European Economic
and Social Committee
Dúshláin choiteanna do thodhchaí na hEorpa á bplé ag cathaoirligh CESE agus Choiste na Réigiún
Ag seisiún iomlánach Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) i mí Iúil, phléigh cathaoirleach Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, Christa Schweng, agus cathaoirleach nuathofa Choiste Eorpach na Réigiún (CnaR), Vasco Alves Cordeiro, na hionchais nua atá ann don chomhghníomhaíocht agus don chomhar idir an dá choiste.
Ag oscailt na díospóireachta di, is éard a dúirt Christa Schweng, cathaoirleach CESE, gurbh í cosaint thogra na hEorpa ba dhual don dá choiste riamh, agus gur luachmhar an t-ionchur atá déanta acu sa togra. ‘Ós í uair na cinniúna í faoi láthair, ós amhlaidh atá an Eoraip faoi bhrú ar gach taobh, is tábhachtaí anois ná riamh beart a dhéanamh i gcomhar le chéile agus an Eoraip a thabhairt i ngaire dá cuid saoránach,’ ar sí.
Bhí an tUasal Cordeiro ar aon intinn léi faoin tábhacht a bhaineann leis an gcomhar oibre idir CESE agus CnaR ó thaobh na polaitíochta de, go mór mór faoi láthair nuair is crua don Aontas. ‘Idir téarnamh na forbartha tar éis na paindéime agus neartú an daonlathais san Eoraip, idir aghaidh a thabhairt ar an gcogadh i gcoinne na hÚcráine agus na hiarmhairtí sóisialta agus eacnamaíocha a bheidh air agus an beartas comhtháthaithe a chosaint: is é leas an dá choiste, agus is dá gcuid freagrachtaí araon labhairt de ghlór glan glé agus an tAontas Eorpach a thabhairt chun cinn,’ ar sé.
An Eoraip a bheith níos láidire agus níos córa ná mar atá, mar aon leis an mBeartas Comhtháite a neartú, ag sin an dá phríomhchuspóir atá ag cathaoirleach nuathofa CnaR. Is de chuspóirí CESE iad sin chomh maith, agus tacaíonn CESE leo. An Eoraip a bheith níos láidre ó thaobh an daonlathais de, fágfaidh sin luachanna láidre ag an Aontas, agus fágfaidh sé prionsabail a bhunaithe aici, an tsaoirse agus an urraim do dhínit an duine, mar shampla, an smacht reachta agus an daonlathas; an Eoraip agus í níos córa le cur ar son chomhionannas na n-inscní agus ar son sochaí chuimsitheach. Is lárnach an ról atá ag an dara tosaíocht, an Beartas Comhtháthaithe, leis an gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú san Aontas Eorpach. Dúirt an tUasal Cordeiro go ndéanfadh CnaR an beartas comhtháite a chosaint go díograiseach roimh an díospóireacht mhór a bheidh ann faoi bhuiséad an Aontais tar éis 2027.
Chuir Christa Shweng béim ar a thábhachtaí atá rannpháirtíocht na saoránach i bpróiseas an Aontais. Arsa sí: ‘ba cheart dúinn tuilleadh oibre a dhéanamh as láimh a chéile i leith na ceiste seo.’ Dúirt sí go bhféadfar sin a dhéanamh go praiticiúil ach a mbeifear i mbun na hoibre leantaí ar an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa (CoFoE). “Is deis an-mhaith atá sa Chomhdháil, ach is mór an fhreagracht atá ann freisin i leith na saoránach”. a dúirt an tUasal Schweng. ‘Caithfimid a bheith soiléir faoi rannpháirtíocht na saoránach a chumhachtú,’ arsa an tUasal Cordeiro.
Le linn na díospóireachta a bhí ann ina dhiaidh sin, is éard a dúirt cathaoirleach Ghrúpa Eagras na Sochaí Sibhialta sa CESE Séamus Boland: ‘Táimidne sa CESE ar aon sprioc lenár gcomhghleacaithe i gCoiste na Réigiún, is é sin a chinntiú go mbeidh rochtain ag na daoine a ndéanaimid ionadaíocht orthu ar sheirbhísí poiblí nuair atá gá acu leo. Má oibrímid lámh ar láimh le chéile, tig linn riachtanais na ndaoine a fhágtar ar lár de dheasca na bochtaineachta nó an eisiata a chur in iúl go paiteanta.’
Maidir le cathaoirleach Ghrúpa Fostaitheoirí CESE, Stefano Mallia, chuir seisean ról an bheartais chomhtháite i bhfáth is é sin borradh a chur faoin bhfás agus faoin rathúnas agus an gá atá le timpeallacht ghnó a chruthú ina dtiocfaidh biseach ar ghnólachtaí nuálacha idir bheag agus mhór. De réir mar a deir an tUasal Mallia, is ionann an Eoraip féin a neartú agus na geilleagair a neartú, faoi mar is ionann sin agus Margadh Aonair a mbeidh teacht aniar ann, agus dálaí níos fearr le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin nua.
Ba dhíol sásaimh do chathaoirleach Ghrúpa na nOibrithe Oliver Röpke tiomantas mór chathaoirleach nuathofa ChnaR do neartú na hEorpa, agus í a bheith níos córa, agus do neartú an daonlathais. Leag sé béim freisin ar an ról comhlántach atá ag an dá choiste. Thug sé suntas don chomhar le CnaR i gcur chun feidhme na Comhdhála faoi Thodhchaí na hEorpa, agus dúirt sé go ndéanfadh an dá choiste a seacht ndícheall ar son rannpháirtíocht na saoránach.
Chuir cathaoirligh an dá choiste béim ar a dtiomantas féin don chomhoibriú i dtreo neartú na hEorpa agus í a bheith níos córa, agus ar an tiomantas atá acu a chinntiú go dtabharfar éisteacht dóibh siúd atá gníomhach i measc na ndaoine. (ab)