European Economic
and Social Committee
Future 500: gnó na hEorpa a chur ar an scála domhanda ionas gur maith a éireoidh leis
Is mithid cor eile a bhaint as Tuarascáil Draghi sula slogfar i gcaochpholl na polaitíochta í. Teastaíonn straitéisithe agus lucht ceaptha beartas maith uainn, daoine a bheidh in ann dul thar shrianta na tuarascála seo amach agus straitéisí a fhorbairt do bheartas tionsclaíoch an Aontais’, arsa Stjepan Orešković, fiontraí agus eolaí ón gCróit. In éineacht le Jörn Fleck, stiúrthóir sinsearach le hinstitiúid na meithle machnaimh trasatlantaí, chuir sé an tionscnamh uaillmhianach ‘Future 500’ i láthair ag an gcomhdháil idirnáisiúnta phoiblí Conclave II sa Bhruiséil. Mar chuid d’ardán níos leithne na Comhairle Atlantaigh, SEEUS Futures, tá sé d’aidhm ag ‘Future 500’ 500 cuideachta Eorpach a shainaithint agus tacú leo, cuideachtaí atá in inmhe foráis agus forbartha, cuideachtaí a bhfuil sé d’acmhainn iontu tionchar a imirt ar an domhan mór. Is éard is sprioc dó tacú le fiontraithe nua na hEorpa le dul san iomaíocht ar fud an domhain, agus láithreacht na hEorpa ar an stáitse eacnamaíoch idirnáisiúnta a threisiú. Thug Stjepan Orešković tuilleadh léargais dúinn ar an tionscadal.
Abair linn go hachomair céard is príomhsmaoineamh don tionscadal ‘Future 500’?
Agus leas á bhaint as léargais ó thuarascálacha tábhachtacha ar thodhchaí na hEorpa – arna n-ullmhú ag Draghi, Letta, agus Heitor – tuarascálacha a ndearnadh anailís orthu trí lionsa déúil na n-eolaithe agus na bhfiontraithe, ardaíonn an tionscnamh roinnt ceisteanna criticiúla: Cé a chuirfidh na pleananna iomaíochais sin i bhfeidhm, an Compás Iomaíochais nuafhoilsithe san áireamh? Cé na meicníochtaí a úsáidfear? Cé na costais a thabhófar? Agus cén toradh is dócha a bheith orthu le hais na gcuideachtaí a rinne forás mór sna Stáit Aontaithe le déanaí? Is é tionscadal “Future 500” is bunchloch d’ardán SEEUS . Is é is urlabhraí ina réimse fein do na Stáit Aontaithe, don Aontas Eorpach, agus d’Oirdheisceart na hEorpa. Rud is aidhm dó an tsofheictheacht agus an comhar a threisiú i measc na réigiún seo. Tá sé deartha go straitéiseach chun aghaidh a thabhairt ar riachtanas práinneach na hEorpa timpeallacht dhinimiciúil a chothú, rud a ardaíonn cuideachtaí áitiúla chuig leibhéal na gceannairí ar an ardán domhanda. Is ar na nithe seo a leanas a dhíríonn an tionscnamh: an caipiteal fiontair, treoir straitéiseach, soláthar na líonrú idirnáisiúnta; foghlaim ó na saineolaithe, Dani Rodrik ó Ollscoil Harvard agus Beata Jaworcik ó BEAF, cuir i gcás, chun beartais thionsclaíocha an 21ú haois a fhorbairt, beartais a chuireann feabhas mór ar an seasamh atá againn ó thaobh na hiomaíochta de.
An bhfuil ábhair iarrthóirí agat fós don 500 cuideachta atá beartaithe agat a roghnú? Cad iad na riachtanais bhunúsacha a chaithfeadh na cuideachtaí a chomhlíonadh chun go roghnófaí iad?
Cé nár roghnaíodh cuideachtaí ar leith fós, díreoidh ‘Future 500 ’ ar eintitis a bhfuil inscálaitheacht agus acmhainneacht fáis thapa acu. Is próiseas oscailte leanúnach a bheidh ann, agus tabharfar tús áite don ghealltanas eacnamaíoch, don nuálaíocht agus don tábhacht straitéiseach laistigh dá n-earnáil féin. Féachfaimid freisin le comhpháirtíochtaí a bhunú le bainc forbartha iltaobhacha agus le hinfheisteoirí atá ag tacú faoi láthair le cuideachtaí ionas gur fórsa iomaíoch a bheidh iontu. Táthar ag díriú ar chuideachtaí a léiríonn conair láidir fáis, sinb agus cumais nuálacha, mar aol le huaillmhian chun scála domhanda. Cinntíonn sé seo go bhfuil na cuideachtaí ní hamháin ceannairí margaidh ach freisin ceannródaithe sa teicneolaíocht agus sna samhlacha gnó. An taithí atá ann de bharr tionscadail mhaithe mar Scale-Up Europe, tionscadail a thugann le chéile bunaitheoirí, infheisteoirí, feidhmeannaigh agus eolaithe, sin é an bunús a bheidh leis an obair. Is éard is aidhm dúinn más ea, gaiscígh na teicneolaíochta a mhealladh chun lonnaíochta san Eoraip. Maidir le tíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas, tá na cuideachtaí a d’fhéadfadh a bheith roghnaithe ríthábhachtach. Léireoidh siad prionsabail an gheilleagair nua agus beidh siad ina n-eiseamláirí do ghnólachtaí uaillmhianacha atá iomaíoch go hidirnáisiúnta, gnólachtaí nach mbraitheann den chuid is mó ar mhaoiniú ó cháiníocóirí náisiúnta.
