An ghníomhaireacht úrnua le haghaidh nuacht aeráide sa Liotuáin, Climate Reporters, tá sé d’aidhm aici dul i ngleic leis an tuirse atá le brath i dtaca le tuairisciú aeráide agus ábhar an athraithe aeráide a thabhairt chun tosaigh arís i gcláir oibre eagarthóireachta. Sampla eisceachtúil den iriseoireacht rannpháirtíochta is ea go mbaineann Climate Reporters úsáid as an gcumarsáid mar aon leis an ngníomhú ar son na haeráide chun oideachas a chur ar dhaoine faoin athrú aeráide agus chun guth a thabhairt do Mháthair na Cruinne le linn na géarchéime comhshaoil seo.

Le Rūta Trainytė

Bunaíodh an ghníomhaireacht le haghaidh nuacht aeráide, Climate Reporters, i mbliana sa Liotuáin. Is tionscnamh é atá á reáchtáil ag eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna) agus is sampla é den iriseoireacht rannpháirtíochta. Tá sé d’aidhm ag an ngníomhaireacht nuachta cabhrú le hiriseoirí tuairisciú ar ghnéithe éagsúla den ghéarchéim chomhshaoil. Chuige sin, déanann foireann na gníomhaireachta téacsanna a dhréachtú agus cuirtear ar aghaidh ansin iad chuig na hoifigí eagarthóireachta.

Is pobal gníomhaithe a dhéanann obair na gníomhaireachta. Iriseoirí, speisialtóirí sa chaidreamh poiblí, ionadaithe ó ENRanna, gníomhaithe agus eolaithe a scríobhann na téacsanna, nó i mbeagán focal, daoine atá buartha faoina bhfuil ag tarlú agus a dteastaíonn athrú sóisialta uathu. Is iad na daoine céanna sin atá ar an mbord do Climate Reporters freisin. Is faoin mbord sin atá sé a chinntiú gur tionscnamh iontaofa é an tionscnamh nua.

Ní inniu ná inné a tháinig Climate Reporters chun cinn i saol na cumarsáide agus tá taithí shuntasach faighte acu cheana féin ar an gcaidreamh poiblí, ar chúrsaí eagarthóireachta agus ar thairseacha gréasáin a chruthú agus a bhainistiú. Tá cur amach acu ar chúrsaí aeráide freisin. Sin mar ar tháinig an tionscnamh ar an bhfód. Dírímid ar na buanna is mó atá againn agus sinn ag gníomhú ar son na haeráide san am céanna. Is sinne a labhraíonn thar ceann Mháthair na Cruinne le linn na géarchéime comhshaoil seo.

Táimid i dteagmháil le hiriseoirí, ar ndóigh. Creidtear go forleathan sna hoifigí eagarthóireachta nach bhfuil spéis ag an bpobal sa nuacht aeráide agus gurb íseal an ráta cliceála ina leith. Ní fhoilsíonn siad ailt a bhfuil na téarmaí ‘athrú aeráide’ nó ‘géarchéim aeráide’ ina gceannlínte orthu. Cad is ‘séanadh na géarchéime aeráide’ ann? An é go bhfuiltear ag iarraidh an tsochaí a chosaint ar dhrochscéalta agus imní?

Seans nach bhfuil sé chomh holc sin. Is líonmhar na scéalta nuachta a thagann isteach sna hoifigí eagarthóireachta chuile lá, rud atá deacair a phróiseáil ar an láthair, gan trácht ar mhíreanna nuachta a chur ar fáil a bhaineann leis an aeráid. Chomh maith leis sin, bheadh ar na hiriseoirí a bheith ar an eolas faoin ábhar. Is linne a bhaineann an chuid seo den scéal; an chéad chéim eile atá le glacadh ag Climate Reporters is ea oiliúint a chur ar iriseoirí. Is léir gur gá d’iriseoirí an tsaincheist a thuiscint chun an glas snasú a sheachaint.

Rogha eile is ea grúpaí áirithe a mhúineadh faoin athrú aeráide ar bhealach tarraingteach. Thar aon ní eile, ba mhaith linn teagmháil a dhéanamh le daoine óga, agus tuigimid anois gur maith an smaoineamh é an greann a úsáid chuige sin. Ní fios go fóill cén chruth a bheidh air seo sa todhchaí, ach sin iad na smaointe atá againn go dtí seo.

Tá an ghníomhaireacht nuachta ar an bhfód le sé mhí anuas anois. Tá a fhios againn ón taithí atá againn go mbeidh foighne de dhíth orainn. Leanfaimid orainn de na míreanna nuachta a thabhairt d’aon ghnó do na hoifigí eagarthóireachta. Tá ár dtéacsanna á bhfoilsiú cheana féin ar mhórardáin nuachta na Liotuáine, agus tá cuirí faighte againn freastal ar chláir raidió.

Lena dheimhniú gur obair eagarthóireachta ar ardchaighdeán a bheidh ar siúl againn, is ríthábhachtach an ní é go bhfaighimid tacaíocht shuntasach ó eagraíochtaí comhshaoil na Liotuáine, go bhfuil ár n-eagraíochtaí ina mball de líonraí idirnáisiúnta ENRanna, go nglacann ár mbaill páirt i meithleacha ar leibhéal an Aontais agus go ndéanann siad ionadaíocht ar an Liotuáin in CESE. De thoradh an méid sin ar fad, is féidir linn raon ábhar níos leithne a chumhdach agus an t-eolas is déanaí a bheith againn i gcónaí maidir le cúrsaí reatha.

Is é Kęstutis Kupšys, comhalta CESE, duine de thionscnóirí an tionscadail ach is iomaí nasc eile atá againn le CESE. Is féidir le comhaltaí CESE taithí ábhartha óna dtíortha féin a roinnt chun an nuacht aeráide a fhoilsíonn Climate Reporters a threisiú. I ndáil leis an méid sin, labhraíomar le déanaí le Arnaud Schwartz, Francach atá ina chomhalta de CESE, ag an gCruinniú Mullaigh Domhanda maidir leis an mBithéagsúlacht (COP16). Mar thoradh ar na léargais a roinn sé linn go díreach ó Cali, bhí Climate Reporters in ann alt a fhoilsiú. Níorbh fhada go raibh a chuid smaointe le léamh sna meáin ag pobal na Liotuáine. Is léir go n-oibríonn an tsamhail sin, ina n-úsáidtear saineolas chomhaltaí CESE chun nuacht dhomhanda a scaipeadh go héifeachtach ar phobail áitiúla, agus is ar an ábhar sin a leanfaimid den tsamhail sin a úsáid arís amach anseo.

Is í Rūta Trainytė an t-eagarthóir ar an ngníomhaireacht nuachta aeráide ‘Climate Reporters’. Tá an ghníomhaireacht mar chuid den tionscadal ŽALINK atá maoinithe ag an stát. Tá an tionscadal, atá á reáchtáil ag Comhghuaillíocht na dTomhaltóirí, an tArdán maidir le Comhar um Fhorbairt agus an eagraíocht neamhrialtasach ‘An Geilleagar Ciorclach’, á mhaoiniú ag an gClár um Athrú Aeráide atá curtha ar bun ag Gníomhaireacht Bainistíochta Tionscadal Comhshaoil de chuid Aireacht Comhshaoil Phoblacht na Liotuáine.