European Economic
and Social Committee
Bheadh praghas ró-ard le híoc dá dteipfeadh ar an margadh aonair
Le Emilie Prouzet
Tá tionchar díreach ag mífheidhmiú an mhargaidh aonair ar an gcostas maireachtála agus is oth le CESE go bhfuil cúrsaí ag dul in olcas. Níos mó ná riamh, is é an costas maireachtála príomhábhar imní ár gcomhshaoránach, go háirithe do dhaoine óga. Is iad na 94.6 milliún Eorpach atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta na daoine is mó atá thíos leis.
Measann CAI go bhfuil bacainní neamhtharaife laistigh den Aontas coibhéiseach le dleachtanna custaim thart ar 44 % ar earraí, rud atá trí oiread níos mó ná na bacainní idir stáit na Stát Aontaithe, ós rud é gur gnáth an rud é anois an comparáid sin a dhéanamh. I margadh na seirbhísí, ardaíonn an figiúr sin go 110 %!
Bia, tithíocht, fuinneamh, cúram sláinte, oideachas: is iomaí réimse a ndéantar difear dóibh, agus tá tionscnaimh Eorpacha ann ina leith. Ní mór dúinn uile dul sa bhearna bhaoil: na Ballstáit, oibreoirí príobháideacha agus an Coimisiún Eorpach sa ról atá aige mar Chaomhnóir na gConarthaí. Déanfaidh mé trí cinn de na príomh-mholtaí a rinneadh sa tuarascáil a lua.
I dtús báire, ní mór dúinn aghaidh a thabhairt go práinneach ar shrianta soláthair críochacha agus ar dheighilt náisiúnta ag oibreoirí príobháideacha, rud a chuireann srian ar an iomaíocht agus a mbíonn praghsanna níos airde do thomhaltóirí dá bharr. Ceithre bhilliún dollar déag: is é sin an costas breise ar thomhaltóirí gach bliain, de réir staidéar a rinne an tAirmheán Comhpháirteach Taighde in 2020. Agus an boilsciú á chur san áireamh, luíonn sé le ciall gurb é an phríomhsprioc atá acu anois feabhas a chur ar an margadh aonair. Tá an Coimisiún ag obair leis, trí bhíthin an Tascfhórsa um Fhorfheidhmiú an Mhargaidh Aonair (SMET) go príomha, chun an cuspóir sin a bhaint amach. Cé go bhfuil an fhadhb casta, cuireadh tograí chun cinn. Déanaimis measúnú ar an tionchar a bheidh acu agus déanaimis dul chun cinn tapa i ndáil leis an tsaincheist.
Molaimid freisin dlús a chur le himeachtaí in aghaidh rialacha náisiúnta a sháraíonn dlí an Aontais. Ba cheart dúinn scrúdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht go mbeadh urghairí eatramhacha ann i gcoinne sáruithe soiléire ar rialacha an Aontais. Níor cheart dúinn cead a thabhairt bacainní a chur i bhfeidhm. Bíonn iarmhairtí díreacha de dheasca gníomhaíochtaí caomhnaitheacha Ballstát áirithe. Cén tuairim atá againn faoi chógais a d’fhéadfadh dul in éag sula ndéantar iad a atreorú chuig a gceann scríbe?
Ar deireadh, tá sé de dhualgas orainn teacht ar chur chuige cothrom idir ardchaighdeáin a chaomhnú maidir le hinbhuanaitheacht, dea-bhail agus cosaint an lucht saothair ar an taobh amháin agus ualaí riaracháin nach bhfuil gá leo a laghdú agus trádáil trasteorann a éascú chun margadh aonair atá cothrom agus iomaíoch a chothú ar an taobh eile.