairt i gcrích. Ag an am céanna, tá sé ríthábhachtach teagmháil a dhéanamh le daoine eile chun córas tacaíochta éifeachtach agus éifeachtúil a chruthú.
I do thuairim, an aithnítear neamhoird itheacháin i gceart inniu mar fhadhb thromchúiseach mheabhairshláinte? An bhfaigheann daoine atá thíos leis seo an tacaíocht chuí agus cad ba cheart a dhéanamh chun é seo a fheabhsú?
Sa lá atá inniu ann tá níos mó cainte faoi neamhoird itheacháin, agus mar sin de is féidir linn a rá go bhfuil tuilleadh eolais ann. Mar sin féin, is galair iad a bhfuil stiogma sóisialta domhain agus a lán steiréitíopaí ag baint leo. Creideann roinnt daoine, fiú sa lá atá inniu ann, gur easpa féinsmachta nó nóisean is cúis le neamhoird itheacháin. I ndáiríre, is tinneas casta síciatrach iad neamhoird itheacháin a dteastaíonn cóireáil chuí uathu, rud nach mbíonn ar fáil i gcónaí faoi láthair toisc nach bhfuil go leor ionaid chóireála ann agus nach féidir le go leor daoine rochtain a fháil ar an gconair chóireála.