Leis na rátaí mortlaíochta iomarcacha le linn ghéarchéim na paindéime seo, nochtadh fadhbanna struchtúracha agus córasacha sa tsamhail chúraim do thithe altranais. Ina theannta sin, léiríonn an t-ardú san ionchas saoil agus an líon níos mó daoine scothaosta a bheidh ann sna blianta atá le teacht dá bharr, gur gá athchóiriú a dhéanamh ar an tsamhail chúraim.

I measc na bpríomhdhúshlán a sainaithníodh le linn éisteacht CESE ‘I dtreo samhail chúraim nua do dhaoine scothaosta: ag foghlaim ó phaindéim COVID-19’ tá, conas inrochtaineacht, inacmhainneacht agus cáilíocht chúraim níos fearr a ráthú, chomh maith le líon leordhóthanach oibrithe cúraim a bhfuil dálaí oibre feabhsaithe acu.  Cuirfidh an t-ionchur ón éisteacht seo le tuairim féintionscnaimh atá á hullmhú ag an gCoiste ar an ábhar sin.

Dúirt rapóirtéir na tuairime, Miguel Ángel Cabra de Luna, an méid seo a leanas: ‘ní cur chuige cuimsitheach i leith aosaithe atá i gceist leis an tuairim seo, ach díriú ar shaincheist an chúraim do dhaoine scothaosta mar gurbh iadsan ba mhó a bhí thíos le paindéim COVID-19.

Le linn na héisteachta, cuireadh samhlacha cúraim sláinte ó na Ballstáit i láthair ina léirítear na cineálacha cur chuige agus na deacrachtaí éagsúla atá ann de dheasca na paindéime.

De réir na tuarascála maidir le cúram fadtéarmach a dhréachtaigh an Coimisiún Eorpach agus an Coiste um Chosaint Shóisialta in 2021, táthar ag súil leis go dtiocfaidh méadú soiléir ar an éileamh ar chúram fadtéarmach mar thoradh ar aosú an daonra. Tuartar go dtiocfaidh méadú 41 % ar líon na ndaoine atá 65 bliana d’aois nó níos sine, i.e. go 130.1 milliún duine, sa 30 bliain atá amach romhainn.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Maciej Kucharczyk, ardrúnaí AGE Platform Europe: ‘is deis í an fhorbairt ar chórais chúraim mhaithe agus is trí sheirbhísí is féidir tacú le neamhspleáchas daoine, saoirse agus cáilíocht na beatha’.

Seo an méid a dúirt Tuscany Bell, ó Chónaidhm Eorpach na gCeardchumann Seirbhíse Poiblí (EPSU): ‘d’fhonn seirbhís leordhóthanach a sholáthar do dhaoine a bhfuil cúram de dhíth orthu, teastaíonn dálaí oibre iomchuí uainn agus leibhéal leordhóthanach pearsanra cáilithe. I ndáiríre, ní leor líon na n-oibrithe cúraim chun aire a thabhairt don dúrud daoine’.

Mar gheall ar a chineál trasearnála agus go mbaineann an t-aosú gníomhach le beartais eacnamaíocha agus shóisialta, tá gá le comhordú idir seirbhísí sóisialta agus sláinte agus cúram fadtéarmach níos inrochtana, nithe a ligfidh do dhaoine scothaosta saol faoi dhínit a bheith acu. (at)