Thug 15ú Duais na Sochaí Sibhialta de chuid CESE aitheantas do thriúr buaiteoirí, duine ón tSlóvaic, duine ón mBeilg agus duine ón bhFrainc, as an obair spreagúil atá déanta acu chun dul i ngleic leis an deighilt dhiúltach ar fud na hEorpa. Foilsodh na buaiteoirí an 20 Márta ag searmanas bronnta le linn Sheachtain na Sochaí Sibhialta.  

Roinneadh airgead na duaise ar an triúr ceannródaithe. EUR 14000 an chéad duais. Bronnadh EUR 9 000 ar an mbeirt a bhí sa dara agus sa tríú háit.

AN CHÉAD DUAIS: Comhlachas Díospóireachta na Slóvaice d’Oilimpiad na Smaointeoireachta Criticiúla

Is ENR é Comhlachas Díospóireachta na Slóvaice (SDA) sa tSlóvaic. Is é is misean dóibh an oscailteacht agus an smaointeoireacht chriticiúil a chur chun cinn, agus an tsaoránacht ghníomhach a chothú i measc óige na Slóvaice. Trí bhíthin sraith clár, múineann SDA do dhaoine óga fíricí agus tuairimí féín, a gcuid argóintí féin a mhúnlú, agus machnamh a dhéanamh go géarchúiseach ar an ábhar a fhoilsítear sna meáin chun foinsí inchreidte faisnéise a aimsiú. Nuair atá sin á dhéanamh ag an eagraíocht, cruthaíonn sí spás le haghaidh díospóireacht oscailte phoiblí faoi na príomh-shaincheisteanna atá le plé ag sochaí na Slóvaice.

Oilimpiad na Smaointeoireachta Criticiúla (CTO) ar cheann de na cláir is rathúla. Is in 2021 a seoladh é. Tá glacadh leis go forleathan cheana féin, agus bhí beagnach 9000 dalta ó bhreis agus 300 scoil páirteach ann anuraidh. Is comórtas é an tionscadal nuálach seo a chothaíonn an athléimneacht i gcoinne na mífhaisnéise i measc mac léinn. Is beag srian ar an mbréagaisnéis sa tSlóvaic: níl aon mhuinín ach ag 61 % de mhuintir na Slóvaice as na meáin agus creideann níos mó ná a leath díobh sna teoiricí comhcheilge. Oibríonn CTO chun aghaidh a thabhairt go díreach ar an dúshlán sin tríd an litearthacht sna meáin a fhorbairt agus nósanna tomhaltais a athrú i measc na ndaoine óga.

Is ar thrí aoisghrúpa daltaí atá an comórtas dírithe (gráid 8-13), grúpa ina mbíonn ar rannpháirtithe aghaidh a thabhairt ar réimse dúshlán iarbhír sna meáin i dtrí bhabhta. Tá na tascanna deartha chun léiriú a dhéanamh ar ábhar a bhféadfadh daltaí teacht faoina anáil sa saol laethúil. Déanann siad anailís ar fhíseáin TikTok, seiceálann siad ábhar atá cruthaithe ag IS, déanann siad meastóireacht ar phostálacha Instagram, agus déanann siad iarracht dealú a dhéanamh idir an réaltacht agus an mhífhaisnéis. Glacann na daltaí páirt i mbabhta labhartha poiblí freisin, áit a gcaithfidh siad a gcuid argóintí a chur i láthair lucht a gcomhaoise.

‘Cuidíonn Oilimpiad na Smaointeoireachta Chriticiúla leis an tsochaí a dhípholarú trí na mílte mac léinn a theagasc chun dul i ngleic le dearcthaí éagsúla, claontachtaí cognaíocha a aithint agus a dtuairim a chur in iúl ar bhealach cuiditheach,’ arsa Richard Vaško, bunaitheoir agus comhordaitheoir an chláir. ‘Ach an smaointeoireacht chriticiúil agus litearthacht sna meáin a neartú tríd an idirghabháil seo atá bunaithe ar scileanna, cuirimid ar chumas na ndaoine óga seasamh i gcoinne na mífhaisnéise agus dul i ngleic le díospóireachtaí sochaíocha go caolchúiseach.’

AN DARA DUAIS: Reporters d’Espoirs sa Fhrainc le haghaidh Prix Européen Jeunes Reporters d’Espoirs

Is eagraíocht neamhbhrabúis Fhrancach é Reporters of Hope. Is in 2003 a bunaíodh í. Ise a chuir tús le ‘hiriseoireacht na réiteach’. Cineál iiriseoireachta é seo atá á chleachtadh go forleathan feasta. Féachann sé le freagraí a thabhairt ar na dúshláin atá le sárú ag an tsochaí sa lá atá inniu ann. Spreagann an eagraíocht iriseoirí chun an meon dearfach sin a chleachtadh, agus tugann sí urraim do na nuálaíochtaí tuairiscithe agus eagarthóireachta is fearr d’iriseoirí agus do dhaoine óga trí bhíthin na ngradam a bhronnann sí.

Is tionscnamh é an Prix Européen Jeunes Reporters d’Espoirs chun luach saothair agus oiliúint a chur ar iriseoirí in iriseoireacht na réiteach sa Fhraincis. Tugann an clár ilghnéitheach deis d’iarrthóirí iriseoireacht na réiteach a fhoghlaim a bhuíochas le cúrsa ar líne a reáchtáltar i gcomhar le Scoil Iriseoireachta Aix-Marseille. Cuirtear meantóir le gach iarrthóir freisin chun feabhas a chur ar a chuid scileanna scríbhneoireachta agus labhartha agus cuirtear oiliúint orthu i roghnú na bhfocal. Tugtar cuireadh do bhuaiteoirí freisin chuig Páras le haghaidh turas foghlama 48 n-uair an chloig ina mbuaileann siad le hiriseoirí eile atá ar aon dearcadh leo, sin agus le saineolaithe ó gach cearn den Eoraip. Dámhtar duaiseanna luach EUR 10,000 san iomlán do sheisear buaiteoirí ansin.