Cé chomh dóchasach atá tú faoi acmhainneacht iomaíochais na hEorpa ar an leibhéal domhanda?
Tá dóchas nach beag ann faoi chumas na hEorpa an seasamh iomaíoch atá aige go domhanda a neartú ach scaradh le dearcadh seo na féintrua atá i réim. Maidir le torthaí iomlána thagarmharc stoic an limistéir euro, ó thosaigh margadh seo na dtarbh go déanach in 2022, is torthaí iad is airde ná S&P 500, má chuirimid Nvidia as an áireamh. Tá córais shóisialta agus sláinte na hEorpa ag cothú shláinte agus bhrí na ndaoine ar feadh tréimhsí níos faide ar chostas i bhfad níos ísle, agus tá tionchar dearfach acu ar tháirgiúlacht agus ar iomaíochas ár ngeilleagair ar scála domhanda.
Táimid ag iarraidh adhmad a bhaint as coincheap úd Immanuel Kant, ‘an díograis a mbíonn toradh fónta air’, coincheap a luaigh sé i gcomhthéacs Réabhlóid na Fraince. Tig le meon mar sin fórsa bríomhar a dhéanamh den dúshlán. Nuair a tharlaíonn amhlaidh, bíonn toil ann is deacair a chloí. Tá an iomarca muca méithe ann, agus an iomarca peataí coileán – na haicmí saibhre nach bhfuil aon phráinn iontu gona lucht leanta ró-umhal gan uaillmhian. Is le daoine dá leithéid sin atáthar ag cuimilt meala le fiche bliain anuas. Ina leaba sin, tá níos mó fir agus mná óga de dhíth orainn atá santach chun gnímh – daoine uaillmhianacha, spreagadh mór iontu, iad réidh chun tabhairt faoi dhúshláin na hoibre.
Is é is aidhm don tionscnamh ‘Future 500’ aghaidh a thabhairt go réamhghníomhach ar shaincheisteanna ainsealacha a luaitear sna tuarascálacha iomaíochais, an gá atá le nuálaíocht mhisniúil, cuir i gcás, sin agus scálú na bhfiontar. Beidh seasamh domhanda na hEorpa ag brath go mór ar a cumas na hardteicneolaíochtaí a chomhtháthú, tallann fiontraíochta a chothú, agus beartais thionsclaíocha a bheachtú chun tacú le fás cuimsitheach. Ach leas a bhaint as an lucht saothair dea-oilte, as oidhreacht shaibhir nuálach, agus as earnálacha tionsclaíocha traidisiúnta agus nua – agus aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna amhail ilroinnt rialála agus míchothromaíochtaí margaidh féachtar leis an tionscnamh le timpeallacht thorthúil a chruthú do cheannairí gnó agus do nuálaithe.
Is céim thábhachtach é an tionscnamh ‘Future 500’ chun tírdhreach eacnamaíoch na hEorpa a thástáil, an mhór-roinn a shuí mar iomaitheoir domhanda trí chuideachtaí ardacmhainneachta a chothú agus an t-éiceachóras fiontraíochta a neartú. Ní féidir an freasúra a shárú gan fios a sloinne.
Is eolaí agus fiontraí é an Dr Stjepan Orešković. Is comhalta é de chuid Acadamh Eorpach na hEolaíochta agus na nEalaíon, agus tá sé ar dhuine de bhunaitheoiríBosqar Invest. Faoina cheannaireacht teaghlaigh, mhéadaigh Bosqar Invest an fhoireann a bhí acu ó 300 go dtí os cionn 16,000 fostaí laistigh de chúig bliana, ag taispeáint straitéis mhéadaithe rímhaith a chomhtháthaíonn an eolaíocht, an teicneolaíocht, infheistíochtaí ó chistí pinsin agus eile, agus misneach fiontraíochta – cur chuige ríthábhachtach a mholtar i dtuarascáil Draghi. Is dócha go raibh tionchar ag an mbéim straitéiseach seo ar thionscnamh Chomhairle an Atlantaigh ar an tionscadal Future 500 a bhfuil sé ag trácht air.