Agus an láthair oibre á hathchruthú ag an intleacht shaorga (IS), tá sé ríthábhachtach leanúint de IS duinelárnach a chur chun cinn agus beartais a mholadh a aimsíonn cothromaíocht idir forbairt láidir IS san Eoraip, an ceartas sóisialta, agus cearta na n-oibrithe, b’in an mhórtheachtaireacht a cuireadh in iúl le linn díospóireacht ardleibhéil a tionóladh in CESE.

Mar chuid de sheisiún iomlánach mhí Eanáir, reáchtáladh díospóireacht in CESE maidir le húsáid IS san ionad oibre, mar ar labhair Uachtarán CESE, Oliver Röpke; Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin Eorpaigh, Roxana Mînzatu; agus Leas-Aire Teaghlaigh, Saothair agus Beartais Shóisialta na Polainne, Katarzyna Nowakowska; i measc daoine eile.

Dúirt an tUas. Röpke an méid a leanas nuair a chuir sé tús leis an bplé: ‘Tá an intleacht shaorga ar cheann d’fheiniméin is mó bunathrú na linne seo. Níl aon chuimse lena bhféadfaí a bhaint amach léi ach, mar sin féin, ní beag na dúshláin a ghabhann léi. An díospóireacht a reáchtáladh inniu, dhearbhaigh sí an athuair a thábhachtaí atá sé beartas IS a fhréamhú go daingean i bprionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta.

Rinne an Leas-Uachtarán Roxana Mînzatu an pointe a leanas a chuir leis an bplé: ‘Agus muid ag cuimhneamh ar IS, go háirithe IS san ionad oibre, ba cheart féachaint ar bhealaí le borradh a chur faoin infheistíocht sa taighde agus sa nuálaíocht, agus leis an gcaoi ar féidir le cuideachtaí na hEorpa forbairt a dhéanamh sa réimse seo le go mbeadh ár dteicneolaíochtaí féin againn agus iad oilte ar shonraí Eorpacha agus bunaithe ar luachanna Eorpacha. Má chloímid leis na luachanna atá againn ó thaobh na gceart sóisialta agus an chomhionannais de, cinnteoimid gurb ionann na cearta atá ag na hoibrithe is cuma ann nó as IS – is é sin le rá, go gcosnófar iad agus go gcuirfear an rialú duinelárnach chun feidhme.’

Dúirt an Leas-Aire Nowakowska go bhfuil deiseanna iontacha á gcruthú ag IS i saol na hoibre, do na gnólachtaí ar mian leo cúrsaí táirgiúlachta agus iomaíochais a fheabhsú, ach go bhfuil údar imní ann freisin faoin tionchar a d’fhéadfadh sé a imirt ar an bhfostaíocht, sláinte agus sábháilteacht na n-oibrithe, dálaí oibre, cáilíocht fhoriomlán na bpost, agus ról an idirphlé shóisialta.

Glacadh na tuairime maidir leis an Intleacht shaorga atá chun tairbhe don oibrí maille le frituairim

Tar éis na díospóireachta sa suí iomlánach, ghlac CESE an tuairim féintionscnaimh Ar son intleacht shaorga atá chun tairbhe don oibrí: deiseanna na hintleachta saorga a ghlacadh chugainn agus na rioscaí a mhaolú a mhéid a bhaineann le beartais fostaíochta agus beartais an mhargaidh saothair, leis an rapóirtéir Franca Salis-Madinier. Glacadh an tuairim le 142 vóta ina fabhar, 103 vóta ina coinne, agus 14 staonadh. Níor thacaigh Grúpa na bhFostóirí in CESE léi agus rinne sé frituairim a chur síos.

Leagann CESE béim sa tuairim ar an ról ríthábhachtach atá ag na comhpháirtithe sóisialta agus ag rannpháirtíocht na n-oibrithe maidir le cearta bunúsacha oibrithe a chaomhnú agus maidir le IS ‘iontaofa’ a chur chun cinn i saol na hoibre. De réir na tuairime seo, ba cheart na rialacha atá ann cheana féin a úsáid le dul i ngleic leis na bearnaí i gcosaint chearta na n-oibrithe ag an obair agus lena áirithiú go mbeidh smacht ag an duine daonna i gcónaí ar na hidirghníomhaíochtaí uile idir daoine agus meaisíní.

Cuireadh an fhriththuairim ó Ghrúpa na bhFostóirí leis an tuairim. Mhínigh comhaltaí an ghrúpa sin go raibh ag an Aontas cheana féin, dar leo, na huirlisí a theastódh le réabhlóid IS a chur chun tairbhe, agus gur leor an creat dlíthiúil reatha le húsáid gan tuisliú IS a chur chun cinn. (lm)