‘Is gné bhunúsach de mhodh iriseoireacht na réiteach an polarú a chomhrac: is éard atá i gceist leis castacht an tsaoil a léiriú, éagsúlacht na ngníomhaithe ar gach leibhéal agus i ngach tír, más i bhfochair a chéile é nó ar a gconlán féin, agus cur síos á dhéanamh san am céanna ar an acmhainn atá ann tionscnaimh áitiúla a scaipeadh,’ arsa Gilles Vanderpooten, stiúrthóir Reporters d’Espoirs.

Le linn na chéad trí heagrán, fuair an duais breis agus 400 iarratas ó 25 thír. Tá an chuma ar san scéal faoi seo go mbeidh os cionn 300 iarratas ann le haghaidh an cheathrú heagrán. Tá tacaíocht tugtha ag an eagraíocht do bhreis agus 75 iarrthóir chun máistreacht a fháil ar a bhFraincis scríofa agus labhartha.

Is furasta an smaoineamh a mhacasamhlú, agus tá an fhoireann i mbun plé le hiriseoirí sa Spáinn, san Iodáil agus sa Bheilg chun dul i gcomhar leo agus chun an duais a scaipeadh a thuilleadh.

‘Is é an uaillmhian atá againn an duais ó shaol labhartha na Fraincise a leathnú go teangacha eile de chuid an Aontais Eorpaigh,’ arsa an tUasal Vanderpooten. ‘Is rud ríthábhachtach seo chun níos mó agus níos mó daoine óga a spreagadh chun páirt a ghlacadh in ‘Eoraip na réiteach’.’

AN TRÍÚ DUAIS: FEC Diversité asbl sa Bheilg as an tionscadal ESCAPE GAME EXTREME DROITE POUR SE DÉSINTOXIQUER

San Eoraip agus ar fud an domhain, tá idé-eolaíochtaí na heite deise ag baint greim amach. Tá páirtithe atá i bhfad ar dheis ag dul chun cinn agus tá ag méadú ar an bpobalachas. Cheap an eagraíocht neamhbhrabúsach Bheilgeach FEC Diversité bealach chun cur i gcoinne na dtuairimí sin i measc múinteoirí, ceardchumann agus i measc na ngnáthshaoránach.

Is cluiche éalaithe é ESCAPE GAME EXTREME DROITE POUR SE DÉSINTOXIQUER a ligeann do na himreoirí iad féin a ‘dhí-éilliú’ ó smaointe na heite sin ar bhealach spraíúil tarraingteach. Cuirtear in iúl do na himreoirí go bhfuil siad ionfhabhtaithe le hidé-eolaíochtaí atá i bhfad ar dheis agus ní mór dóibh iad féin a dhí-éilliú trí shraith cúraimí. Fad atá sin á dhéanamh acu, foghlaimíonn siad cé chomh fada agus a scaiptear smaointe ar an eite dheis agus cé chomh mór a mhéadaítear iad anonn agus anall tríd an tsochaí.

Ceithre cheantar atá sa chluiche, agus bíonn ar na himreoirí pas a fháil i ngach ceann acu. I gCeantar A, glacann na rannpháirtithe páirt i bplé maidir le na heite deise antoiscí san ionad oibre, trí idirghníomhaíochtaí le 19 rud. I gCeantar B, léann na himreoirí sleachta as teistiméireachtaí na n-imirceach chun a dturas isteach san Eoraip a thuiscint. I gCeantar C, tá sraith íomhánna ag gabháil le fuaim ‘cúrsaí friotail ar an eite dheis’. Feiceann muintir Cheantar D tuairisc ar pháirtí atá i bhfad ar dheis sula gcríochnaíonn siad na crosfhocail.

Áirítear sa chluiche tumpháirteach traenálaithe atá gléasta i gcultacha frithgháis agus maisc, agus saobhadh déanta ar a nglór. Is é an smaoineamh atá ann, trí na dúshláin éagsúla, na cúig chéadfa a úsáid chun an taithí baile a thabhairt go fírinneach agus feasacht a mhúscailt maidir le tábhacht an scéil don daonlathas san Eoraip.

Ó seoladh é i mí an Mheithimh 2023, d’éirigh leis beagnach 1000 gníomhaí a ‘dhíthocsainiú’, agus scaip an scéal i measc na gceardchumann, na n-eagraíochtaí agus scoileanna na n-oibrithe sa Bheilg agus níos faide i gcéin. Tháinig rannpháirtithe ón bhFrainc agus ón mBulgáir chun an cluiche a imirt d’fhonn é a athchruthú in áiteanna eile.

‘Is cúis bhróid dúinn uirlis nuálach oideachais a bheith forbartha againn le dul i ngleic le ceist na smaointe atá i bhfad ar dheis ar bhealach tarraingteach idirghníomhach,’ arsa Malika Borbouse ó FEC Diversité. ‘Ach idirphlé agus machnamh comhchoiteann a chothú, chuidigh ár dtionscnamh leis an teannas a laghdú agus sochaí níos cuimsithí a chur chun cinn.’