European Economic
and Social Committee
‘Murach é a bheith ann, is rud é a chaithfí a chruthú’ – Grúpa Idirchaidrimh CESE ag comóradh na 20 bliain
Ag ceiliúradh 20 bliain an Ghrúpa Idirchaidrimh in CESE dóibh, d’iarr bunaitheoirí agus comhaltaí reatha an Ghrúpa go ndéanfaí bearta gníomhacha chun daonlathas na hEorpa, spás poiblí oscailte agus Eoraip chóir a chosaint.
An 11 Nollaig, reáchtáil Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) comóradh 20 bliain ar an nGrúpa Idirchaidrimh le líonraí Eorpacha na sochaí sibhialta, an t-aon chomhlacht buan le haghaidh idirphlé polaitiúil agus comhar struchtúrtha idir eagraíochtaí na sochaí sibhialta (ESSanna) agus institiúidí an Aontais. Le fiche bliain anuas, is tábhachtach an ról atá ag an nGrúpa Idirchaidrimh le glór na sochaí sibhialta eagraithe a mhéadú agus na hábhair imní atá aige a chur ar chlár oibre na hEorpa. Tá 45 líonra de chuid na sochaí sibhialta sa ghrúpa, líonraí atá gníomhach ar an leibhéal Eorpach, grúpa a dhéanann cuimsiú go hiomlán na prionsabail a chumhdaítear in Airteagal 11 den Chonradh.
‘Ós ag ceiliúradh 20 bliain an Ghrúpa Idirchaidrimh CESE atáimid, tugaimid ómós ní hamháin dá chuid gaisce, ach freisin do na comhpháirtíochtaí marthanacha a mhúnlaigh an daonlathas rannpháirtíochta san Eoraip. Le fiche bliain anuas, is ag fás atá an Grúpa Idirchaidrimh ionas gur ardán bríomhar anoi sé, rud a mhéadaíonn glór na sochaí sibhialta, agus rud a chothaíonn comhoibriú idir páirtithe leasmhara éagsúla dá réir. Ag féachaint na todhchaí dúinn, seasaimis le chéile chun luachanna daonlathacha a neartú, an spás sibhialta a leathnú, agus an Eoraip a mhúnlú ionas go ndéanfaidh sí freastal go fírinneach ar a muintir ar fad,’ a dúirt Uachtarán CESE, Oliver Röpke, san aitheasc tosaigh uaidh.
‘Ní éasca an turas atá curtha dínn againn,’ a mhínigh Brikena Xhomaqi, Comhchathaoirleach an Ghrúpa Idirchaidrimh, ‘ach d’fhoghlaimíomar le muinín a bheith againn as a chéile. Agus tá súil agam go neartóimid an comhar seo eadrainn chun troid i bhfochair a chéile ar mhaithe le straitéis chomhleanúnach Eorpach maidir leis an tsochaí shibhialta’.
San óráid thábhachtach a thug sí féin, dhearbhaigh Katarina Barley, Leas-Uachtarán Pharlaimint na hEorpa atá freagrach as caidreamh le heagraíochtaí na sochaí sibhialta: "Mar Pharlaimint na hEorpa, táimid ullmhaithe chun ár gcomhar leis an nGrúpa Idirchaidrimh a neartú. Tá gá le comhar a bheadh níos struchtúrtha agus is mithid na heagraíochtaí na sochaí sibhialta a bheith páirteach ann. Ar scáth a chéile is ea ba cheart dúinn tuilleadh oibre a dhéanamh chun cur i gcoinne na mbagairtí ar an daonlathas san Aontas Eorpach, bagairtí atá níos mó ná riamh i stair an Aontais,' ag cur leis, maidir leis an nGrúpa Idirchaidrimh, 'Murach é a bheith ann, is rud é a chaithfí a chruthú.'
D’fhreastail céad duine agus tuilleadh díobh sin ar tugadh cuireadh dóibh, daoine lena n-áirítear roinnt príomhphearsana in earnáil na sochaí sibhialta, ar an imeacht bríomhar lena ndearnadh comóradh 20 bliain an Ghrúpa Idirchaidrimh. Orthu sin bhí ionadaithe ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta ón tSeirbia agus ón Moldóiv, i gcomhréir le beartas CESE maidir le cuireadh a thabhairt d’ionadaithe ó thíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas páirt a ghlacadh ina chuid oibre. Bhí ceathrar iar-Uachtarán ar CESE, Staffan Nilsson, Henri Malosse, Luca Jahier agus George Dassis i láthair freisin. Chuir an tUasal Jahier i bhfios agus i bhfáth go bhfuil sé de fhreagracht ar CESE ardán a bhunú agus a choinneáil don idirphlé sibhialta, agus dúirt an tUasal Dassis ‘gurb é an rud is mó ná síocháin a bheith ann, agus síocháin a bhaint amach, ní mór dúinn a bheith láidir agus seasamh le chéile.’
B’fhéidir nár éirigh leat féin a bheith i láthair. Murar éirigh, féach taifeadadh na hócáide, ar an ráiteas comhpháirteach ó Uachtaránacht an Ghrúpa Idirchaidrimh, ar an bhfíseán deiridh, ar na pictiúir agus ar an bpreasráiteas ar leathanach na n-imeachtaí anseo. (lm)