Rinne Tatiana Povalyaeva ionadaíocht thar ceann na hÚcráine ag Leatsa an Eoraip, Abair Leat! (YEYS) i mbliana, áit a raibh sí lena mic léinn. Múinteoir meánscoile in Kharkiv is ea í, agus sheas sí os comhair a ranga don uair dheireanach i mí Feabhra 2022. Is ag múineadh ar líne atá sí ó shin i leith. Déanann sí cur síos ar na dúshláin atá roimpi mar oideoir i mbaile mór díreach 40 ciliméadar ó theorainn na Rúise, áit a bhfuil ionsaí gan staonadh á dhéanamh air ó thús an chogaidh.

Mar oideoir, mar mhúinteoir, cén tionchar a bhí ag an gcogadh ar do chumas múinteoireachta agus ar an gcóras oideachais i gcoitinne san Úcráin?

Sa lá atá inniu ann in Kharkiv, is ar líne a dhéantar an scolaíocht i nach mór chuile scoil toisc nach bhfuil dóthain ionaid dídine againn chun ár ndaltaí a choinneáil slán le linn ranganna ar an láthair. Is amhlaidh atá le trí bliana anois agus an 23 Feabhra 2022 an uair dheireanach a chonaic mé na daltaí os mo chomhair sa seomra ranga.  Is iomaí dalta atá tar éis an tír a fhágáil - ní raibh an dara rogha acu. Tá cónaí orthu anois i dtíortha éagsúla ar fud na hEorpa agus mar mhúinteoir, téann sin go smior ionam. Braithim uaim mo chuid daltaí agus tá a fhios agam go bhfuil siad ag streachailt le cuid mhaith rudaí. Uaireanta bíonn orthu freastal ar scoileanna Eorpacha agus scoileanna na hÚcráine araon. Is ualach ollmhór é sin orthu. Idir an dá linn, muidne atá san Úcráin go fóill, táimid de shíor i mbaol. Níl sé ceart ná coir do dhuine ar bith.

Seo an chéad uair riamh dúinn ag múineadh daltaí agus ag tacú leo le linn cogaidh. An rud is mó a bhíonn ag dó na geirbe agam is ea go bhfuil roinnt daltaí ann nach bhfuilim in ann cabhrú leo. Uaireanta níl an t-eolas ná an taithí chuí agam chun déileáil lena bhfadhbanna sláinte arb é strus agus éifeachtaí an struis is cúis leo. Tá athruithe ollmhóra tagtha ar phearsantachtaí daltaí áirithe mar gheall ar neamhord struis iarthrámaigh. I gcásanna den sórt sin, is cabhair dochtúra atá de dhíth orthu seachas cabhair an mhúinteora. Goilleann sé ort nuair a thuigeann tú nach féidir leat na daltaí a chosaint ar chruachás an tsaoil seo. Mar sin féin, fanaimid gar dár ndaltaí, réidh chun cabhrú leo agus chun tacú leo agus chun aire a thabhairt dóibh.

Deacracht eile is ea leanúint de bheith athléimneach mé féin chun gur féidir le mo dhaltaí brath orm, ní hamháin i dtaca le saol na scoile ach i ngnéithe eile den saol freisin. Is fearr is féidir le múinteoir láidir athléimneach tacú leis na daltaí ach conas is féidir linn an neart sin a choinneáil; sin í an cheist. Tá an oiread tacaíochta de dhíth ar mhúinteoirí atá ag maireachtáil agus ag obair le linn cogaidh agus a theastaíonn ó aon duine eile toisc go bhfuilimid ag tacú leis na leanaí arb iad ár dtodhchaí iad. Dá dhearfaí an múinteoir, is ea is mó tacaíocht agus cúram a fhaigheann an dalta.

Cén fáth a gceapann tú go bhfuil sé tábhachtach na dhaltaí a spreagadh chun spéis a bheith acu sa saol polaitiúil nó sa saol sibhialta nó chun páirt a ghlacadh in imeachtaí idirnáisiúnta cosúil leis an gceann seo?

Ar cheann de thascanna bunriachtanacha na múinteoirí is ea ár ndaltaí a spreagadh le bheith gníomhach. Tá sé níos tábhachtaí fós iad a spreagadh le bheith rannpháirteach sa saol polaitiúil, ós rud é go bhfuil tionchar suntasach ag an bpolaitíocht ar shaol na ndaoine. Tugann sé deis luachmhar teacht ar smaointe agus réitigh ar chuid mhaith de na fadhbanna atá os ár gcomhair sa lá atá inniu ann.

Trí fhreastal ar imeachtaí idirnáisiúnta ar nós Leatsa an Eoraip, Abair Leat!, is féidir le mic léinn compánaigh agus lucht tacaíochta a aimsiú chun a gcuid smaointe a roinnt, oibriú le chéile chun na réitigh is fearr a bhaint amach, agus taithí luachmhar a mhalartú. Gan amhras, nuair a bhuaileann daltaí lena bpiaraí, tugtar deis dóibh machnamh a dhéanamh ar a fhorásaí atá siad, ar na pleananna, na spriocanna agus na dearcthaí atá acu, agus ar an gcineál fáis phearsanta a d’fhéadfadh maitheas a dhéanamh dóibh go fóill.

Dá bhféadfá rud ar bith a rá le múinteoirí eile nó le scoileanna eile, cad ba mhaith leat a rá mar mhúinteoir san Úcráin faoi láthair?

Níl ach trí phointe agam ar mhaith liom a roinnt le mo chomhghleacaithe agus lena ndaltaí. Ar an gcéad dul síos, más mian leat eolas ceart a bheith agat faoin gcogadh, fiafraigh de na daoine sin a bhfuil cónaí orthu san áit a bhfuil an cogadh ar siúl.

Ar an dara dul síos, bíodh tuiscint agaibh ar a thábhachtaí atá sé a bheith aontaithe chun cabhrú le daoine eile agus a bheith réidh chun teagmhais thurraingeacha a chosc. Bíodh tuiscint agaibh freisin ar a thábhachtaí atá sé a bheith mar chuid de phobal láidir a bhfuil luachanna, leasanna agus ionchais mhorálta chomhroinnte aige don todhchaí.

Ar an tríú dul síos, an rud is dearfaí ná go bhfuilimid beo. Mairimid, bímid ag streachailt agus bainimid torthaí amach. Cuirimid feabhas orainn féin; tá súil againn go dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí agus déanaimid cuid mhaith chun a chruthú go bhfuil dóchas agus tart ann don saol, fiú i gcaitheamh na dtréimhsí is deacra. Tá meas againn orthu siúd a dhéanann a saol a íobairt dár dtodhchaí neamhspleách, agus cabhraímid leo a mhéid is féidir. Táimid buíoch as gach uile duine a chuidíonn linn.

Glacann daltaí na hÚcráine páirt i roinnt mhaith imeachtaí intíre agus idirnáisiúnta, comórtais agus sna Cluichí Oilimpeacha, áit a mbaineann siad torthaí iontacha amach agus ina dtuilleann siad aitheantas ar fud an domhain. Ag an am céanna, táimid ag foghlaim conas maireachtáil go fisiciúil, go hintleachtúil agus go mothúchánach sna dálaí maireachtála is deacra dá bhfuil ann, a bhfuil tionchar thar na bearta acu ar ár saol i gcroílár na hEorpa.

Tá Tatiana Povalyaeva ag múineadh Béarla ag Kharkiv Lyceum 99 san Úcráin le beagnach 26 bliana anuas. Ghlac sí páirt i mbliana i Leatsa an Eoraip, Abair Leat! (YEYS) áit a raibh sí lena mic léinn.