Agus é ag cur leis an idirphlé maidir leis an aistriú i dtreo sochaí aeráidneodrach, d’iarr Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) go ndéanfaí tuilleadh gníomhaíochta chun tionscal gloine na hEorpa a chosaint.

Tá CESE ag iarraidh ar lucht ceaptha beartas an Aontais earnáil na gloine a chur i gcroílár na dtosaíochtaí beartais atá ann faoi láthair amhail an pacáiste ‘Fit for 55’, an Pacáiste le haghaidh Geilleagar Ciorclach, an Clár Oibre Digiteach, an clár oibre um shlabhraí luacha straitéiseacha agus beartas trádála idirnáisiúnta an Aontais agus ionstraimí gaolmhara.

Chuir Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) fáilte roimh bheartais an Aontais a thacaíonn le tionscal na gloine le go bhféadfar aistriú chuig sochaí aeráidneodrach. Feictear dó go mbeadh tionscnamh an Aontais, ‘Rabharta Athchóiriúcháin’, ina fhoinse ollmhór deiseanna gnó in earnáil na gloine, rud a spreagfadh infheistíochtaí agus a chuirfeadh go mór le laghdú na n‑astaíochtaí CO2 ó fhoirgnimh. Mar sin féin, mhol CESE go láidir go ndéanfaí aistriú fuinnimh laistigh d’earnáil na gloine freisin, earnáil a gheobhaidh tacaíocht airgeadais do chaiteachas caipitil agus do chaiteachas oibríochtúil araon agus nach mbeidh neamhchosanta ar iomaíocht éagórach ó thíortha lasmuigh de mhargadh an Aontais.

Sa tuairim féintionscnaimh uaidh faoin ábhar, a glacadh ag an seisiún iomlánach i mí Dheireadh Fómhair, d’iarr CESE go ndéanfaí an iliomad gníomhaíochtaí go comhuaineach chun tionscal gloine níos glaise agus níos fuinneamhéifeachtúla a bhaint amach agus, ag an am céanna, an t-iomaíochas a fheabhsú agus poist ardcháilíochta a chothabháil.

‘Tá gloine i ngach áit, mar shampla san iompar, sa tógáil, sa chosaint agus i bhfóin chliste. Chun leas iomlán a bhaint as acmhainneacht na margaí gloine nua agus na dúshláin atá ag baint leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach a chomhlíonadh, ní mór don Aontas Eorpach straitéis tionsclaíochta a bheith aige don ghloine’, a dúirt rapóirtéir na tuairime, Aurel Laurenţiu Plosceanu.

Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an bParlaimint beartais AE nua a fhorbairt maidir le spriocanna aeráide agus slabhraí luacha straitéiseacha d’fhonn táirgeadh ceall fótavoltach san Eoraip a atosú agus táirgeadh táirgí gloine straitéiseacha eile agus na slabhraí luacha lena mbaineann siad a chosaint.

Tugann CESE faoi deara go bhfuil cor cinniúnach roimh thionscal gloine na hEorpa. Ar thaobh amháin, beidh ar an tionscal gloine déileáil leis na claochluithe struchtúracha a ghabhann leis an aistriú digiteach agus an t-aistriú glas. Beidh ar an táirgeadh a bheith neodrach ó thaobh carbóin de agus ciorclach i gceann tríocha bliain, agus beidh na próisis níos uathoibrí agus níos digití fós sna blianta amach romhainn.

Ar an taobh eile, beidh an ghloine ar thús cadhnaíochta sna haistrithe sin agus beidh deiseanna nua gnó ann do go leor táirgí gloine sna blianta amach romhainn.

‘Ba cheart don Aontas Eorpach gloine a aicmiú mar ábhar buan agus ba cheart dó aitheantas a thabhairt do na buntáistí a bhaineann le rannchuidiú le córais inbhuanaithe phacáistíochta agus le prionsabail an gheilleagair chiorclaigh. Tá féidearthachtaí móra ann poist nua a chruthú san earnáil athchúrsála gloine agus chun oibrithe cumasacha nua a mhealladh,’ arsa Gerald Kreuzer, comhrapóirtéir na tuairime.

Mar sin, áitíonn CESE ar an Aontas Eorpach a aithint go bhfuil an ghloine fíor-riachtanach chun fuinneamh glas a tháirgeadh. (ks)